Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit, sed do labore et dolore adipiscing elit sed do labore. Find out more
An Scéim: An Gúm 1926-2016
Cnuasach Aistí Gníomh dóchais agus misnigh a bhí i mbunú an Ghúim in 1926. Bhí droch‑chaoi ar an tír agus créachtaí an Chogaidh Chathartha fós ag déanamh braoin, ach ba mheabhrú é ar a thábhachtaí a bhí an Ghaeilge sa stát nua bunú na scéime chun ábhar léitheoireachta Gaeilge a chur ar fáil don phobal ag an am. Mar chomóradh ar nócha bliain a bhunaithe reáchtáladh comhdháil lae ar an nGúm i mí Dheireadh Fómhair 2016 i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá téacs iomlánaithe na gcainteanna a tugadh an lá sin ar fáil anois sa chnuasach aistí seo.
Bronntanas breá samhraidh is ea Gairdín Mháire na mBláth, an saothar is déanaí ó Tatyana Feeney. Leabhar aoibhinn álainn é seo a chuirfidh gliondar ar an té a léifidh é. Scéal cairdis agus comhluadair is ea Gairdín Mháire na mBláth. Feiceann Máire na mBláth lá amháin nach bhfuil aon bhláthanna ag fás sa scoil áitiúil. Socraíonn sí dul chun na scoile agus cabhrú leis na daltaí gairdín scoile a chur. Oibríonn sí féin agus na páistí as lámha a chéile agus cuireann siad gairdín breá ag fás taobh leis an scoil. Ach cad faoi ghairdín Mháire féin? Níl cuma rómhaith
SÉIDEÁN SÍ – Úrscéal nua don chlár léitheoireachta do pháistí sna hardranganna. Níl dúil ar bith ag Dáibhí Ó Dalaigh sna scéalta traidisiúnta ná sna piseoga. Dar leis, níl sna scéalta faoi Naomh Gobnait agus an Gadaí Dubh ach seafóid. Ach braitheann Dáibhí draíocht dhomhínithe éigin agus é ar strae tráthnóna dorcha i dTeampall Naomh Gobnait. An eol don Ghadaí an choir atá déanta ag Dáibhí? An bhfuil fírinne ag baint leis na piseoga? Trácht sna meáin faoin leabhar: Nós.ie The Corkman
Leagan nua véarsaíochta de scéal Chochaillín Dearg atá sa leabhar seo. I riocht dráma atá sé curtha i láthair agus beidh sé an-oiriúnach le léiriú mar dhráma ranga. Tá liosta suimiúil carachtar ann móide treoracha soiléire ón údar maidir lena chur ar stáitse ar bhealach simplí samhlaíoch. Duine de mhórúdar saothar do dhaoine óga í Áine Ní Ghlinn. Ceapadh ina Laureate na nÓg í in 2020. The story of Little Red Riding Hood retold in verse and presented in the form of a drama that could be staged in a primary school setting.
Is fada an lá ó thosaigh an file Gabriel Rosenstock ag plé le healaín an haiku. Tugann sé léargas suimiúil spraíúil dúinn sa leabhar gleoite seo ar dhomhan iontach an haiku. Ar an aos óg á an saothar dírithe ach bainfidh idir óg agus aosta sásamh as go cinnte.
Bairbre Ní Chuanaigh a scríobh Sheena Dempsey a mhaisigh
Éist anseo le húdar na leabhar seo agus í faoi agallamh ar an glcár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta. 42 nóiméad isteach sa chlár atá an t-agallamh. Cloch mhíle ag gach leanbh slán a fhágáil leis na clúidíní agus dul ar an bpota den chéad uair. Is é an dála céanna é ag Bláithín agus Oisín sna leabhair ghleoite seo le Bairbre Ní Chuanaigh atá foilsithe ag An Gúm. Tá treoir, tacaíocht agus cairt traenála ar fáil ag an mbeirt seo agus iad ag dul i mbun ealaín nua a fhoghlaim agus a chleachtadh. Is mór an t-údar misnigh
S. Sí – Leabhar an Dalta, Leabhairíní & Úrscéalta Ranga
Chomh maith leis na háiseanna digiteacha atá ar fáil ar www.seideansi.ie tá fáil ar an leathanach seo ar na hábhair seo a leanas: Leabhair an Dalta Leabhairíní agus úrscéalta ranga N. Bheaga
Leabhar álainn é seo ina gcuirtear na focail i láthair an pháiste ar bhealach spraíúil. Tá neart le feiceáil sa bhaile mór! Beimid ag faire amach do na feithiclí móra, ag breathnú sna siopaí agus ag spraoi sa pháirc.
