Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit, sed do labore et dolore adipiscing elit sed do labore. Find out more
Céilim agus Rírá – Pacáiste 4 Leabhar
Megan Ní Ifearnáin a scríobh | Vince Reid a mhaisigh
Tá ceithre leabhar sa tsraith nua seo le Megan Ní Ifearnáin. Bíonn eachtra nua ag Céilim agus ag Mamaí gach séasúr sa bhliain. Bíonn madra Chéilim, Rírá, ag imirt folach bíog sna léaráidí freisin. Coinnigh súil amach dó! DATHAIGH LEAT! Tá 4 bhileog dhathúcháin bunaithe ar léaráidí na sraithe seo ar fáil. Féadfaidh tuismitheoirí nó múinteoirí iad a íoslódáil sa bhaile nó sa seomra ranga agus páistí a chur á ndathú. Tá na bileoga dhathúcháin ar fáil ANSEO
‘Tá ocras orm,’ arsa Cinnín Óir. ‘Ach ní maith liom an leite atá sa bhabhla mór.’ Athinsint álainn ar an seanscéal iomráiteach atá sa leabhar seo. Tá físeán den scéal, agus Bríd Ní Neachtain á léamh, le fáil ar YouTube.
A new revised, updated and expanded edition of the best-selling Irish dictionary, with a new layout and format. Foclóir Póca has sold over half a million copies to date. English-Irish and Gaeilge-Béarla over 30,000 words and usage examples phonetic pronunciation given for all Irish translations grammatical guide with verb tables list of geographical names full pronunciation guide with sound files available at www.angum.ie
Is maith an teist é ar an dráma go bhfuil sé fós á léamh, agus níos tábhachtaí fós, á léiriú, sa lá atá inniu ann. Is saothar ríthábhachtach é, a bhronnann léargais úra orainn go fóill. An Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh (An Réamhrá) Tá cáil An Triail imithe i bhfad is i gcéin ó céadléiríodh é in 1964. Tá breis tráthúlachta leis le tamall anuas lena bhfuil tagtha chun solais go poiblí faoin tslí ar caitheadh le mná óga neamhphósta a bhí ag iompar clainne. Baineann gnéithe suaithinseacha le ceardaíocht an dráma chomh maith, leis an tslí a gcuirtear ábhar
Leabhar frásaí agus aip ghréasáin www.gaschaint.ie An raibh tú riamh ag iarraidh smaoineamh ar an leagan ceart agus tú ag labhairt Gaeilge le do pháiste? Tá réiteach na faidhbe anseo! Leabhar 2000 frása agus taifeadadh fuaime de na frásaí sin uile ar fáil ar www.gaschaint.ie freisin. Áis iontach atá ann dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a thabhairt dá gclann. Tugtar leaganacha ó na trí mhórchanúint sa leabhar agus dathchódú déanta orthu. Caint bheo na Gaeltachta atá ar an taifeadadh. Toradh is ea an pacáiste seo ar thionscadal ceannródaíoch a raibh idir chainteoirí dúchais agus daoine ar bheagán Gaeilge páirteach
Tá uaigneas agus brón ar an mhadadh bheag. Is léir nach bhfuil cabhair ar bith de dhíth ar dhuine ná ar ainmhí ar bith ar an fheirm. Níl cead aige dul ag pludaráil leis na muca, ná cuidiú leis an chapall mhór. Níl cead aige an lá a fhógairt leis an choileach, fiú. An bhfuil obair de chineál eile ar an fheirm don mhadadh bheag?
Laoise Breathnach agus Marian Breathnach a d’aistrigh go Gaeilge. Dia duit! Annie is ainm dom agus is dochtúir mé san ospidéal. Táim anseo chun insint duit faoin méid a tharlóidh más gá duit riamh teacht chuig an ospidéal le haghaidh obráide nó scanadh faoi ainéistéiseach ginearálta. Inseoidh mé chuile rud duit faoin jab iontach atá agam, faoi na daoine a mbuailfidh tú leo agus faoin gcaoi a mbraithfidh tú nuair a bheidh tú anseo! Leabhar é seo do leanaí agus dá dtuismitheoirí chun an próiseas a bhaineann le teacht isteach san ospidéal le haghaidh obráide nó scanadh faoi ainéistéiseach ginearálta
‘Táimid chun Éire a smachtú le cabhair an Eitleáin Dhofheicthe ó Thigh Mhóire go Domhnach Daoi. Déanfaimid Banc na hÉireann, Dáil Éireann, Ardoifig an Phoist agus áiteanna eile a shéideadh san aer le pléascáin. Millfimid bealaí taistil na príomhchathrach. Stopfaimid an gléas rialtais go léir. Beidh an tír uile bunoscionn.’ Tamall beag i ndiaidh meán oíche ar an 1 Feabhra 1943, déantar ionsaí fíochmhar, barbartha ar iompróir míleata agus é ar a bhealach go saotharlann rúnda i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Maraítear na saighdiúirí uile atá á thionlacan agus goidtear an lastas ríluachmhar atá istigh ann, an tEitleán Dofheicthe. Déanann na Gardaí mionscrúdú
‘Heileo! Cé sin ag caint? Réics Carló? Is mise Séamus Ó Ceallacháin. Tá rud uafásach tar éis titim amach – tá an Dochtúir imithe!’ Nuair a fhuadaítear an Dr Leon, eolaí rí‑éirimiúil atá ag obair ar aireagán sár-rúnda ar son Rialtas na hÉireann, iarrtar ar a sheanchara Réics Carló an cás a fhiosrú. Tá Réics muiníneach go n-éireoidh leis Leon a thabhairt slán – níor theip air riamh cás a réiteach. De réir mar a théann sé i mbun oibre, áfach, tuigtear dó go bhfuil rud éigin as an ngnáth ar fad faoin gcás áirithe seo. Beidh clisteacht, cúnamh agus a dhá dhorn de
