CREIDIM IONAT – FEACHTAS GAEILGE Á SHEOLADH LE LINN FHÉILE NÁISIÚNTA NAOMH PÁDRAIG 2024

Is cúis bhróid é do Foras na Gaeilge agus do RTÉ a fhógairt go bhfuil Creidim Ionat ar ais, ar tionscnamh nuálach agus comhoibríoch ar líne atá ann atá dírithe ar fheasacht fhorleathan faoin nGaeilge agus úsáid laethúil na Gaeilge a chothú.

Tionscnamh de chuid Fhoras na Gaeilge i gcomhpháirtíocht le RTÉ is ea Creidim Ionat lena n-iarrtar ar chách a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge sprioc teanga a roghnú len í a bhaint amach, le cúnamh ó mheantóir agus ón réimse leathan acmhainní atá ar fáil mar chuidiú. D’fhéadfadh na spriocanna a bheith chomh simplí le roinnt nathanna cainte nua a úsáid, amhrán Gaeilge a fhoghlaim, nó leabhar Gaeilge a léamh. Tá Foras na Gaeilge, an comhlacht poiblí ar a bhfuil freagracht as cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann, i mbun cainteoirí Gaeilge a spreagadh chun iad féin a chur chun cinn mar mheantóir d’fhonn tacú le meantaí sprioc teanga a bhaint amach.

Is sa bhliain 2022 a reáchtáladh Creidim Ionat den chéad uair, ar lena linn sin a rinne láithreoirí Beo ar Éigean RTÉ (Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn) meantóireacht ar Michael Fry (fuirseoir) chun geansceitse Gaeilge a dhéanamh, ar Marty Morrissey (láithreoir le RTÉ) chun Gradam All-Star a bhronnadh as Gaeilge agus ar Marissa Carter (Bunaitheoir agus POF Carter Beauty) cur smididh a chur i gcrích as Gaeilge ar an Today Show ar RTÉ. Breathnaigh ar bhuaicphointí an fheachtais anseo.

Is é Aindriú de Paor, léiritheoir agus láithreoir le RTÉ 2FM, Sinéad Ní Uallacháin, láithreoir Beo ar Éigean agus duine eile a fhógrófar mar mheantóir go luath, príomhláithreoirí an fheachtais i mbliana. Cuirfidh Aindriú de Paor oiliúint ar The 2 Johnnies ar a n-aistear Gaeilge i dtreo na sprice atá acu chun ‘When I Play For County’ a chanadh as Gaeilge beo ar an aer don náisiún, agus beidh Sinéad Ní Uallacháin ag taisteal fud fad an oileáin chun fáil amach faoin úsáid a bhaineann pobail as an nGaeilge idir chóir agus leanaí ón Úcráin atá ag freastal ar scoil náisiúnta i nGaeltacht Chonamara.

Seoladh Creidim Ionat (I Believe in You), an feachtas Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge an deireadh seachtaine seo le linn Fhéile Naomh Pádraig i gCeathrú na bhFéilte, Dún Uí Choileáin. Ar an Satharn an 16 Márta bhuail cuairteoirí isteach chuig An gCeathrú Ghaeltachta agus fuair siad amach conas an chéad chéim eile a thógáil i dtaca leis an nGaeilge trí chluichí i nGaeilge, an cúpla focal leis na láithreoirí Megan Scully agus Jamie Ó Flannúra agus trí chlárú do Creidim Ionat 2024.

Chomh maith leis sin, beidh Foras na Gaeilge, in éineacht lena gcuid comhpháirtithe, i mbun comhordú a dhéanamh ar ranganna Gaeilge ar líne atá ar fáil do chách agus do dhuine ar bith, is cuma faoi chaighdeán na Gaeilge atá acu faoi láthair. Cuirfear tús le ranganna beo ar líne le Gael Linn ar an 8 Aibreán agus beidh siad ar siúl ar feadh ceithre seachtaine agus beidh ceithre leibhéal i gceist, Glantosaitheoirí, Feabhsaitheoirí Meirgeacha, Feabhsaitheoirí Idirmheánacha, Feabhsaitheoirí Forbartha. I ngach aon leibhéal, beifear ag díriú ar an nGaeilge labhartha chomhráiteach agus is €5 an táille in aghaidh an cheachta. Clúdófar réimse ábhair le linn na ranganna, lena n-áireofar cúrsaí teaghlaigh, taistil, siamsaíochta agus ceoil. Tá na sonraí ar fad maidir leis na ranganna agus faoin mbealach chun clárú ar fáil anseo.