Bhuaigh an saothar seo gradam Buaicshaothar Próis na Bliana ag Oireachtas 2018. ‘Cad ba mhaith leat anois?’ Ní raibh tuairim agam cad a bhí uaim. Conas a bheadh? ‘Imeacht, is dócha,’ arsa mise, mar b’in iad na focail a tháinig amach. ‘Imeacht in áit éigin nach n-aithneofaí mé.’ Tá Lucy ag streachailt leis an saol: a tuismitheoirí, an scoil, a cairde, a smaointe féin fiú. An dtiocfadh léi saol álainn a bheith aici mar atá ag Clúimhín, an cat? Agus dá mbronnfaí saol an chait uirthi, an mbeadh sí sásta leis? Úrscéal tuisceanach, cliste, greannmhar don aos óg ó dhuine
Is Capall Cainte é Brí agus is giolla bocht é Seasta. Socraíonn siad ar imeacht as tír na Calairméine agus saol an sclábhaí a fhágáil ina ndiaidh. Ní fada ar an bhóthar iad go gcastar beirt eile orthu atá ag éalú fosta – an cailín uasal Aravios agus a compánach féin, Capall Cainte eile darb ainm Bhuin. Tiocfaidh an ceathrar seo i gcabhair ar Nairnia in am an éigin agus foghlaimeoidh Seasta nach bhfuil aon dul ón chinniúint. Seo an dara leabhar i sraith cháiliúil Croinicí Nairnia atá aistrithe ag Antain Mac Lochlainn. Tá bailchríoch chomh paiteanta, snasta céanna curtha
Bhí an ghrian go hard sa spéir. Thosaigh na hainmhithe móra ag gearán. ‘Tá an ghrian i bhfad róthe!’ arsa an buabhall uisce. ‘Tá,’ arsa an eilifint. ‘B’fhearr liom é mura n-éireodh sí in aon chor!’ Chuala an ghrian ag caint iad. Shocraigh sí nach n-éireodh sí lá arna mhárach ná an lá ina dhiaidh sin. Stailc! I scéal seo na gréine, agus i scéalta An Eala Órga trí chéile, tugann Gabriel Rosenstock, mar aon lena chomhealaíontóir, Brian Fitzgerald, ar thuras geal i bhfad is i gcéin muid. Seo againn Gúrú na Gaeilge agus é i mbarr a réime. Léigh
Aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn ar shaothar cáiliúil C.S. Lewis. Cuirtear ceathrar páistí amach as Londain i rith an Darga Cogadh Domhanda chun éalú ó na buamaí atá ag titim ar an gcathair. Cuirtear go teach seanduine iad i lár na tuaithe. Nuair a osclaíonn Lucy, an duine is óige, an prios éadaigh, tagann na páistí ar dhomhan iontach a bhfuil draíocht agus eachtraí i ndán dóibh ann.
An uair dheireanach a casadh Tomás Mac Lannchaidh agus a theaghlach orainn in Turas go Meiriceá bhí siad tar éis an t-aistear fada as Éirinn siar go Meiriceá a chur díobh. Bhí idir bhrón is ghliondar ag baint leis an aistear céanna. Anois tá siad réidh le dul i dtír agus saol nua a réiteach dóibh féin san Oileán Úr; tús a chur le haistear cinniúnach eile.
