Céim stairiúil bainte amach don Ghaeilge ag Gradaim Leabhar na Bliana An Post

22 Deireadh Fómhair 2025

  • Leabhar Gaeilge ar ghearrliosta na bpáistí den chéad uair ó bunaíodh na gradaim
  • Gearrliosta Love Leabhar Gaeilge do Leabhar Ficsin na Bliana fógartha

Tá céim stairiúil bainte amach san fhoilsitheoireacht Ghaeilge inniu agus gearrliosta Leabhar Páistí na Bliana (do Shóisir) bainte amach ag leabhar Gaeilge. Seo an chéad uair, ó cuireadh tús le Irish Book Awards scór bliain ó shin, a bhain leabhar Gaeilge gearrliosta taobh amuigh den chatagóir Ghaeilge amach. 

Is céim shuntasach don Ghaeilge í go bhfuil An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin, arna mhaisiú ag Anastasia Melynkova agus arna fhoilsiú ag Futa Fata. Fógraíodh gearrliostaí 2025 ag ócáid speisialta in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath anocht, Dé Céadaoin (22 Deireadh Fómhair). 

I mbliana tá Irish Book Awards ag ceiliúradh scór bliain ar an bhfód. Is é seo an chéad uair i stair na ngradam go bhfuil leabhar Gaeilge san iomaíocht lasmuigh den chatagóir Ghaeilge féin, mórchéim chun cinn do scríbhneoireacht agus d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge ó thaobh aitheantais de. Tá comharthaí soiléire ann freisin go bhfuil borradh faoi litríocht na Gaeilge i mbliana. Ba leabhair Ghaeilge os cionn 6% de na hiarratais do chatagóirí leabhar don óige, méadú mór a léiríonn tiomantas na bhfoilsitheoirí Gaeilge don aos óg chomh maith lena n-iarrachtaí leabhair Ghaeilge do pháistí chur chun cinn ag na gradaim náisiúnta i measc na leabhair Bhéarla.

Tá ceithre (4) leabhar ficsin Gaeilge san iomaíocht do Ghradam Love Leabhar Gaeilge i mbliana, atá á riar ag Lorg Media le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge ag tacú le catagóir na leabhar Gaeilge ó 2018 mar chuid dá ról ag cur leabhair Ghaeilge chun cinn i measc léitheoirí, i siopaí leabhar, ar líne agus trí acmhainní agus ócáidí do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i leabhair Ghaeilge.

Léirítear le gearrliosta 2025 éagsúlacht, samhlaíocht agus cumas na scríbhneoirí Gaeilge comhaimseartha. Ar ghearrliosta Ghradam Love Leabhar (Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana) 2025 tá:

‘An Bhlaosc sa mBois’ le Micheál Ó Conghaile, arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht

‘Bódléar’ le Darach Ó Scolaí, arna fhoilsiú ag Leabhar Breac

‘Fiche’ le Colm Ó Ceallacháin, arna fhoilsiú ag Leabhar Breac

‘Scéalta Nollag’ le Alan Titley, arna fhoilsiú ag Leabhair COMHAR

Chuir Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, fáilte mhór roimh fhógairt na ngearrliostaí:

“Ní hamháin go bhfuil saothair ar ardchaighdeán á scríobh agus á léamh i nGaeilge ar ghearrliosta Love Leabhar Gaeilge, tá leabhar Gaeilge den scoth anois ainmnithe ar ghearrliosta a bhí luaite go stairiúil le leabhair Bhéarla amháin. Tréaslaím na hainmniúcháin leis na húdair agus foilsitheoirí uile ar ghearrliosta Love Leabhar Gaeilge do Leabhar Ficsin na Bliana agus le Sadhbh Devlin agus Futa Fata as ainmniúchán ar ghearrliosta na bpáistí a ghnóthú. Táimid ag súil go mór go mbeidh pobal na Gaeilge an-ghníomhach sa phróiseas vótála do na catagóirí agus go mbeidh an Ghaeilge i lár an aonaigh nuair a bhronnfar na gradaim arís i mbliana” a dúirt sé.

Dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin, Foilsitheoir le Futa Fata, atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód freisin, 

“Tá ríméad orainn ar fad tigh Futa Fata faoin ainmniúchán atá faighte ag 'An Fia sa Choill'. Aitheantas é ar an gcaighdeán ard oibre atá bainte amach ag Sadhbh Devlin le blianta mar scríbhneoir don óige agus ar an stíl ar leith maisiúchán a thug Anastasia Melnykova léi óna tír dhúchais, an Úcráin, stíl a chuir go mór leis an leagan nua seo de sheanscéal ón traidisiún Gaelach.”