Chomh maith leis sin, cuireann Gaelchultúr cúrsaí féintreoraithe ar líne ar fáil ar ranganna.com. Is féidir le foghlaimeoirí tabhairt faoi thástáil mheasúnaithe saor in aisce agus leas a bhaint as an gcód lascaine CREIDIM-2024 ó Creidim Ionat chun lascaine 25% a fháil agus leanúint i mbun foghlama ar leibhéal agus ar luas a oireann do stíl mhaireachtála ar bith.

Anna Davitt, Bainisteoir Cumarsáide Fhoras na Gaeilge: "Bhí lúcháir ar Fhoras na Gaeilge faoin rath iontach a bhí ar Creidim Ionat in 2022 agus faoin gcaoi ar ghlac ár meantóirí, ár meantaithe agus an pobal i gcoitinne lenár ndúshlán le tacaíocht ó RTÉ. D'éirigh go hiontach lenár bhfeachtas suaitheanta trí dhul i I bhfeidhm ar dhaoine i 83 tír chun tacú leo a spriocanna teanga a bhaint amach. Tá céim níos faide glactha againn leis an bhfeachtas i mbliana trí lascainí suntasacha a chur ar fáil ar chúrsaí agus ar chláir ar líne trínár gcomhpháirtithe oideachais, Gael Linn agus Gaelchultúr. Beidh réimse cúrsaí ar fáil le linn an fheachtais agus mholfaimis do dhaoine clárú chomh luath agus is féidir lena chinntiú go mbeidh spás acu. Beimid ag fógairt roinnt tacaíochtaí cibé an tosaitheoir thú, ba mhaith leat líofacht éigin a fháil ar ais, nó más mian leat níos mó Gaeilge a úsáid le do theaghlach agus cairde. Táimid ag súil go mór le hardán a thabhairt do scoth na n-acmhainní agus na n-eagraíochtaí Gaeilge atá ar fud oileán na hÉireann agus níos faide i gcéin!”

Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ: “Tá RTÉ an-sásta a bheith ag co-oibriú le Foras na Gaeilge arís ar an bhfeachtas fíor thábhachtach seo don dteanga. Tuigeann daoine a chaitheann an saol trí mheán na Gaeilge gur mhaith le sciar mhaith den phobal i gcoitinne Gaeilge a úsáid agus a shníomh isteach ina saol laethúil. Is sprioc í seo a dtugaimid tacaíocht mhór di in RTÉ agus tá an sprioc chéanna ag an bhfeachtas seo. Deis iontach a bheidh ann do chainteoirí Gaeilge iad féin a chur in iúl lena líofacht a scaipeadh, agus gheobhaidh daoine atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid gach lá spreagadh ó na cainteoirí líofa agus a n-aistear Gaeilge á thosú acu. Molaim d’aon duine, lucht líofa, tosaitheoirí nó iad siúd atá ag filleadh ar an nGaeilge, clárú anois le www.forasnagaeilge.ie, agus tús a chur leis an aistear. Más mian leat níos mó Gaeilge a úsáid ó lá go lae, is duitse ‘Creidim Ionat’.”

Marissa Carter, CEO Carter Beauty Cosmetics: Bhí eispéireas den scoth agam agus páirt á glacadh agam i Creidim Ionat in 2022. Bhí mé thar a bheith tógtha leis an méid acmhainní a bhí ar fáil, a chabhraigh liom mo sprioc fhadtéarmach a bhaint amach, is é sin, go dtosóinn ag labhairt Gaeilge arís. Nílim ach tar éis tús a chur le m’aistear i ndáiríre, táim ag foghlaim níos mó chuile lá, ag roinnt cúpla focal le mo chairde agus mo chlann agus is breá liom é! Táim tar éis an Ghaeilge a úsáid ar phacáistiú mo chuid cosmáidí fiú. Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil fonn orthu tús a chur lena aistear Gaeilge sprioc a roghnú, clárú ar líne, agus páirt a ghlacadh i Creidim Ionat i mbliana.”

Bí ag leanúint #CreidimIonat chun dul chun cinn na meantóirí agus na meantaithe a leanúint agus chun d’aistear agus do sprioc féin a chomhroinnt.

Cláraigh anois anseo agus cláraigh don nuachtlitir chun an nuacht agus
tacaíocht ar fad is déanaí a fháil maidir le d’aistear.