Déagóirí

Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit, sed do labore et dolore adipiscing elit sed do labore. Find out more

Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile
Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile
Gabriel Rosenstock
Joe McLaren a mhaisigh

Foilseofar Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile (leabhar agus dánphóstaeir) go luath.
Julian an Mhaighdean Mhara
Julian an Mhaighdean Mhara
Jessica Love
Shanna Ní Rabhartaigh agus Gillian Nic Ionmhain a d'aistrigh

Lá amháin, agus é ar an traein abhaile lena mhamó, feiceann Julian triúr ban gealgháireach atá gléasta go maisiúil galánta. Tá a gcuid gruaige ildaite á séideadh sa ghaoth agus ag bun a ngúnaí tá eireaball éisc. Tá a gcuid áthais tógálach. Nuair a bhaineann Julian an teach amach tá sé fós ag smaoineamh ar an splanc draíochta a chonaic sé ar an traein. Ba mhaith leis gléasadh suas mar mhaighdean mhara ar nós na mban sin ar an traein, agus cromann sé ar a fheisteas snasta féin a chur le chéile.   Ach cad a shílfidh Mamó nuair a
Féach Thart – Eolaíocht (Rang 6) Leabhar Oibre
Féach Thart – Eolaíocht (Rang 6) Leabhar Oibre
Máire Ní Ghallchobhair

Cad is luamhán ann? Conas a oibríonn an néarchóras? Cén fáth a mbíonn blas searbh ar líomóidí? Céard is cúis le tintreach? Tá freagraí na gceisteanna thuas, agus mórán ceisteanna eolaíochta eile, le fáil sa leabhar seo agus sna sleamhnáin a ghabhann leis. Pléitear 19 dtéama eolaíochta sa leabhar oibre cuimsitheach seo do Rang 6, agus iad uile bunaithe ar an gcuraclam OSIE – Eolaíocht. Úsáidtear an leabhar seo i gcomhar le sraitheanna sleamhnán ar shuíomh gréasáin an Ghúim a ullmhaíodh go speisialta don tsraith Féach Thart – Eolaíocht.
Inis Seo Dom! Cén fáth a bhfuil Salann san Fharraige?
Inis Seo Dom! Cén fáth a bhfuil Salann san Fharraige?
Anita Ganeri
Gareth Lucas a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh

Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat. Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: Cén dath atá ar an Muir Rua? Conas a análaíonn éisc agus iad san uisce? Cad is feacht aigéin ann? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró. Is údar í Anita Ganeri a bhfuil go leor duaiseanna buaite aici
Inis Seo Dom! Cén fáth a mbíonn Sciatháin ar Eitleáin?
Inis Seo Dom! Cén fáth a mbíonn Sciatháin ar Eitleáin?
Christopher Maynard
Josy Bloggs a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh

Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat.  Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: An féidir le gluaisrothar eitilt? Cén cineál báid a mbíonn rothaí uirthi? Cad a bhí sa traein vaigíní? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró. Is údar agus eagarthóir é Christopher Maynard a bhíonn ag scríobh in irisí do
Inis Seo Dom! Cén fáth a mbíonn Duilleoga ar Chrainn?
Inis Seo Dom! Cén fáth a mbíonn Duilleoga ar Chrainn?
Andrew Charman
Gareth Lucas a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh

Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat.  Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: Cén planda is meas boladh? An itheann daoine féar? Cén fáth a mbíonn dealga ar chrainn? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró. Is údar é Andrew Charman a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige as a chuid scríbhneoireachta
Inis Seo Dom! Cén fáth a gcuireann an Nathair a Craiceann di?
Inis Seo Dom! Cén fáth a gcuireann an Nathair a Craiceann di?
Amanda O'Neill
Gareth Lucas a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh

Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat.  Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: Cén reiptíl is cineálta mar mháthair? Cén t-ábhar gáire atá ag an gcrogall? Cén turtar a bhfuil drochbholadh uaidh? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró sa leabhar iontach seo le Amanda O’ Neill. Aistriúchán snasta eile é seo le Pól Mac
Inis Seo Dom! Cén fáth a bhfuil Dronn ar an gCamall?
Inis Seo Dom! Cén fáth a bhfuil Dronn ar an gCamall?
Anita Ganeri
Gareth Lucas a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh

Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat.  Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: An bhfuil nim i ngach nathair? Cén t-iasc a dhreapann crainn? Cé chomh gasta is atá an síota? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró. Is údar í Anita Ganeri a bhfuil go leor duaiseanna buaite aici as a
Asailín Abú!
Asailín Abú!
Pauline Devine
Fergal O'Connor a mhaisigh

Tá Mamó agus na hainmhithe beaga ag obair go crua leis na glasraí i ngairdín Mhamó a chur ag fás. Síos leo go dtí an trá chun feamainn a bhailiú. Cabhróidh an fheamainn leis na plandaí fás. Ach, cad seo? Tá asal gonta ar an trá! Cad a bhain don asal in aon chor agus cad a d’fhág sa riocht sin é? Pé rud a bhain dó, ní mór aire mhaith a thabhairt dó chun go dtiocfaidh biseach air. Agus níl dream níos fearr chun é sin a dhéanamh ná Mamó agus a cairde.   Ón údar céanna leis an
Eachtraí Saíd
Eachtraí Saíd
Josep Lorman
Róisín Sheehy a d'aistrigh

Déanann Saíd, Maracach óg, an turas contúirteach trasna na farraige go dtí an Spáinn féachaint lena bheatha a shaothrú. Ach ní éasca an saol é d’imirceach óg atá tar éis fód an dúchais a fhágaint ina dhiaidh, agus is iomaí constaic a bhíonn sa tslí air. Don imirceach óg, is eachtra é an saol agus é lán de sholas agus scáth. Aistriúchán é seo de chuid Róisín Sheehy ar an úrscéal Catalóinise L’aventura de Saïd le Josep Lorman. 
Níl Éisc le Trust
Níl Éisc le Trust
Neil Sharpson
Dan Santat a mhaisigh

An bhfuil éisc le trust? Sin í an cheist mhór atá á plé sa leabhar conspóideach seo, leabhar atá ar maos le greann. Cuirfidh an leabhar seo ag machnamh thú ar na héisc agus ar a gcuid dóigheanna aisteacha, mar shampla: Cad chuige a gcaitheann siad a gcuid ama uile san uisce, áit nach bhfeictear iad?  Tá cuid acu chomh mór le bus – níl sin ceart!  Tugtar ‘scoil’ ar ghrúpa éisc, ach cad é atá siad a fhoghlaim sna ‘scoileanna’ seo?  An bhfuil sé i gceist acu deireadh a chur linn? Tá an leabhar seo lán eolais agus spraoi
Bran ar Scoil
Bran ar Scoil
Eric Hill

Is madra mór é Bran anois! Tá sé ag dul ar scoil den chéad uair inniu! 
Tugann Bran Cuairt ar an bhFeirm
Tugann Bran Cuairt ar an bhFeirm
Eric Hill

Déanann Bran cairde nua ar an bhfeirm, ach cé hiad?
Oíche mhaith, a Bhrain!
Oíche mhaith, a Bhrain!
Eric Hill

Tá sé ag éirí déanach. Cabhraigh le Bran ‘Oíche mhaith!’ a rá le gach duine sula dtéann sé a chodladh. 
Misneach i mBeithil
Misneach i mBeithil
Gabrielle Ní Mheachair

Fergal O’Connor a mhaisigh. AR FÁIL ANOIS Is luch bheag é Seán. Tá sé bréan den rírá ar fad sa bhaile. Níl uaidh ach a theachín féin agus beagán suaimhnis. Ach tá cúpla rud sa tslí air – an margadh agus … an cat! An mbeidh Seán in ann a mhisneach a bhailiú agus a chruthú go bhfuil sé in ann ag an saol mór? 
Micí Meabhrach
Micí Meabhrach
Simon James. Uinsionn Ó Domhnaill a rinne an leagan Gaeilge

