Dán an Domhnaigh #LeChéile: Céim ollmhór thar a gceann siúd atá críonna, le Celia de Fréine

Ba mhaith linn an dán seo, “Céim ollmhór thar a gceann siúd atá críonna” a roinnt libh mar chuid den tsraith “Dán an Domhnaigh”. Scríobh Celia de Fréine é. #LeChéile

Focal Faoin Dán:

Sa dán seo baineann an file ciall aorach as moladh na comhairle cathrach páirceanna Bhaile Átha Cliath a bheith in áirithe don lucht críonna idir 1.30 agus 3.30 tráthnóna fad a bhíonn siad plódaithe leis an aos óg. Sa teideal déantar aithris ar ráiteas Neil Armstrong am ar ghlac sé céim bheag thar ceann an duine, céim ollmhór thar ceann an chine dhaonna ar leagan coise ar an ngealach dó.

Foinse: Focail agus dán le Celia de Fréine

Céim ollmhór thar a gceann siúd atá críonna

Ar deireadh leagann tú cos thar an tairseach
ag bogadh ó shábháilteacht an bhaile
go dtí an saol mór amuigh faoin spéir

Déanann tú ar an bpáirc
le linn na tréimhse atá dlite
is tagann iontas ort ar fheiceáil duit
go bhfuil chuile dhuine tar éis dul in óige –
go bhfuil a gcraiceann mín, a ngéaga solúbtha

Athshamhlaítear laethanta d’óige duit féin
is breathnaíonn mar a chlaochlaíonn
do bhróga Oxford go sála stílíní
go bróga bonnarda, cuaráin Ghréagacha
bróga peirce, ag síneadh siar chomh fada

le laethanta na mbuataisí aoldaite
a d’fhágadh do mháthair
ar leac na fuinneoige lena thriomú
sular thugadh sí cead duit dul amach ag súgradh

Celia de Fréine

Is scríbhneoir í Celia de Fréine a bhfuil go leor duaiseanna buaite aici dá cuid filíochta, ina measc Duais Patrick Kavanagh agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht. Is é I bhFreagairt ar Rilke : In Response to Rilke (Arlen House, 2020) an cnuasach filíochta is deireanaí de naoi gcnuasach atá curtha i gcló aici. Bhuaigh Ceannródaí (LeabhairCOMHAR, 2018), a beathaisnéis de Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh, ACIS Duais Leabhar Taighde na Bliana (2019) agus ainmníodh ar an ngearrliosta í don Irish Book Awards (2018) agus do Ghradam Uí Shuilleabháin (2019). D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR Cur i gCéill, an chéad scéinséir óna peann, in 2019.