Buaiteoir Deontais Ghaeltachta €1,000 Fógartha

Tá buaiteoir an chéad Deontas Gaeltachta ó Chomhar Creidmheasa Naomh Aontoine agus an Cladach fógartha. Is í Katie Dooley an buaiteoir a bhfuil cónaí uirthi i Maigh Cuilinn agus a fhreastalaíonn ar Choláiste Naomh Éanna an buaiteoir. Bhailigh Katie agus a máthair Eileen an duais ó Lisa Stewart, Comhar Creidmheasa Naomh Aontoine agus an Cladach, agus Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge, agus dúirt Katie: ‘Tá áthas an domhain orm an deis seo a fháil freastal ar choláiste Gaeltachta. Táim ag súil go mór le casadh le daoine nua agus mo chuid Gaeilge a fheabhsú, agus tar éis dom an cúrsa a chríochnú, beidh mé níos muiníne ag labhairt na Gaeilge. Go raibh míle maith agaibh, a Chomhair Chreidmheasa Naomh Aontoine agus an Cladach.’

Is í seo an chéad bhliain den Deontas Gaeltachta agus cuireadh tús leis chun tacú le daltaí ina gcuid iarrachtaí a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Gach bliain, reáchtálann an Comhar Creidmheasa sparánacht choláiste, #UniCash, trína mbronntar naoi sparánacht, ar fiú €1,500 an ceann iad, ar dhaltaí Ardteistiméireachta. Deir an tOifigeach Margaíochta Lisa Stewart ‘shíl muid gur forbairt nádúrtha a bhí sa Deontas Gaeltachta nua mar go raibh muid fós ag cuidiú le daltaí cur lena n-oideachas ach trí Ghaeilge an uair seo.’ Is féidir le gach ball iarbhunscoile de SACU cur isteach ar an deontas agus roghnaítear an buaiteoir go randamach. Is féidir an Deontas Gaeltachta a úsáid chun íoc as táille suas go dtí €1,000 agus tabharfaidh sé seo an-deis do Katie.

Deir Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge: “Táimid fíorshásta a bheith ag obair le Lisa agus an fhoireann iontach i gComhar Creidmheasa Naomh Aontoine agus an Cladach.  Ó tharla go bhfuil sé ar cheann de na hinstitiúidí airgeadais is mó cáil air i nGaillimh, tá ríméad orainn go bhfuil an Comhar Creidmheasa  chomh hoscailte don Ghaeilge agus go bhfuil siad ag cuidiú lena mbaill óga a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Comhghairdeas le Katie! Is iontach an deis í seo cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht agus taithí den scoth a fháil ar an gcultúr Gaelach. Tá muid ag súil go mór le leanacht leis an gcaidreamh iontach oibre atá againn leis an  gComhar Creidmheasa  agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neartú tuilleadh sa chathair.”

Is cuid d’iarracht nua de chuid SACU é an Deontas Gaeltachta chun níos mó Gaeilge a úsáid i saol laethúil an ghnó. Is dlúthchara de chuid Ghaillimh le Gaeilge anois í an eagraíocht agus le bliain anuas tá an fhoireann tar éis a bheith ag freastal ar ranganna Gaeilge agus ag úsáid na Gaeilge ar chomharthaí agus le custaiméirí. Mar a deir Lisa Stewart, ‘le stádas na Gaillimhe mar Chathair Dhátheangach, shíl muid go mbeadh sé tábhachtach ár dteanga dhúchais a úsáid agus a chothú sa Chomhar Creidmheasa agus tá tuilleadh forbairtí beartaithe againn don todhchaí.’