An chéad scríbhneoir Éireannach ainmnithe don tionscadal Focail Eile: Réaltán Ní Leannáin

lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Réaltán Leannáin roghnaithe acu le seal a chaitheamh san Fhreaslainn mar chuid den tionscadal Focail Eile i Aibreáin agus na Bealtaine 2016.  Beidh Réaltán lonnaithe in Leeuwarden, príomhchathair na Freaslainne san Ísiltír, agus díreoidh ar a saothar scríbhneoireachta, beidh ag coinneáil blag agus beidh páirteach in imeachtaí a bhaineann le mionteangacha, an Fhreaslainnis go háirithe, nuair a bheas ann.

 

Rugadh Réaltán Leannáin i mBéal Feirste. Chaith a hóige agus a déaga ann le linn na seascaidí agus na seachtóidí. cónaí uirthi faoi láthair i mBaile Átha Cliath.

 

Thosaigh Réaltán ag teagasc Gaeilge agus Spáinnise i scoileanna dara leibhéal sna hochtóidí. tréimhsí caite aici ar fud na Spáinne agus taithí aici ar go leor de na teangacha éagsúla a labhraítear ann. Bhog as sin go dtí an t-oideachas tríú leibhéal, ag léachtóireacht san oideachas i gColáiste na Trionóide agus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Chuaigh as sin go hOllscoil na Banríona, Béal Feirste.

 

Le linn di bheith ag léachtóireacht in Ollscoil na Banríona tháinig ailse uirthi. Sháraigh an deacracht seo, áfach, agus ag scríobh ó bhí 2007 ann. cnuasach filíochta foilsithe aici, Turas Ailse (2011), bunaithe ar an eispéaras seo. Déanann blagáil [http://turasailse.blogspot.ie/] ar ailse agus ar ghnéithe eile saol agus déanann léirmheasanna ar leabhair nua-fhoilsithe [http://eithniu.blogspot.ie/]. Déanann tvuíteáil ar http://twitter.com/RealtanNiL

 

Sa bhliain 2015 d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a cnuasach gearrscéalta, Dílis [http://www.cic.ie/books/published-books/dilis], radharc neamhthrócaireach ó thaobh na mban de ar an saol. Bhí an-rachairt air, agus chothaigh conspóid lena pheirspeictíocht dhiongbháilte.

 

Is í Réaltán an chéad scríbhneoir Éireannach le bheith roghnaithe ag Foras na Gaeilge don tionscadal idirnáisiúnta scríbhneoireachta Focail Eile. Is clár comhpháirtíochta é Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha ar fud na hEorpa agus é mar aidhm atá aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chur ar bun do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus teangacha mionlaigh.

 

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.focaileile.ie agus focaileile@forasnagaeilge.ie; ó Orlagh Raghallaigh, Foras na Gaeilge, Béal Feirste 028 90890970.