Céad milliún cuardach agus céad milliún buíochas
Bhí ábhar ceiliúrtha againn le déanaí nuair a rinneadh an 100,000,000ú cuardach ar shuíomh téarma.ie, an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. Cuireadh tús leis an tionscadal seo in 2005 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Cuimsíonn saothar an Choiste Téarmaíochta réimse leathan ábhar teicniúil ach, mar a tharlaíonn sé, bhí an 100,000,000ú cuardach a rinneadh ar an suíomh ar cheann de na hiontrálacha is simplí sa bhunachar: forc!
Éacht mór é seo don Choiste Téarmaíochta a bhfuil a ollsaothar téarmaíochta foilsithe ann, do Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) a dhéanann forbairt agus bainistiú ar an mbunachar, agus d’Fhoras na Gaeilge, a chuireann maoiniú ar fáil. É sin ráite, ní bheadh an t-éacht seo indéanta murach úsáideoirí an tsuímh, ar ndóigh, agus is muidne atá fíorbhuíoch díbh uilig as ucht bhur gcuid tacaíochta ó thús an tionscadail. Ar aghaidh linn anois go dtí an chéad chloch mhíle eile!