Tar anseo go bhfeicfidh tu an babaí úr. Tig leis an páipéar a léamh agus a chóiriú. Agus bíonn sé ag obair san ospideál nuair nach mbíonn sé amuigh sa spás!
Fuinneamh is Fáilte
Fuinneamh is Fáilte
Agnieska Biskup

Cén chaoi a n-eitlíonn éan? Cén chaoi a snámhann iasc? Cén chaoi a mbíonn tusa féin in ann siúl nó rith. Na heachtráin a chastar orthu sa leabhar seo eachtraíonn siad an bhaint ríthábhachtach atá ag an bhfuinneamh le gach gné dár saol agus tugann siad freagra ar na ceisteanna is mó amuigh. Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh agus eolas as an ngreannán spraíúil, sothuigthe seo.
An Corpán sa Trunc
An Corpán sa Trunc
Cathal Ó Sándair

‘A Bhriain, a chara, deirim leat go bhfuil troid romhainn. Ní bhfaighimid trócaire ar bith; ní dhéanfaimid trócaire ach chomh beag. Tá an namhaid sa daingean cheana féin. Caithfear é a ruaigeadh gan mhoill, nó beimid ródhéanach.’ Nuair a thuirlingíonn trunc mistéireach ag doras Chaitlín Mhic Gearailt, is beag coinne atá aici leis an uafás atá istigh ann: corpán a fir céile. Bhí an Garda óg Seán Mac Gearailt ar mhisean sár-rúnda do Malcolm Ó Conchubhair, Cheannaire an Bhrainse Lorgaireachta, é ag fiosrú buíon coirpeach atá i bhfad ró-eolach ar ghníomhaíochtaí rúnda na nGardaí agus an Rialtais. Níl aon amhras
Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh
Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh
Cathal Ó Sándair

‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé! Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí is fearr sa tír, ar an bpáirc imeartha. Ach cérbh é an Glaimhíneach seo, i ndáiríre? Cad a bhí ar siúl aige go ndearnadh é a lámhach go poiblí? Agus cé na dreamanna amhrasacha a raibh sé ag obair dóibh? Ar ámharaí an tsaoil bhí Réics Carló, an lorgaire phríobháideach is fearr sa tír, agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, i láthair ag an gcluiche. An mbeidh siadsan in
Nuachtlitir Fhoras na Gaeilge_an Gúm
Nuachtlitir Fhoras na Gaeilge_an Gúm
Leabhair Nua ón nGúm 2023
Leabhair Nua ón nGúm 2023
Atlas Bunscoile
Atlas Bunscoile
Eagarthóir Comhairleach: Máire Ní Ghallchobhair

Atlas cuimsitheach do dhaltaí Rang 3 ar aghaidh An t-eolas is déanaí maidir le tíortha an domhain Leagan amach soiléir agus íomhánna tarraingteacha Treoir maidir le conas léarscáileanna a léamh agus a úsáid Áis traschuraclaim ina gclúdaítear réimse leathan téamaí Foinse úsáideach don obair ranga agus d’obair thionscadail na ndaltaí Bileoga Gníomhaíochtaí Tá pacáiste de bhileoga gníomhaíochtaí bunaithe ar Atlas Bunscoile ar fáil le híoslódáil ar an leathanach seo. Áis iontach é seo do mhúinteoirí ar suim leo tógáil ar na scileanna tíreolaíochta atá forbartha ag a gcuid daltaí agus ar an eolas atá acu ar thíortha an domhain.  
Idir Shúgradh agus Dáiríre
Idir Shúgradh agus Dáiríre
Máirtín Ó Cadhain

Is é Idir Shúgradh agus Dáiríre an chéad chnuasach gearrscéalta ó Mháirtín Ó Cadhain. Tá cuid dá ghearrscéalta ar sheoda na litríochta nua-aimseartha. Is é Cré na Cille an t-úrscéal is úire agus is bunúsaí a tháinig ó aon scríbhneoir Éireannach ó aimsir Joyce. D’athchruthaigh Ó Cadhain prós na Gaeilge agus d’fhág léitheoirí is scríbhneoirí na Gaeilge araon faoi chomaoin mhór aige. Fuair sé bás sa bhliain 1970.
An Braon Broghach
An Braon Broghach
Máirtín Ó Cadhain

Is sa dara cnuasach gearrscéalta seo, An Braon Broghach, a tháinig Máirtín Ó Cadhain chun aibíochta mar ghearrscéalaí. Ní hé go raibh sé tar éis a bhuaic mar scríbhneoir a bhaint amach – dáiríre, ní raibh sé ach ag tosú – ach bhí a thréimse phromhaidh istigh. Is sa leabhar seo a chruthaigh Ó Cadhain a mháistreacht – ar an teanga agus ar an ábhar. Is ann a thug sé aghaidh den chéad uair ar an gcathair mar ábhar scríbhneoireachta. Tá cuid dá ghearrscéalta ar sheoda na litríochta nua-aimseartha. Is é Cré na Cille an t-úrscéal is úire agus is
Áiteanna Iontacha Aisteacha
Áiteanna Iontacha Aisteacha
Miralda Colombo

Prev 1of3 Next   Máire Ní Chualáin a rinne an leagan Gaeilge Leabhar do pháistí 8 – 12 bliana d’aois. Tar linn ar aistear ar fud an domhain chun cuairt a thabhairt ar 15 iontas de dhéantús an duine. Ní inniu ná inné a tógadh cuid de na háiteanna iontacha aisteacha a fheicfidh tú ar an turas seo, ach na céadta nó na mílte bliain ó shin. Cuid eile acu is le déanaí a tógadh iad agus tá ceann amháin acu fós á tógáil, fiú. Is cuma ársa nó úrnua iad, tá áilleacht, éachtaí agus eachtraí ag baint le gach
Croí an Teaghlaigh an Grá
Croí an Teaghlaigh an Grá
Sophie Beer

Cibé acu is mamaí amháin nó beirt atá agat, daidí amháin nó beirt, tuismitheoir amháin, nó mamaí agus daidí, is é an rud a fhágann gur teaghlach sibh ná…GRÁ       Prev 1of2 Next
Céilim agus an Sneachta
Céilim agus an Sneachta
Megan Ní Ifearnáin a scríobh | Vince Reid a mhaisigh

‘Ó, a leainín! Thit sneachta le linn na hoíche!’ Seo chugainn an geimhreadh agus tá sneachta sa ghairdín. Cén spórt a bheidh ag Céilim agus ag Mamaí inniu?
Céilim sa Choill
Céilim sa Choill
Megan Ní Ifearnáin a scríobh | Vince Reid a mhaisigh

Seo chugainn an fómhar. Tá Céilim agus Mamaí ag siúl sa choill. Ach an dtiocfaidh Céilim slán ón bpuiteach?
Céilim ar Laethana Saoire
Céilim ar Laethana Saoire
Megan Ní Ifearnáin a scríobh | Vince Reid a mhaisigh

Seo chugainn an samhradh agus tá Céilim agus Mamaí ar laethanta saoire. Ach cá rachaidh siad? Chuig an trá? Chuig an bpáirc spraoi?
Céilim ar an bhFeirm
Céilim ar an bhFeirm
Megan Ní Ifearnáin | Vince Reid a mhaisigh

Seo chugainn an t-earrach. Tá Céilim agus Mamaí ar an bhfeirm. Tá ainmhithe beaga agus ainmhithe móra ann. Ach cad eile a fheicfidh siad?   DATHAIGH LEAT! Tá 4 bhileog dhathúcháin bunaithe ar léaráidí na sraithe Céilim agus Rírá ar fáil. Féadfaidh tuismitheoirí nó múinteoirí iad a íoslódáil sa bhaile nó sa seomra ranga agus páistí a chur á ndathú. Tá na bileoga dhathúcháin ar fáil ANSEO  
1 - 30 of 112 items