Dán an Domhnaigh #LeChéile: Amhras Roimh Dhul ar an Ghealach, le Philip Cummings

Focail Faoin Dán:

I gcead don Ríordánach (agus ina dhiaidh), tá turas níos faide ná ó bhruach locha go hoileán roimh an ‘mise’ sa dán seo. Cuid de dhán fada atá ann, a foilsíodh mar leabhar ann féin (An Fear sa Ghealach: Coiscéim), ina nglacann fear le tairsicint dul a chónaí ar an ghealach gan cead teacht ar ais choíche. Agallamh beirte atá sa dán iomlán: idir fear is bean, idir ionróir agus áititheoir, idir duine is dia.

Sa chuid seo, tá an fear ag meabhrú fá na gnéithe den domhan a bheidh sé ag fágáil ina dhiaidh, na cuimhní cinn is mó atá aige ar an áit. Seachas splanc léargais agus suaimhnis i dToraigh, is iad dhá bhean a thagann chun cuimhne, agus an grá a bhí aige dóibh. Caidreamh nár mhair a bhí ann sa dá chás, ach is milse na cuimhní dá bharr, b’fhéidir. I ndeireadh an dáin, is léir go bhfuil an fear sásta cúl a thabhairt leis an Domhan mar nach raibh i ndán dó ann ach teip.

Foinse: Focail agus dán le Philip Cummings

Amhras Roimh Dhul ar an Ghealach

Tá coimhthíoch ag iascaireacht i m’intinn
is tuigim nach beag leis an domhan,
tumann sé go grinneall sheascann mo shaoil
a cheapadh mionéisc órga na linne:

clapsholas déagóra i seanreilig Thoraí,
muir is talamh faoi dhraíocht an tsuaimhnis,
soilse na dtithe thar sheacht míle de sháile,
seoda ag caochadh i muince an chósta;

fáinní glasa ag ciorclú fáinní dubha,
scáthán a fhrithchaitheann meisce mo ghrá,
anam ag labhairt thar fhocail le hanam,
oileán mara i seomra plódaithe;

dlaoi dhubh ar mhuineál a bhí chomh
bán leis an ghealach os ár gcionn,
oíche shuirí gan chríocha romhainn,
amhrán íseal na farraige dár luascadh.

Tá Toraigh ann go fóill
ach d’amharc na súile glasa ar leataobh,
liathadh an ghruaig dhubh i gcaidreamh eile.

Níor theip orm sa domhan seo,
theip an domhan seo orm.

Philip Cummings

Rugadh i mBéal Feirste in 1964, é ina chónaí anois gar don Mhuine Ghlas, Contae Aontroma.

Bhuaigh Néalta (Coiscéim), a chéad chnuasach filíochta, duais na Gaeilge Glen Dimplex 2006 agus bhí sé ar an ghearrliosta don Rupert and Eithne Strong Award 2006. Bhí an dara cnuasach leis, An Fear sa Ghealach (Coiscéim), ar an ghearrliosta do Ghradam Filíochta Mhichíl Uí Airtnéide 2012. Foilsíodh an tríú cnuasach, ad delectationem stultorum (Coiscéím) in 2012.

Tá duaiseanna Oireachtais bainte aige don léirmheastóireacht ar an fhilíocht agus do dhráma raidió, agus bhuaigh dán leis Corn Uí Néill 2013.

Bhí sé ina eagarthóir ealaíon le Lá Nua ó 2003 go dtí 2008, áit ar scríobh sé colún greannmhar aorach. Foilsíodh díolaim de na colúin in Dar Liom (Coiscéim, 2008).