Bronnann An tAire Stáit Seán Kyne, T.D. an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí
Dé Máirt an 18 Deireadh Fómhair 2016
Bhronn Seán Kyne, T.D., Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, teastais ar 26 aistritheoir Gaeilge/Béarla chreidiúnaithe ag ócáid a reáchtáladh in oifigí Fhoras na Gaeilge i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath.
Bronnadh an Séala Creidiúnaithe ar na haistritheoirí seo a leanas:
Síobhra Aiken, Gaillimh
Ailish Bhreathnach, Gaillimh
Deirdre Brophy, an Fhrainc
John Caulfield, Gaillimh
Michael Clarkson, Béal Feirste
John Dullea, an Bhruiséil
Ann Fleming, Gaillimh
Patricia Mac Eoin, Gaillimh
Darren Mac Uidheas, Gaillimh
Eoin McEvoy, Baile Átha Cliath
Kieran Murphy, Ard Mhacha
Muireann Ní Bheaglaoich, Cill Dara
Clíona Ní Chatháin, Corcaigh
Úna Ní Chatháin, Baile Átha Cliath
Hanna Ní Dhoimhín, Dún na nGall
Treasa Ní Dhonnchú, an Mhí
Bríd Ní Fhlathúin, Gaillimh
Pádraigín Ní Ghallchóir, Maigh Eo
Aoife Ní Ghloinn, Baile Átha Cliath
Treasa Ní Lochlainn, an Iarmhí
Katie Ní Loinsigh, Corcaigh
Sinéad Ní Néill, Sligeach
Áine Ní Nualláin, Baile Átha Cliath
Freda Nic Giolla Chatháin, Maigh Eo
Seán Ó Gallchobhair, Corcaigh
Eimear Uí Chathasaigh, Corcaigh
Chuir Foras na Gaeilge tús leis an gCóras Creidiúnaithe in 2006. Is córas láidir creidiúnaithe é seo, ina n-áirítear castacht na gcanúintí éagsúla, béarlagair nua-aimseartha agus teicniúil, agus prós agus cumarsáid oifigiúil. Cinntíonn an Córas Crediúnaithe, na caighdeáin is airde i dtionscal na haistritheoireachta agus cosnaítear cáil na n-aistritheoirí cumasacha. Mar sin, tá ról lárnach ag an gCóras i bhforbairt leanúnach na Gaeilge. Tá 194 aistritheoir creidiúnaithe faoin gcóras go dtí seo. Is é an tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a reáchtáil an scrúdú is deireanaí i mbliana le haghaidh an tSéala Creidiúnaithe thar ceann Fhoras na Gaeilge.
Tá liosta aistritheoirí ar bronnadh Séala an Aistriúcháin orthu go dtí seo ar fáil anseo: www.forasnagaeilge.ie/seala