Is ábhar bróid d'Fhoras na Gaeilge gur ghlac an t-údar, Sadhbh Devlin agus an foilsitheoir, Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata), páirt sa Scéim Meantóireachta ag dul siar go 2015, agus go raibh siad páirteach i scéimeanna Chlár na Leabhar Gaeilge ó shin idir Scéim na Foilsitheoireachta agus Scéim na gCoimisiún. 

Sadhbh Devlin agus An Fia sa Choill i measc na n-údar agus na dteideal eile seo a leanas ar ghearrliosta chatagóir na bpáistí (do shóisir):

  • Badger Booksle Paddy Donnelly, Ellora McGee
  • Trainee Banshee: The New School le Sinéad O’Hart, arna mhaisiú ag Úna Woods 
  • Don’t Trust Fish!le Neil Sharpson, arna mhaisiú ag Dan Santat 
  • Penguin TVle Niamh Sharkey & Owen Churcher 
  • Run Home Little Fox, le Tom McCaughren and Erika McGann, arna mhaisiú ag Shannon Bergin 
  • Letters to A Monsterle Patricia Forde, arna mhaisiú ag Sarah Warburton 
  • Once I was a Tree, le hEoin McLaughlin, arna mhaisiú ag Guilherme Karsten

Tá an vótáil phoiblí oscailte do na catagóirí uile agus is féidir do vóta a chaitheamh do na leabhair is fearr leat ag www.anpostirishbookawards.ie. Bíonn an cinneadh deiridh ag an bpainéal moltóireachta do Ghradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana.

Fógrófar na buaiteoirí do na catagóirí uile ag ócáid mhór An Post Irish Book Awards a bheidh ar siúl in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath an 27 Samhain 2025.

Tá Gradam Love Leabhar Gaeilge á chomhordú ag Lorg Media thar ceann Fhoras na Gaeilge.

Críoch

Tuilleadh eolais: 

Foras na Gaeilge: 

Anna Davitt 

adavitt@forasnagaeilge.ie 

087 293 7686

Lorg Media:

Loretta Ní Ghabháin 

loretta@lorgmedia.ie 

091 728134

Nótaí don Eagarthóir: 

Faoi Ghearrliosta Love Leabhar Gaeilge

An Bhlaosc sa mBois le Micheál Ó Conghaile. Arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht

An Bhlaosc sa mBois – Tá go leor cainte déanta le blianta beaga anuas faoi scannal na n-áras máithreacha agus leanaí, agus is anois atá scríbhneoirí agus ealaíontóirí eile tosaithe ag dul i ngleic leis an uafás. Seo nóibhille nua ar an ábhar ó scríbhneoir a bhfuil sé cruthaithe go minic aige nach leasc leis cúinní dorcha na hÉireann a ransú agus solas an lae a scaoileadh isteach orthu.

BÓDLÉAR le Darach Ó Scolaí. Arna fhoilsiú ag Leabhar Breac

BÓDLÉAR - I mbaile beag ar an gcósta thiar, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Bhliantúil na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn an-fháilte ag muintir an bhaile roimhe féin agus na hamhráin nua. Ach i mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo amach, cumfaidh sé “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua gan cheol gan rithim, tagann uafás orthu.

Fiche le Colm Ó Ceallacháin. Arna fhoilsiú ag Leabhar Breac 

Fiche - Samhradh na bliana 1969, tugtar triúr ógánach le chéile ar thránna iarthar Chorcaí, triúr a n-athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil. Deich mbliana níos deireanaí a thagann deireadh leis an scéal, agus an Ginearál ar leaba a bháis. Scéal grá agus tragóid é seo a suitear i saol atá comhthreomhar, ach nach bhfuil ródhifriúil le saol ár linne féin.

Scéalta Nollag le Alan Titley. Arna fhoilsiú ag LeabhairCOMHAR. Arna mhaisiú ag Firas Aldakkak 

Scéalta Nollag - Foilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne’ in The Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla, nó neachtar acu, eachtraí atá bunaithe ar thomhaltachas Nollaig na linne seo. Scéal níos faide is ea ‘Lá Breithe’ ar óige Íosa nach bhfuil aon leagan de le fáil sa Tiomna Nua in aon chor, in aon chor.  Bhuaigh an scéal seo duais do shaothar spioradáltachta ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024.

Faoi An Fia sa Choill

An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin. Arna fhoilsiú ag Futa Fata. Arna mhaisiú ag Anastasia Melnykova

Is athinsint é An Fia sa Choill ar scéal grá Fhinn Mhic Cumhaill agus a bhean mhistéireach, Sadhbh, a tiontaíodh ina fia nuair a dhiúltaigh sí seanfhear a phósadh. Seo é an tríú leabhar sa tsraith mhiotaseolaíochta – tagann sé sna sála ar An Féileacán agus an Rí agus Cluasa Capaill ar an Rí.