Meaitseáil an focal le pictiúr! Leabhar álainn é seo atá breaclán de dheiseanna foghlama don duine óg ó éirí na gréine go dtí am soip! Beidh an leabhar taitneamhach seo ina áis sa naíonra agus sa bhaile araon.
J.M. Barrie Máiréad Ní Ghráda a rinne an leagan Gaeilge
Foilsíodh eagrán nua de Dracula cúpla bliain ó shin agus tá curtha leis sin anois Tír na Deo, atheagrán de leagan cáiliúil Mháiréad Ní Ghráda de Peter Pan. Ba sa bhliain 1938 a chéadfhoilsigh an Gúm Tír na Deo. Ní aistriúchán díreach ar cheann ar bith de na heagráin Bhéarla de Peter Pan a bhí sa saothar, ach athinsint Ghaeilge ar an scéal ó pheann Mháiréad Ní Ghráda. Tá an litriú tugtha de réir an chaighdeáin oifigiúil san eagrán athchóirithe seo. Tá mar bharr maise ar an saothar seo na léaráidí sin le Mabel Lucie Atwell a chuaigh i bhfeidhm
Is ceapadóir cúnta í Pádraigín Phléascach agus ábhar spiaire lena chois sin. Tá obair mhór ar siúl ag Pádraigín. Caithfidh sí féin agus a madra, Einstein, breith ar spiaire idirnáisiúnta agus bulaí na scoile a chloí in éineacht. Cén dochar é má tharlaíonn PLÉASCADH anseo is ansiúd feadh na slí agus an obair thábhachtach sin ar siúl aici! Eliza Boom is having a blast. With her dog, Einstein, she’s on a mission to catch a spy – and banish the class bully while she’s at it. All in a day’s work for Eliza Boom, assistant inventor … and wanna-be junior
Bíodh go luaitear an saothar seo mar úrscéal do dhéagóirí d’oirfeadh sé dá lán é a léamh chun tuiscint a fháil ar chruachás an té ar gá dó teitheadh roimh an uafás. Scéal coscrach cumhachtach á insint sa chéad phearsa. Scéal ógánaigh a thosaíonn i ndúiche atá faoi bhagairt ag cogaidh san Aifric agus a chríochnaíonn ar shráideanna dofháilteacha thuaisceart na hEorpa. Uafás agus daonnacht taobh le taobh a théann go croí cheist na hinimirce nua-aimseartha. Tá an t-úrscéal seo i measc na leabhar atá molta do dhaltaí atá ag gabháil do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí. Féadfaidh tú éisteacht leis
Tagann tógálaithe ar dhá chorp faoi chláir urláir agus iad ag obair ar shiopa Uí Raghallaigh. An chuma ar an scéal go bhfuil siad ann le fada. Dúnmharú? Más ea, cé a rinne agus cathain? Tá mistéir mhór le réiteach agus roinnt daltaí scoile thar a bheith sásta an scéal a fhiosrú.
An dara leabhar sa tsraith Scéalta Béaloidis as na ceithre hAirde a thagann sna sála ar fhoilsiú An Pota Folamh. Scéal béaloidis ón tSeapáin. Seanscéal simplí é seo a bhaineann le traidisiún béil na Seapáine. Saor cloiche is ea é Haru. Bhí sé sona sásta go dtí gur thosaigh sé ag santú na rudaí a bhí ag daoine eile. Ach má tháinig an saibhreas d’imigh an sonas. This book tells the story of the Unhappy Stonecutter, a traditional Japanese folk tale. In it, a simple stonecutter learns that you should count your blessings and be grateful for what you already have, instead of always
Cár Imigh Bran? Tá sé i bhfolach. Ardaigh na cluaisíní agus cabhraigh le Sail é a aimsiú. Where has Bran got to? Could he be hiding on us? Lift the flaps throughout the book and help his friend Sail find him.