Tá Azzi agus a cuid tuismitheoirí i mbaol… Níl rogha acu ach a mbaile féin a fhágáil agus éalú chuig tír eile. Téann siad a chónaí i measc strainséirí, in áit nach dtuigeann siad teanga na ndaoine. Téann Azzi i dtaithí ar na hathruithe móra ina saol go misniúil cróga, ach tá Mamó fós sa bhaile. An bhfeicfidh sí arís go deo í? Scéal corraitheach a insítear, idir phictiúir agus téacs, go lom tuisceanach. Do pháistí os cionn 10 mbliana d’aois an leabhar seo
Nuair a fheiceann Elsa, cailín óg Francach, campa gruama na dteifeach lena dhá súil féin, níl tógáil a cinn aici le náire. Ag snámhaíl sa láib atá muintir an champa agus iad ag cur fúthu i bpubaill a ligeann an t-uisce isteach. Ansin, cuireann Elsa aithne ar Shiriach óg darb ainm Bachir. Teastaíonn go géar uaithi cúnamh a thabhairt dá cara nua agus dá theaghlach … ach cad is féidir léi a dhéanamh agus gan inti ach cailín ceithre bliana déag d’aois? Aistriúchán é seo ar an leabhar móréilimh, La Cache, leis an mBeilgeach, Thierry Robberecht. Cliceáil ar an nasc
Níor thaitin an choill dhorcha le Siobhán ó bhí sí ina cailín an-óg. Bhí rud éigin aisteach ag baint leis an áit. Ach ní mór do Shiobhán aghaidh a thabhairt ar an gcoill chun cuidiú le cat atá gortaithe. Cá bhfios céard atá roimpi ag bun an chosáin chasta i lár na coille … Beagán draíochta b’fhéidir?
Is í an pheil is gaire do chroí Chlíona. Ba chuma léi ócáid ar bith a chailleadh ach a bheith in ann imirt sa chluiche craoibhe. Ach an bhfaighidh sí áit ar an bhfoireann?
An chéad Nollaig trí shúile an asail a thug an Lánúin Naofa go Beithil. Tháinig mo mháistir, Iósaf, go dtí an gort. ‘A asailín,’ ar sé ‘tá aistear romhainn – aistear fada.’ Moira Maclean a mhaisigh. Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge air. The story of the first Christmas as seen through the eyes of Joseph and Mary’s donkey. The illustrations of Moira Maclean perfectly capture the magic, mystery and joy of this glorious event.
An bhfuil tú ar thóir leabhar mar bhronntanais Nollag do chairde gaoil? Leabhair phictiúr do naíonán, leabhair scéalaíochta do léitheoirí óga, úrscéalta nó saothair neamhfhicsin. Tabhair spléachadh ar ár mbróisiúr nua go bhfeicfidh tú moltaí go leor don Nollaig seo. Browse our Christmas brochure where you will find lots of gift book ideas for readers young and old. An excerpt from all titles is included.
Torann aisteach. Tiúilipí goidte. Madra ar iarraidh. Boladh bréan. Níl aon chás róbheag ná rómhór don Cheathrar. An leabhar nótaí agus an ceamara faoi réir, ar aghaidh leis na bleachtairí beaga ar lorg leideanna. Ní mór don Cheathrar a bheith seiftiúil agus gach uile chás á fhiosrú. Le chéile tiocfaidh siad ar réiteach…
Is luchóg bheag é Seán. Níl rud ar bith a thaitníonn leis níos mó ná socrú síos ina nead agus codladh mór maith a dhéanamh. Ní mó ná sásta a bhíonn sé, mar sin, nuair a thagann cuairteoir isteach sa stábla gan choinne i lár na hoíche. An mbeidh Seán ábalta codladh na hoíche a fháil sa deireadh thiar thall? Scéilín deas is ea Suaimhneas sa Stábla agus é bunaithe ar na heachtraí a thit amach i stábla i mBeithil ar an gcéad Oíche Nollag. Leabhar a oireann go seoigh don chomhléitheoireacht idir tuismitheoirí agus leanaí 6 bliana agus os
Tá athchló á chur ar na leabhair seo faoi láthair. Beidh siad ar fáil arís sna siopaí in Earrach 2023 Sraith leabhar do naíonáin, BABAÍ BEAG. Is maith an teist ar fheabhas an chéad dá leabhar sa tsraith seo (Bia, Dathanna) gur cuireadh athchló orthu den dara huair. Mar sin is áthas linn a fhógairt go bhfuil 4 theideal nua curtha leis an tsraith anois – Dathanna, Splais! Bia Blasta agus Seo Linn! Leabhair cairtchláir ildaite le léamh ag tuismitheoirí do naíonáin. Cabhraíonn spreagadh físeach sa luathshaol le forbairt an linbh agus sna leabhair seo baintear úsáid as dathanna ardchodarsnachta
Ó bhó! Cad a dhéanfaidh na beacha nuair a scriostar an choirceog orthu? Agus cé hé an ‘bithiúnach lofa’ a rinne an dochar? Beidh ar Mhamó agus a comrádaithe beaga an scéal a réiteach gan mhoill nó baileoidh na beacha leo! Oh no! What will the bees do when their hive is destroyed? And what ‘rotten villain’ is responsible? Mamó and her little companions will have to act quickly or the bees will leave for good!
