Cáinaisnéis 2026: Fáilte roimh an Méadú ar Mhaoiniú Fhoras na Gaeilge

7 Deireadh Fómhair 2025

Chuir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn fáilte roimh an bhfógra inniu go mbeidh €2 milliún ar fáil in 2026 le haghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí maoinithe Fhoras na Gaeilge. Ag fáiltiú roimh an bhfógra sna Meastacháin Cháinaisnéise inniu, dúirt sé, “Léiríonn an méadú suntasach ar mhaoiniú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sna meastacháin cháinaisnéise tiomantas an Aire Calleary, agus an tábhacht a bhaineann le hAire Sinsearach a bheith ag plé leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ag bord an Rialtais”.  

De réir mar atá fógartha ag an Roinn Forbartha Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, beidh €2 milliún á chur ar fáil ag an Roinn le haghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí maoinithe stairiúla atá ag Foras na Gaeilge ag dul siar go 2008.

Agus é ag cur fáilte roimh an dea-scéala, ghabh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge buíochas leis an Aire agus le hoifigigh na Roinne as a n-iarrachtaí lena chinntiú nach mbeadh ciorruithe le déanamh ar dheontaithe Fhoras na Gaeilge in 2026, agus dhearbhaigh sé go raibh súil aige anois go mbeadh deis ann aghaidh a thabhairt ar athnuachan ar roinnt scéimeanna maoinithe a bhí reoite le tamall de bhlianta.  

Dúirt sé freisin “Is dea-scéala é don Ghaeilge agus don Ghaeltacht go mbeidh méadú 23% le teacht ar an bhuiséad in 2026”.  

Beidh Foras na Gaeilge ag súil le comhoibriú le hoifigigh na Roinne sna míonna beaga amach romhainn leis na bealaí is éifeachtaí a aimsiú le leas a bhaint as an maoiniú breise. 

Críoch

Fiosruithe 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge 

Teil: 00 353 87 293 7686 Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie