Buairt léirithe ag Foras na Gaeilge faoi athruithe an BBC ar Chláir Ghaeilge

Preasráiteas

21 Deireadh Fómhair 2026

Tá teagmháil déanta ag Foras na Gaeilge le foireann ardbhainistíochta BBC Thuaisceart Éireann ar lorg tuilleadh eolais ar an méid atá i ndán do chúrsaí Gaeilge sa BBC agus é á fhógairt ag an BBC go mbeidh níos mó na leath na foirne atá fostaithe le bheith ag plé le cúrsaí Gaeilge á ligean chun bealaigh.

In ainneoin na ndúshlán mór maoinithe atá roimh an BBC faoi láthair, léirigh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, a iontas faoi mhéid na gciorruithe foirne atá molta do BBC Gaeilge ó thuaidh.

Dúirt Ó Coinn, agus é ag caint ar an gceist:

"Bheinn buartha faoi inmharthanacht agus leas na craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh amach anseo, mura mbíonn foireann acu le bheith ag plé le cláir Ghaeilge".

Dúirt sé:

“Aithním an fhorbairt atá déanta ar chúrsaí craolacháin ó thuaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta agus i gcomhthéacs na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, ach ardaíonn an fógra is déanaí ceisteanna dáiríre faoi na spriocanna agus uaillmhian fhadtéarmach atá ag an BBC do phobal na Gaeilge ó thuaidh sa chomhthéacs níos leithne sin”.

Dúirt sé, agus é ag tarraingt aird ar an gcodarsnacht mhór idir an chaoi a gcaitear leis an mBreatnais agus le Gaeilge na hAlban:

"Tá sé deacair na ciorruithe atá fógartha a thuiscint nuair a dhéantar comparáid leis an chaiteachas de níos mó ná £40m a dhéanann an BBC ar ábhar Breatnaise, gan an £95m a chaitear ar S4C as an táille ceadúnais a chur san áireamh, agus an caiteachas a dhéantar ar Ghaeilge na hAlban in Albain, áit a gcaitheann BBC Scotland £10m ar BBC ALBA, £4m ar BBC Radio nan Gàidheal, agus caiteachas mór eile ar ábhar ar líne".

Níl figiúirí cruinne ar fáil maidir le caiteachas BBC TÉ ar an nGaeilge ach tuigtear d’Fhoras na Gaeilge nach bhfuil caiteachas BBC Thuaisceart Éireann ar an nGaeilge ach thart ar £1m.

Agus an BBC ag déanamh athbhreithnithe ar a gcairt ríoga, tá sé molta ag Foras na Gaeilge in aighneacht scríofa go ndéanfaí ardú suntasach ar an gcaiteachas ar ábhar i nGaeilge ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne.

Críoch

Tuilleadh eolais:

Tá cóip d'aighneacht Fhoras na Gaeilge curtha ar fáil ar iarratas.

Ceisteanna:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 00 353 87 293 7686

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie