Blag #LeChéile: Bláthanna Fiáine le hAedín Ó Tiarnaigh

Bhí spéis agam riamh i mbláthanna fiáine. Is cuimhin liom laethanta m’óige, ag spraoi sa pháirc in aice mo thí agus ag teacht ar bhláthanna beaga bídeacha le tabhairt isteach chuig mo mham, ag fiafraí di céard a bhí iontu. Is cuimhin liom mé féin agus mé beag ag troid go fíochmhar le m’athair agus é ag iarraidh fáil réidh leis na caisearbháin sa ghairdín agus na bláthanna beaga bána ar imeall na leapacha glasraí.

 

“Fiaile atá iontu!” a bhéic sé agus a chuid foighne ag briseadh air, “Bláthanna atá iontu!” a d’fhreagair mé, chomh ceanndána agus a d’fhéadfadh cailín a bheith, ag naoi mbliana d’aois.

D’imigh laethanta m’óige go sona, sciobtha agus mheall roinnt eile mo chuid airde go dtí go raibh mé sna fichidí - lá breá samhraidh a thugas cuairt chinniúnach ar mo sheantuistí. Tá carbhán acu i mBaile an Bhuinéanaigh, Ciarraí agus is ann a bhíos ag prócáil thart i gcófra leabhar nuair a chonaiceas leabhrán beag, eolaire póca faoi na bláthanna fiáine.

Bhí neart cloiste agam cheana faoi “dandelions and daisies”, agus spéis agam iontu cinnte ach ba láidre i bhfad mo chuid spéise nuair a d’osclaíos an leabhrán sin ar bhláth buí agus ‘Crúibín cait’ clóite faoi. B’in a chonaiceas go diail, crúb beag buí, mar a bheadh ar phiscín - dá mbeadh peitil in ionad méara coise ag an bpiscín céanna. Bhí ainm Béarla an phlanda ann freisin ar ndóigh, ‘Ribbed Melilot’, ach ní raibh aon éifeacht aige sin orm, ná tuairim agam cén chiall a bhí leis ach oiread.

Bhí mé i m’Eilís i dTír na nIontas leis an leabhrán, bhí an leabhar mar poll coinín dom agus ón lá sin ar aghaidh, bhí mé faoi dhraíocht ag ainmneacha Gaeilge na mbláthanna.

Thosaigh mé ag glacadh grianghraf d’aon bhláth fiáin a chonaiceas agus bhailigh mé scéalta a bhain leis na bláthanna freisin. De réir mar a d’fhoghlaim mé fúthu - roinn mé an t-eolas ar mo chuntas pearsanta Instagram (@aedinot). Théis bliana nó mar sin á dhéanamh, bhí cartlann mhór grianghraf agus eolais agam agus rith sé liom gur cheart dom an t-eolas sin a roinnt go poiblí. Mar sin, chuir mé tús le cuntas nua ar Instagram a bheadh tiomanta go hiomlán do na bláthanna - @blathannafiaine.

D’ardaigh sé mo chroí, an méid tacaíochta a fuair mé ó dhaoine agus an méid spéise a bhí acu sa togra - ach ní raibh iontas orm. Is uafásach an cás é an coróinvíreas i láthair na huaire agus an éifeacht thubaisteach a bhaineann leis. Ach má tá buntáiste beag bídeach ag baint leis, is é sin go bhfuil moill anois ar luas lasrach an tsaoil. Tá am ag daoine chun sos a thógaint, chun tiontú ar ais ar a gcuid caitheamh aimsire. Cén caitheamh aimsire is fearr ná dul amach faoin aer sa tóir ar bhláthanna agus béaloideas?

Mar sin, oibrimis #LeChéile agus lastigh de do cheantar 2k, gabh sa tóir ar na bláthanna seo a leanas:

  • Léine Mhuire: Cuckoo-flower’ a thugtar ar an mbláth seo as Béarla, toisc go dtagann sé faoi bhláth ag an am céanna go mbíonn glór na cuaiche le cloisteáil. As Gaeilge áfach, tá sé ainmnithe i ndiaidh na Maighdine Muire, go raibh na peitil bhándearga mar léine uirthi. Coinnigh súil amach d’fhéileacáin má thagann tú trasna ar Léine Mhuire, mar is maith leo a gcuid uibheacha a bhreith ar na peitil.
  • Sailchuach: Dar leis an leabhar luibheolaíochta is ansa liom, tá dhá thuiscint ar ainmeolaíocht Ghaeilge na sailchuaiche; 1) Go bhfuil sí ainmnithe i ndiaidh na cuaiche agus a coise - “Sáil na cuaiche” nó 2) Go mbaineann sé leis an ‘cuach’, an sean-bhabhla a mbíodh daoine ag ól as fadó. Má fhéachann tú ar an tsailchuach ón taobh, is cosúil le cuach don ól í cinnte.
  • Lus na Gaoithe: Feictear an bláth seo i gcoillte timpeall na hÉireann agus na hEorpa. Is breá liom an t-ainm seo agus an íomhá a chruthaíonn sé den mbláth ag séideadh sa ghaoth. Ainm iontach eile don Lus Gaoithe a thaitníonn go mór liom ná “Nead Caillí”.
  • Duáinín an tSeanchais: Mar a thugann an t-ainm le fios, tá ról lárnach ag an mbláth seo sa seanchas. Rinneadh tae as an mbláth chun cuidiú le daoine a raibh fadhbanna croí acu agus bhí sé an-chabhrach chun créachtaí a chóiriú freisin. Baineann roinnt ainmneacha spéisiúla eile leis an mbláth céanna; “Tae na gCailleach”, Tae an Chnoic”, “Lus Croí” agus “Duán Ceannchosach” ar chuid acu.
  • Cluas Luchóige: Is breá liom go speisialta ainmneacha cosúil le “Cluas Luchóige”, a thugann le fios dúinn an chuma atá ar an mbláth le comparáid chliste a dhéanamh. Is fusa an t-ainm seo a thuiscint chomh luath is a fheiceann tú na peitil bhána a chuireann cluasa luchóige i gcuimhne dúinn. Is furasta fós sróinín beag agus eireaball a shamhlú ar an mbláth céanna…
  • Lus Cré: Bláithín beag bídeach is é an Lus Cré a fhásann i ngairdíní agus claíocha. Is mar gheall ar an mbéaloideas a bhaineann leis an mbláth seo a bhfuil an-chion go deo agam air. Chreid daoine go raibh dea-chumhacht ag baint leis na bláthanna seo agus mar gheall air sin, bhí sé de nós iad a chur in éadach daoine a bhí ag dul ag taisteal - chun iad a choinneáil slán.
  •  
  1. Más spéis leat tuilleadh a fhoghlaim faoi bhláthanna fiáine na hÉireann, molaim na foinsí seo a leanas:
  • Ar Instagram: Bígí liom ar @blathannafiaine agus ar mo chuntas pearsanta @aedinot.
  • Ar Twitter: Is fiú go mór Biodiversity Ireland a leanúint ag @BioDataCentre agus páirt a ghlacadh sa dúshlán iontach atá acu, #SpeciesADay.
  • Ar Facebook: Is breá liom an grúpa “Flora and Fauna of Ireland”. Roinntear grianghraif iontacha de bhláthanna agus ainmhithe fiáine na hÉireann ann.
  • *Sa leabharlann: Is é “Ireland’s Wild Plants: Myths, Legends and Folklore” le Niall Mac Coitir an Bíobla atá agam do bhláthanna fiáine na hÉireann. Tá gach aon rud ann; ainmeolaíocht na mbláthanna as Gaeilge agus as Béarla, leighis a bhaineann leis na bláthanna agus scéalta béaloidis a bhaineann leo chomh maith. Tá sé thar barr agus tá sé ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair chomh maith.
  • Ar líne: Úsáidim https://www.irishwildflowers.ie/ go minic chun ainm a chur ar bhláth a dtagaim air. Is féidir bláth a chuardach de réir ainm, datha, nó am na bliana.