Téacs & Trialacha 3 O.D. Morris, Paul Cooke, Paul Behan Matamaitic na hArdteistiméireachta, an Gnáthleibhéal; Snáitheanna 1-5 Scríobhadh Téacs agus Trialacha 3 go speisialta chun freastal ar dhaltaí a bheidh ag gabháil do Mhatamaitic na hArdteistiméireachta ar an nGnáthleibheál. Is é atá san eagrán nua seo de Téacs agus Trialacha 3 ná eagrán iomlánaithe den leabhar a foilsíodh in 2013. Tá caibidil bhreise san eagrán seo, is é sin, Caibidil 19 Staitisticí Infeireacha. www.cogg.ie Féach suíomh gréasáin COGG mar a bhfuil fáil ar leagan PDF de Téacs & Trialacha 3 chomh maith le leagan Pdf de na téacsleabhair eile sa
An Pholaitíocht agus an tSochaí i dTuaisceart Éireann, 1949-1993
Francis T. Holohan Is é atá sa téacsleabhar seo ná An Pholaitíocht agus an tSochaí i dTuaisceart Éireann, 1949-1993, arb é Rogha 5 é sa Réimse Staidéir Staire Stair na hÉireann, 1815-1993 i Siollabas na hArdteistiméireachta. Is leagan Gaeilge é ar Politics and Society in Northern Ireland, 1949-1993. Tá sé leagtha amach sa chaoi go bhfuil sé éasca le léamh. Tá aibhsiú déanta sa téacs ar Eochairphearsana, ar Eochairchoincheapa agus ar Chás-Staidéir. Tá Gluais chuimsitheach Gaeilge-Béarla i gcúl an leabhair agus i mbun na leathanach. PDF – tugtar nasc ANSEO le teacht ar leagan Pdf den téacsleabhar seo agus de
Tatyana Feeney Gradaim Leabhar Chumann Litearthachta na hÉireann – ainmníodh an leabhar seo ar ghearrliosta an Chumainn anuraidh. Cliceáil ar an íomhá le teacht ar a thuilleadh eolais. Ceann de cheithre leabhar gleoite ó pheann Tatyana Feeney ina n-insítear scéalta barrúla faoi rudaí a dhéanann páistí óga. Tugtar thíos teideal na leabhar eile sa tsraith.
Tá an saothar seo ar na leabhair is cáiliúla dár scríobhadh i nGaeilge faoi aimsir Chogadh na Saoirse. Rianaíonn an t-údar a shaol mar bhall de Bhráithreachas na Poblachta mar Óglach agus na heachtraí a raibh sé páirteach iontu le linn Chogadh na Saoirse i gConamara agus in áiteanna eile chomh maith leis na sealanna a chaith sé i ngéibheann. Tá cur síos ann chomh maith ar dhálaí maireachtála agus sóisialta mhuintir Chonamara i dtosach an fichiú haois agus ar an obair a rinne sé mar thimire do Chonradh na Gaeilge. Rugadh an t-údar i Ros Muc sa bhliain 1887
Leabhar álainn é seo ina gcuirtear na focail i láthair an pháiste ar bhealach spraíúil. Tá neart le feiceáil sa bhaile mór! Beimid ag faire amach do na feithiclí móra, ag breathnú sna siopaí agus ag spraoi sa pháirc.
Is cailín cliste cairdiúil ciúin í Úna, atá ag fágáil slán leis an bhunscoil. Is fada le hÚna go mbeidh sí féin agus a CGD (cara go deo), Áine, imithe chun na meánscoile agus ar shiúl ón mhúinteoir a bhí acu ar feadh na mblianta, Brian Mac an T-Rex. Idir mháthair a chuireann náire uirthi, shioráif scoile, agus timpeallacht dhifriúil, tagann athrú mór ar shaol Úna nuair a bhogann sí chun na meánscoile. Idir shúgradh agus dáiríre atá an scéal spleodrach seo faoi na fadhbanna a d’fhéadfadh teacht sa bhealach ar dhuine óg ag tráth íogair ina saol.