Dán an Domhnaigh #Le Chéile An Caoladóir, le Áine Uí Fhoghlú

Scríobh Áine Uí Fhoghlú an dán seo; “An Caoladóir ”. Ba mhaith linn é a roinnt libh mar chuid den tsraith “Dán an Domhnaigh”. #LeChéile

Focal faoin dán

Go dtí na 1930aidí nó mar sin, bhí tionscal mór scadán ar chósta Phort Láirge, Ceann Heilvic san áireamh. Thagadh mná óga agus cailíní ó Oileán Bharra go Gaeltacht na Rinne agus iad ag leanúint na scadán. Ina cnuasach Ar an Imeall (Coiscéim, 2011) tá sraith seacht ndán ag Áine ar théama iascaireacht na scadán, ón am sin go dtí an lá inniu. Tá An Caoladóir ar cheann de na dánta sin. Cuireann sé síos ar chaoladóir dall a bhíodh ag déanamh ciseán speisialta a d'úsáidtí i bpróiseáil na scadán. Tagann an dán seo as an tsraith Dánta na Scadán óna cnuasach Ar an Imeall, foilsitheoirí Coiscéim, 2011.

An Caoladóir

Nuair a chím na mílte méar
a ghluaiseann ar nós cuma liom
tríd an saol
cuimhním ar fhear
arbh aoibhinn
lena shúile dorcha
garraí drithleach shailí
ag rince le sioscadh gaoithe
gach caolghéag
chomh
díreach
le coinneal.
Gearrfar an gas sula n-éireoidh
an súlach sa slat is as an solas
i gcúl a shúl tiocfaidh crot ar an samhail
ar a dtabharfar an focal ciseán
is beidh sé ruaghlas, daingean, snoite
lonróidh grian go lásach tríd
ceapfaidh spás go beacht
a chruthóidh toilleadh cruinn
a thabharfaidh an toise cheart
i dtír
é seo ar fad as mire méire
is aisling intinne
is na mílte eile méar ar strae
ag gluaiseacht ar nós cuma liom
tríd an saol.

Áine Uí Fhoghlú

Is as Gaeltacht Phort Láirge í Áine Uí Fhoghlú. Seo iad a cuid saothar foilsithe. Filíocht: Aistear Aonair (1999); An Liú sa Chuan (2007); Ar an Imeall (2011). Ficsean (daoine fásta): Crúba na Cinniúna (2009); Uisce faoi Thalamh (2011); Éalú (2013). Ficsean (déagóirí): Pincí sa Ghaeltacht (2012); Labhairamach.com (2017). Neamhfhicsean: Scéalta agus Seanchas – Potatoes, Children & Seaweed (2019).
Tá sí ag obair faoi láthair ar scéal do dhéagóirí óga, ar coimisiún é. Beidh sé le foilsiú ag Cló Iar-Chonnacht amach anseo. Freisin, tá sí ag obair ar chnuasach nua filíochta.

Focail agus dán le hÁine Uí Fhoghlú