Comórtas na Leabhar Gaeilge

Duaisleabhar nua le buachan gach mí!

Duaisleabhar na Míosa
'Inní' le Réaltán Ní Leannáin
Foilsitheoir: Éabhlóid

“Cnuasach eile dea-scríofa soléite é seo ó pheann Réaltán Ní Leannáin. Faoi mar is dual di, tá guth na mban chun cinn sna scéalta seo a chíorann an mion agus an mór araon: cultúr an éignithe agus na náire, foréigean agus teannas polaitiúil, ach chomh maith leis sin, dlúithe teaghlaigh agus soineantacht na hóige. Tá bua faoi leith ag Ní Leannáin maidir le caint bheo a chur i mbéal a cuid carachtar, go háirithe páistí óga. Bua é sin a shéideann greann agus bríomhaireacht isteach sna scéalta fiú agus ábhair thromchúiseacha á spíonadh.”

An Dr. Caitlín Nic Íomhair

CONAS AN LEABHAR A BHUACHAN?

1. Freagair an cheist
2. Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Spriocdháta le haghaidh iarratais: 1i.n. Dé Luain an 16 Lúnasa 2021