“Cúig bliana is fiche d’fhís, comhoibriú agus éacht” á cheiliúradh ag taispeántas nua

Tá taispeántas nua tar éis oscailt an tseachtain seo ag Músaem Uladh a dhéanann ceiliúradh ar chúig bliana is fiche de na Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh Theas.

Cuireadh na Comhlachtaí Forfheidhmithe ar bun in 1999 mar thoradh díreach ar Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta. Is é cuspóir na gComhlachtaí comhoibriú agus comhsheachadadh i réimsí comhspéise agus comhoibrithe ar fud oileán na hÉireann a fheabhsú.

Clúdaíonn obair na gComhlachtaí raon leathan tionscal agus earnálacha lena n-áirítear trádáil trasteorann, comhshaol, sláinte, teanga, cultúr agus infheistíocht.

Fostaithe agus baill bhoird de chuid Fhoras na Gaeilge, ina seasamh os comhair an phainéal eolais faoi Fhoras na Gaeilge.

Is iad na Comhlachtaí Thuaidh Theas: Comhlacht na gClár Speisialta AE, Uiscebhealaí Éireann, an Bord um Chur Chun Cinn na Sábháilteachta Bia, Idir-Thrádáil Éireann, Gníomhaireacht na Lochanna, Foras na Gaeilge, Gníomhaireacht na hUltaise agus Turasóireacht Éireann.

Rinneadh an taispeántas nua i Músaem Uladh, dar teideal Thuaidh Theas 25, a fhorbairt i gcomhpháirtíocht leis na Comhlachtaí Thuaidh Theas agus Músaeim Náisiúnta TÉ.

Sa taispeántas tá ocht bpainéal eolais, gach ceann acu tiomnaithe d’obair Comhlachta faoi leith.

Beidh an taispeántas ar thaispeáint bhuan sa Léachtlann i Músaem Uladh i rith 2024, agus beidh leagan den taispeántas ar camchuairt ar fud Thuaisceart Éireann agus na hÉireann.

Ag caint ag lainseáil an taispeántais dóibh dúirt Comhrúnaithe na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, Hilary Reilly agus Richard Hill,

“Tá lúcháir orainn aitheantas a thabhairt don obair thábhachtach atá curtha chun cinn ag na Comhlachtaí Thuaidh Theas ó cruthaíodh iad. Tá na hinstitiúidí ar leith seo, atá ag croílár Shnáithe 2 de Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta, agus atá faoi chomhchoimirce an dá rialtais, ag déanamh leas dearfach agus praiticiúil do dhaoine ar fud an dá dhlínse le 25 bliana anuas.” 

Dúirt Kathryn Thomson, Príomhfheidhmeannach Mhúsaeim Náisiúnta TÉ,

“Tá sé cuí go bhfuil an taispeántas seo ar taispeáint i Músaem Uladh - institiúid a imríonn fós ról tábhachtach maidir lenár stair chasta a thaifeadadh agus eolas a ardú uirthi trí thaispeántais mar Troubles and Beyond agus anois Thuaidh Theas 25. Táimid sásta ár bpáirt a imirt chun tacú leis an taispeántas seo; is léiriú é ar an aistear a rabhamar go léir air le chéile.”

D’eisigh na Comhlachtaí Thuaidh Theas comhráiteas ag rá,

“Bhí éachtaí na gComhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh Theas le cúig bliana is fiche anuas suntasach i gceart agus bhí tionchar acu ar shaol na daoine atá ina gcónaí ar fud oileán na hÉireann. Tugann an taispeántas seo deis, deis a bhfuil fáilte roimpi, eolas agus oiliúint a thabhairt don phobal faoi obair ilghnéitheach na gComhlachtaí Thuaidh Theas agus a ról ar leith sa réigiún.”

John-McDonagh-Waterways-Ireland-Sharon-McMahon-Loughs-Agency-Seán-Ó-Coinn-Foras-na-Gaeilge-Gary-Kearney-safefood-Gina-McIntyre-Special-EU-Programmes-Body-Ian-Crozier-Ulster-Scots-Agency

Tá an taispeántas THUAIDH THEAS 25 ar an gcéad cheann i sraith de thionscnaimh a bheidh ar siúl i rith 2024, ag ceiliúadh éachtaí ollmhóra na gComhlachtaí Thuaidh Theas le cúig bliana is fiche anuas.

 

Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le: communications@seupb.eu