Baoite le Darach Mac Con Iomaire

Mórchoimisiún nua de chuid Amharclann na Mainistreach á léiriú ag An Taibhdhearc i gcomhar le Galway International Arts Festival
Déardaoin 12 – Domhnach 22 Iúil 2018 @ 7.30pm
Matinees 14 & 22 Iúil @ 2pm 

 

“... an ciúnas a chreimfeas an ceantar seo
níos measa ceimiceán ar bith...”

Scéal cumhachtach, comhaimseartha é BAOITE faoi lánúin iascaireachta a bristear ó chéile de bharr ciúnas agus bréaga an phobail agus iad sáite in agóid in aghaidh comhlachta fracála mara. Scalann an scéinséir drámatúil seo solas lom géar ar shícé tuaithe na hÉireannsícé an chiúnais, sícé an náire, agus sícé na mbréag, trí shúile an phríomhcharachtair, Cáit.
Cáit ag iarraidh gasúir. Agus a tríú hiarracht ar IVF ag teip, cinneadh tromchúiseach le tógáil aiciseasamh lena pobal agus iad ag cur in aghaidh na fracála loic ar a muintir agus a comharsainn ar mhaithe le mian a croí féin.
scoth na n-aisteoirí páirteach sa dráma seo: Siobhan O’Kelly, Macdara Ó Fátharta, Diarmuid De Faoite agus Seán T. Ó Meallaigh, le ceol nua-chumtha á chasadh beo ag Saileog Cheannabháin agus Maitiú Ó Casaide. Is é an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta atá i mbun dearaidh, agus is é an t-údar Darach Mac Con Iomaire atá i mbun léirithe.
Beidh tóir ar thicéid don dráma seo agus moltar don phobal ar spéis leo BAOITE a fheiceáil a gcuid ticéad a chur in áirithe go luath.

“... habair tusa focalach coinnigh agat féin é,
fhaca tadais níl milleán ar éinne...”

Ticéid €25/€20 Áirithintí 091 562024
www.antaibhdhearc.com