Comórtas na Leabhar Gaeilge – Mí Iúil

Duaisleabhar na Míosa

Mé Suibhne

le Feargal Ó Béarra

Foilsitheoir: Leabhar Breac

 

Scéal faoin ngalar intinne, faoi mhaslú na hEaglaise, faoi oidhe íogair an duine. Scéal ina bhfuil na seacht dtéamaí uilíocha: an grá, an ghruaim, an duairceas, an suairceas, an t-aiféala, an maithiúnas, agus an slánú.

Sa leabhar seo, MÉ SUIBHNE, tá athchóiriú déanta ag Feargal Ó Béarra BUILE SHUIBHNE, ceann de mhórscéalta na hÉireann agus na hEorpa. Seanscéal é BUILE SHUIBHNE a cumadh go gairid tar éis 1200 ina gcloistear — roinnt céadta bliain sular tharla a leithéid (aimsir an Renaissance) sa gcuid eile de litríocht na hEorpa — guth sainiúil suaithinseach na hindibhide.

 

Conas an leabhar a bhuachan?

 

1.       Freagair an cheist

2.       Cuir d'ainm ar ár liosta poist

 

Spriocdháta le haghaidh iarratais: 1pm Dé Luain, 22 Lúnasa 2022