Buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2025 Fógartha
Inniu (Dé Máirt, 30 Meán Fómhair 2025) in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, i nGaillimh, ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2025.
Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) ar Bódléar, leabhar cumhachtach samhlaíoch ó pheann Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac. Is ar Éanna Corr le hAntain Mac Lochlainn a bronnadh Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), foilsithe ag Leabhar Breac, leabhar a chuimsíonn iontas an óige agus ealaíon liteartha ar aon. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile) ar Tír Bheag, aistriúchán fíorálainn den úrscéal fraincise Petit Pays le Gaël Faye a bhí aistrithe ag Antain Mac Lochlainn agus foilsithe ag Barzaz.

Is naoi leabhar déag (19) a bhí ainmnithe ar na gearrliostaí i mbliana, rud a léiríonn an oiread tallainne agus cruthaíochta atá beo beathach i saol na scríbhneoireachta Gaeilge an lae inniu. Ba é Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív a bhronn na gradaim ar na buaiteoirí agus thug sé ómós don leibhéal doimhneachta, ealaíontachta agus fuinnimh atá le feiceáil in earnáil na scríbhneoireachta Gaeilge.
“Is léiriú iad na gradaim seo ar an gcruthaíocht, ar éagsúlacht agus ar an saibhreas atá ar fáil in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Tréaslaím ó chroí le Leabhar Breac agus Barzaz as na héachtaí atá bainte amach acu i mbliana. Anocht, déanaimid ceiliúradh ní amháin ar na buaiteoirí ach ar gach uile údar, aistritheoir, maisitheoir agus foilsitheoir as an obair iontach atá ar siúl acu ar fad i gcothú agus i bhforbairt ár dtraidisiúin liteartha.”
Leanfar leis an gceiliúradh ar bhuaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta le linn Féile Léitheoirí Chill Dara in Leabharlann Nás na Ríogh, Co. Chill Dara ag 19:00 Dé Máirt, 7 Deireadh Fómhair 2025 tráth a mbeidh mórimeacht liteartha na Gaeilge, An Tolg Liteartha, ar siúl. Beidh buaiteoirí na ngradam faoi agallamh ag an sárchraoltóir, Tristan Rosenstock, RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Beidh tuilleadh scríbhneoirí Gaeilge, scríbhneoirí úrnua agus údair bhunaithe ina measc, ag fáil aitheantais freisin le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i mBéal Feirste 29 Deireadh Fómhair – 2 Samhain 2025, tráth a mbronnfar Duaiseanna Liteartha an Oireachtais 2025. Seo ceann amháin de na himeachtaí atá ar chlár spleodrach fhéile na bliana seo, ag áireamh freisin: Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, comórtais taibhealaíne, seimineáir, seoltaí leabhar/dlúthdhiosca, ceardlanna, clubanna na féile, seisiúin eolais agus go leor eile. Tá eolas maidir le himeachtaí uile na féile ar fáil ag www.antoireachtas.ie.

Tuilleadh eolais: Caitríona Ní Chonaill, An tOireachtas T: +353 (0)87 463405 R: caitriona@antoireachtas.ie
— CRÍOCH —
TORTHAÍ: Buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2025
GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta
BÓDLÉAR
Údar: Darach Ó Scolaí - €2,500
Foilsitheoir: Leabhar Breac - €5,000
GRADAM RÉICS CARLÓ Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg
ÉANNA CORR
Údar: Antain Mac Lochlainn - €1,250
Foilsitheoir: Leabhar Breac - €5,000
GRADAM DE BHALDRAITHE Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile
TÍR BHEAG
Aistritheoir: Antain Mac Lochlainn - €500
Foilsitheoir: Barzaz - €1,500
Nótaí don Eagarthóir
- Eagraíocht Cultúir, Ealaíon & Teanga is ea an tOireachtas a bunaíodh in 1897 chun litríocht agus taibhealaíona na Gaeilge a chur chun cinn.
- Deonaíonn Foras na Gaeilge bunmhaoiniú don eagraíocht chun feidhmiú mar cheanneagraíocht sa réimse, "Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán".
- Deonaíonn an An Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta maoiniú chun dhá thionscadal eile a riaradh:
- i) Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí; &
- ii) Plean Gníomhaíochta Náisiúnta chun Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge a Fhorbairt, a Threisiú & a Chur Chun Cinn.
- Eagraíonn an tOireachtas príomhfhéile náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna, go bliantúil a chuimsíonn comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta sna taibhealaíona Gaeilge mar aon le réimse leathan imeachtaí ceoil, amhránaíochta, caidrimh, siamsaíochta, spóirt agus dioscúrsa. Is í seo an fhéile ealaíne náisiúnta Gaeilge is sine agus is mó tinreamh sa tír. Beidh féile na bliana seo ar siúl i mBéal Feirste, ó 29 Deireadh Fómhair – 2 Samhain 2025.
- Déanann An tOireachtas féilire leathan imeachtaí eile a eagrú agus a chur chun cinn ag tráthanna eile den bhliain lena n-áirítear Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, chun aitheantas a thabhairt do scoth na saothar sna meáin Ghaeilge, Comórtais Liteartha an Oireachtas, chun nuascríbhneoireacht i nGaeilge a spreagadh agus a chothú; chomh maith le sraith imeachtaí spóirt, cultúir agus ealaíon ar fud na tíre.