Cogar mogar – víreas na mífhaisnéise in Éirinn

Tá ócáid eagraithe ag Tuiscint ar na Meáin, Éire, i dteannta le Raidió na Gaeltachta mar chuid den fheachtas Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin. Is féidir cur síos na heagraíochta ar an ócáid a léamh thíos.

Bliain ó shin, nuair a tháinig an COVID-19 i réim ar fud an domhain, thagair an Dr Mike Ryan, Ceannasaí Chlár Éigeandála Sláinte an WHO, don bhaol a bhain le drochráig de víreas eile – an mhífhaisnéis nó an t-eolas míchruinn. ‘Infodemic’, nó faisdéim, a thug sé air.

Ó shin i leith forbraíodh roinnt vacsaíní in aghaidh an COVID-19, ach faraor níl aon vacsaín in aghaidh na mífhaisnéise againn.

Sa seimineár gréasáin seo, a chraolfar chomh maith ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, déanfaidh Máirín Ní Ghadhra cathaoirleacht ar dhíospóireacht ina bpléifear go leor ábhar a bhaineann leis an tionchar a bhíonn ag an eolas míchruinn a chuirtear i láthair an phobail gach lá orainn.

Pléifear na dúshláin a bhíonn le sárú againn go léir lena chinntiú go gcloímid leis an gcomhairle ‘Stop, Smaoinigh agus Seiceáil’ agus lena chinntiú go mbíonn an t-eolas a léimid, a chloisimid agus fheicimid cruinn agus iontaofa.

Ar an gclár le Máirín Ní Ghadhra beidh Póilín Ní Chiaráin (iriseoir), Eoghan Ó Neachtain (Stiúrthóir Ghnóthaí Poiblí Heneghan), an tOllamh Cathal Seoighe (OÉ, Gaillimh) agus an Dr Mairéad Nic Giolla Mhíchíl (DCU).

Beidh an seimineár gréasáin agus taifeadadh an chláir raidió ar siúl ar an 1 Aibreán ag 3.00pm agus craolfar an díospóireacht ar Raidió na Gaeltachta Domhnach Cásca, an 4 Aibreán ag 10.00am.

Cláraigh anois chun d'áit a dheimhniú. Tá an ócáid seo ar oscailt don phobal. Scaip an scéal le bhur dtoil.