Bronnadh Scoláireacht Mhic Dhonncha Bronnadh Ghradam Fhoras na Gaeilge

Seolfaidh Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, an seachtú heagrán den iris phiarmheasúnaithe Léann Teanga: An Reiviú ag 5.00i.n. Dé Céadaoin, an 1 Bealtaine 2019 i dTéatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Foilsítear An Reiviú mar chuid den chúrsa MA sa Léann Teanga le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Is foilseachán bliantúil é seo a thugann ardán don dioscúrsa teanga in Éirinn agus thar lear.

Bronnfaidh Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Scoláireacht Mhic Dhonncha i gcuimhne ar Joe Mac Donncha (1953-2016) ag an ócáid chéanna agus bronnfar freisin Gradam Fhoras na Gaeilge ar na scoláirí a ghnóthaigh an marc ab airde don togra aistriúcháin i mbliain na céime de chuid an BA i Léann an Aistriúcháin.

Beidh sólaistí ar fáil agus cuirfear fáilte chroíúil roimh chách.

Tuilleadh eolais ar fáil  ag  reiviuleannteanga@oegaillimh.ie