Campaí samhraidh 2017 faoi lán seoil

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go mbeidh níos mó na 80 campa samhraidh á reáchtáil ar fud fad an oileáin as seo go deireadh an tsamhraidh. Tabharfaidh Scéim na gCampaí Samhraidh 2017, a fógraíodh níos luaithe i mbliana, an deis do dhaoine óga idir 3 agus 18 mbliana déag freastal ar imeachtaí spóirt, drámaíochta, damhsa, ceoil, agus scannánaíochta chomh maith le turais. Ceadaíodh deontais dar luach €168,346, uasmhéid €2,500 nó £1,750 an ceann, do 82 champa éagsúil i mbliana.

Tabharfaidh na campaí seo eispéireas uathúil agus spraíúil do pháistí an Ghaeilge a labhairt i dtimpeallacht thaitneamhach ina gceantar féin. Beidh roinnt campaí nua á reáchtáil den chéad uair i mbliana a eagróidh imeachtaí trí mheán na Gaeilge i réimsí iomlán nua lena n-áirítear an bheachaireacht agus idirghníomhaíocht le hainmhithe feirme agus saol na tuaithe.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Is ag fógairt ár n-aiféala nach bhféadfadh Foras na Gaeilge freastal ar an éileamh ar champaí samhraidh a bhí muid an tráth seo anuraidh. Cé gur mhéadaigh líon na gcampaí a cháiligh faoin scéim in 2016, ní raibh buiséad cuí againn le tacú leo uilig agus b’éigean dúinn diúltú do 23 de na hiarratais sin. Mar sin tá an-áthas orm nach amhlaidh an cás i mbliana agus gur ceadaíodh deontais don 82 champa a cháiligh don scéim. Níl aon amhras orm ach go mbeidh tionchar dearfach ag na campaí ar úsáid na Gaeilge i gceantair éagsúla as Iarthar Bhéal Feirste go Cathair Chorcaí agus go seasfaidh a n-eispéireas leis an 3,500 páiste a bheidh ag freastal ar na campaí i mbliana.”

Le campa samhraidh a aimsiú i do cheantar féin tabhair cuairt ar an lárphointe eolais don Ghaeilge, www.peig.ie, agus cuardaigh campaí samhraidh ar an léarscáil idirghníomhach nó san eolaire imeachtaí.