Is mise Manchán Maximus agus lá éigin beidh mé i mo mhórlaoch. Ta an dialann seo á breacadh agam mar go bhfuil a fhios agam go gcuirfidh gach aon duine suim inti amach anseo. ldir an dá linn … ní stopann mo chuid cairde ach ag spochadh asam agus tugann Daid an chluas bhodhar dom i gcónaí agus is fearr le Mam a cuid cearc beannaithe ná a maicín calma féin. Níl an cath caillte, ina dhiaidh sin is uile! Is mise Manchán Maximus agus déanfaidh mé gaisce ar son na Róimhe fós! Dorkius Maximus is a young boy growing
Leaganacha simplí de sheanscéalta atá sa tsraith seo leabhar a scríobhadh do pháistí atá ag foghlaim na léitheoireachta. Is eagráin nua iad seo. Oireann na leabhair seo do pháisití a bhfuil roinnt focal simplí ar eolas acu agus atá ábalta abairtí gearra a léamh cheana féin. Cuideoidh an t-athrá leo líofacht a bhaint amach sa léitheoireacht. Spreagfaidh na pictiúir spéis na bpáistí sa scéal agus cuideoidh siad leo an téacs a thuiscint. De réir mar a rachaidh páistí trí na leabhair aithneoidh siad na focail agus na habairtí atá á n-athrá. Is féidir le duine fásta cuidiú leo trína n-aird a
Bairbre Ní Chuanaigh a scríobh Sheena Dempsey a mhaisigh
Éist anseo le húdar na leabhar seo agus í faoi agallamh ar an glcár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta. 42 nóiméad isteach sa chlár atá an t-agallamh. Cloch mhíle ag gach leanbh slán a fhágáil leis na clúidíní agus dul ar an bpota den chéad uair. Is é an dála céanna é ag Bláithín agus Oisín sna leabhair ghleoite seo le Bairbre Ní Chuanaigh atá foilsithe ag An Gúm. Tá treoir, tacaíocht agus cairt traenála ar fáil ag an mbeirt seo agus iad ag dul i mbun ealaín nua a fhoghlaim agus a chleachtadh. Is mór an t-údar misnigh
Niall Ó Dónaill Insíonn an Dálach mar a tháinig ann don Fhiann, mar a chaith siad saol a bhí uasal ach bruíonach, agus mar a tháinig deireadh uaigneach na Féinne de dheasca an uabhair is an díoltais.
Seán Ó Ruadháin Is é saol na tuaithe i gCo. Mhaigh Eo sa tréimhse chorrach i ndeireadh na haoise agus i dtús na haoise seo, anuas go dtí Cogadh na Saoirse, príomhthéama Pádhraic Mháire Bhán. Gaiscíoch óg meabhrach é Pádhraic a chaitheann a shaol ag comhlint ar son a mhuintire agus a thíre.
Seosamh Mac Grianna ‘Is óg i mo shaol a chonaic mé uaim é, an ród sin a bhí le mo mhian,’ a deir Seosamh Mac Grianna ina chuntas iomráiteach ar an bhealach a shiúil sé féin sa saol seo. Cuireann sé síos ar a aistear ar an ghannchuid ó lóistín go lóistín i gceantar Bhaile Átha Cliath, agus ar an dara siúlóid mhór a rinne sé ina aonar sa Bhreatain Bheag. Cuntas ionraic neamhbhalbh atá ann ar choraíocht a aigne le saol nach raibh ag teacht lena mhian, ar na heachtraí a bhain dó sa saol sin, agus ar na daoine
Maolmhaodhóg Ó Ruairc An féidir míniúchán beacht a thabhairt ar an gcumas atá ionainn na rudaí a chloisimid agus a léimid a thuiscint? An féidir an cumas sin a leathnú agus a fhorbairt? Bíodh is nach mór a bheith eolach ar stór focal agus ar ghramadach teanga, ní leor an méid sin. Bíonn tuiscint ar na gnásanna sóisialta atá intuigthe sa teanga de dhíth freisin. Is cuid dhílis de na gnásanna sin na habairtí dúchasacha nó an teanga mheafarach. Féachtar sa bhailiúchán seo d’abairtí meafaracha agus samhlaoideacha as Foclóir Gaeilge- Béarla Uí Dhónaill le léargas nua ar an teanga mheafarach