Baoite in Amharclann na Mainistreach
Mórchoimisiún nua de chuid Amharclann na Mainistreach á léiriú ag
AN TAIBHDHEARC & AMHARCLANN NA MAINISTREACH
BAOITE
Le DARACH MAC CON IOMAIRE
Stáitse na Péacóige, Amharclann na Mainistreach
Dé hAoine 17 – Satharn 25 Bealtaine 2019 @8.00pm
Matinee 25 Bealtaine @ 2pm
Scéal cumhachtach, comhaimseartha é BAOITE faoi lánúin iascaireachta a bristear ó chéile de bharr ciúnas agus bréaga an phobail agus iad sáite in agóid in aghaidh comhlachta fracála mara. Scalann an scéinséir dramatúil seo solas lom géar ar shícé tuaithe na hÉireann – sícé an chiúnais, sícé an náire agus sícé na mbréag, trí shúile an phríomhcharachtair, Cáit.
Tá Cáit ag iarraidh gasúir. Agus a tríú hiarracht ar IVF ag teip, tá cinneadh tromchúiseach le tógáil aici – seasamh lena pobal agus iad ag cur in aghaidh na fracála – nó loic ar a muintir agus a comharsainn ar mhaithe le mian a croí féin.
Tá scoth na n-aisteoirí páirteach sa dráma seo: Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta, Diarmuid De Faoite, Sorcha Ní Chéide agus Eoin Ó Dubhghaill, le ceol nua-chumtha á chasadh beo ag Saileog Ní Cheannabháin agus Maitiú Ó Casaide. Is é an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta atá i mbun dearaidh, agus is é an t-údar Darach Mac Con Iomaire atá i mbun léirithe.
Léirithe i gComhar le:
Foras Na Gaeilge | Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath | Comhairle Cathrach na Gaillimhe
LETUILLEADH EOLAIS Á FHÁIL NÓ LE AGALLAMH A EAGRÚ DÉAN TEAGMHÁIL LE: Ciara Ní É, Poiblíocht, An Taibhdhearc ar miseciara@gmail.com
TICÉID: Róisín McGann, Press Manager, Abbey Theatre on roisin.mcgann@abbeytheatre.ie
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ
CLÁR
Dátaí: 17 - 25 May 2019
Free First Preview: 17 May 2019
Oíche oscailte: 20 May 2019
Amantaí: 8pm ( Matinee on 25 May at 2.30pm)
Áirithintí: abbeytheatre.ie
FOIREANN
Cáit: Sorcha Ní Chéide
Tom: Diarmuid De Faoite
Pat: Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta
Simon: Eoin Ó Dubhghaill
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Darach Mac Con Iomaire
Dearthóir: Seán Ó Flaithearta
Dearthóir Cultacha: Clíodhna Hallissey
Dearthóir Soilse: Susan Collins & Matt Burke
Ceoltóir: Saileog Ní Cheannabháin
Ceoltóir: Maitiú Ó Casaide
Dearthóir Ceoil/ Fuaime: Steve Lynch
Innealtóir Fuaime: Joe Bean
Bainisteoir Stáitse: Úna Ní Fhlatharta
Rigeálaí: Eoghan Ó Giobúin
Tógáil Seite: Gavin Morgan
Poiblíocht/Fotheidil: Ciara Ní É
Bainisteoir Léirithe: Féilim Ó hAoláin