Blag na Scéime Meantóireachta 2021: Alison Ní Mháirtín

Tugann Alison, scríbhneoir agus drámadóir faoin Scéim Meantóireachta 2021, cuntas sa bhlag thíos maidir lena taithí féin ag obair faoin meantóir Darach Mac Con Iomaire, an próiséas scríbhneoireachta, agus faoi na deiseanna oiliúna eile faoin scéim go dtí seo. 

An Scríbhneoireacht ar an mBalla

Bhí an t-ádh orm nuair a bhí sé faighte amach agam go mbeinn ag obair le Darach Mac Con Iomaire don Scéim Meantóireachta le Foras na Gaeilge. Tá sé ina aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir den scoth agus is cinnte go bhfuil eolas agat ar a chuid oibre – ó Corp agus Anam don teilifís go Baoite don stáitse.

Tá spéis choiteann againn agus mar sin, ba é an rogha loighciúil mar mheantóir é. Is deis iontach an scéim seo chun foghlaim ó ealaíontóirí difriúla a bhfuil go leor taithí acu.

Is scríbhneoir agus drámadóir mé agus chaith mé go leor blianta mar fho-eagarthóir ar nuachtáin. Ach caithfidh mé a rá nuair atá m'fhocail i gceist, tá sé i bhfad níos deacra iad a athcheartú.

Bhuel, a chairde, is é an príomhrud atá foghlamtha agam ag obair le Darach ná nuair atá scéal i gceist, níl an dialóg ach ina gairnis.

De ghnáth, san am atá caite ar aon nós, thosaigh mé gach scéal leis an gcomhrá. Tá an scríbhneoireacht ar an mballa le haghaidh drochnósanna mar sin áfach. Agus níl Béarlachas i gceist – úsáideann Darach a bhalla chun struchtúr a oibriú amach. Is féidir píosaí beaga páipéar a úsáid chun gach aicsean a leagan amach. Faightear an-léargas sa phróiseas mar tá tú ábalta a aithint go soiléir má tá aon laigí ann. Nuair a thiocfaidh an t-am chun an comhrá a scríobh, ní bheidh aon chlabaireacht ann (is dócha!).

Seachas na seisiúin lenár meantóirí, tá deiseanna eile ann chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas foilsitheoireachta trí sheisiún eolais na scéime.

Is file an-chumasach é Darach freisin agus bhí an t-ádh orm páirt a ghlacadh i gceiliúradh na Nollag le Raidió na Life (fós le cloisteáil anseo) le Réaltán Ní Leannáin, Áine Durkin, Síle Uí Ghallchoir, Ciarán Ó Maitiú, Máire Dinny Wren, Darren Ó Riagaín, Aoibheann Devlin, Aran Corcoran agus Gluais & Traic.

Tá suim mhór agam sa raidió agus dlúithe an mheáin. Scríobh mé an dán Réalta na Nollag don chlár agus seachas an deis é a léiriú don raidió, cleachtadh iontach ab é an scríbhneoireacht a léamh amach chun an rithim a oibriú amach. Agus níl aon am níos fearr chun machnamh a dhéanamh ar rithim ná anois san athbhliain!

A bhuí leis an Scéim Meantóireachta, táim ag tnúth go mór le mo bhallaí a líonadh le páipéar i mbliana agus na scoilteanna i mo scéalta a réiteach.