Blag #LeChéile: Ag obair ón mbaile le Máire Treasa Ní Cheallaigh

‘Éirigh ar maidin, téigh isteach sa chith, cuir ort do chuid éadaigh agus tosaigh ag obair.’ Sin an chomhairle a thugtar do dhaoine atá ag obair ón mbaile. Go minic, moltar do dhaoine leathuair a chloig aclaíochta a dhéanamh chomh maith, nó b’fhéidir am a chaitheamh ag breathnú amach ar an ngairdín i mbun machnaimh. A luaithe a dhéantar é seo sa lá, is amhlaidh gur fearr é don duine agus don obair, a deirtear linn.

Tá brón orm má tá mé chun croí aon ghúrú táirgiúlachta a bhriseadh, ach ní oibríonn an saol mar sin. Go háirithe don té atá nua ag an gcoincheap ar fad agus nach bhfuil fiú deasc oibre sa teach acu. Nó an té go bhfuil páistí sa bhaile acu freisin. Sa chás sin, ní mór cuimhneamh go bhfuil éacht á dhéanamh agat gach lá má tá ríomhphost seolta agat.

Dhá bliain ó shin thosaigh mé ag obair ón mbaile. Idir an tsaoririseoireacht, an tsíceolaíocht agus ansin ag staidéar leighis. Thóg sé leathbhliain orm dul i dtaithí air. Thóg sé trí mhí orm glacadh leis go raibh sé in am agam oifig a dhéanamh sa seomra beag cúil. Thóg sé mí eile orm deasc beag a cheannach. Níor éirigh mé in am ar maidin. Choinnigh mé orm ag obair amach san oíche, bhí nótaí ar fud an árasáin agus rudaí ag dul amú orm. Chaill mé am. D’fhoghlaim mé go leor, ina measc, go bhfuil an saol ag obair ón mbaile crua go dtí go mbíonn do rithim agat.

Seo cúpla leid a dhéanfaidh an saol níos éasca ar an té atá ag obair ón mbaile don chéad uair.

1. Éirigh ag an am a bhíodh tú ag éirí agus tú ag taisteal chuig an obair. Bain leas as an am sin chun dul chun cinn a dhéanamh ar do chuid oibre agus gach duine eile fós sa leaba, nó dean beagáinín aclaíochta. Tuigim go raibh mé ag tabhairt amach faoi seo cheana féin, ach tá cuid den cheart ag an ngúrú. Faraor, ní thuigeann an gúrú go bhfuil sé seo an-deacair le déanamh, ní thugann sé aon tacaíocht don té atá ag iarraidh é a dhéanamh agus b’fhéidir triúr páistí sa teach chomh maith! An cleas a bhí agamsa le mé féin a tharraingt amach as an leaba ná rá liom féin, “ní bheidh tada eile inniu chomh deacair le h-éirí ón leaba ag 6.30 nuair nach bhfuil aon ghá mór leis.” Agus i ndáiríre, ní raibh. Faoin am a bhí mé amuigh aisti, agus cupán caife ólta agam, bhí an tuirse agus leisce uilig imithe. Ós ag caint ar chaife atáimid...

2. Bíodh caife deas agat! Nó caith beagáinín ama ag ullmhú tae a mbeidh dúil agat ann. Don chuid is mó againn, is briseadh deas atá sa bhraon tae, nó is andúiligh caiféin muid. Tá an saol sách dúshlánach gan déanamh gan é.

3. Cuir ort do chuid éadaigh. Ní gá go mbeadh culaith ort, nó bróga galánta, ach bíodh geansaí nó léine glan ort agus mothóidh tú go bhfuil tú ag an obair.

4. Scríobh liosta den obair atá le déanamh agat. Mura n-éireoidh leat é a chríochnú breathnaigh arís air, agus faigh amach an raibh an iomarca ar na bacáin agat, nó an raibh an t-am ag rith uait.

5. Ná bí leat féin! Ná tabhair aird ar bith ar na daoine a deir leat an fón a sheachaint. Caithfidh tú teagmháil a choinneáil leis an saol taobh amuigh, ach ná caith an lá air.

6. Más féidir é, coinnigh do chuid oibre i seomra amháin. Tabhairfaidh sé sin deis duit an doras a dhúnadh ar an lá nuair a bheidh do chuid oibre déanta. Tá sé an-éasca an iomarca ama a chaitheamh leis má tá sé thart timpeall ort.

Tá buntáistí leis an obair sa bhaile. Ní bheidh tú sáinnithe sa trácht. Beidh cúpla uair a chloig ‘nua’ agat a bhí ag dul amú ar thaisteal agus ag cruinnithe. Táimid ar fad #lechéile sa bhád beag baile seo ar feadh tamaill. Beidh laethanta ann a bheidh tú an-sásta agus laethanta eile a bheidh tú as do mheabhair. Díreach cosúil le lá san oifig!