Dán an Domhnaigh #LeChéile: Imirce, le Séamus Ó Liatháin

Ba mhaith linn an dán, “Imirce” a roinnt libh mar chuid den tsraith “Dán an Domhnaigh”. Scríobh Séamus Ó Liatháin é. #LeChéile

Focal faoin Dán:

Tá bunsmaoineamh an dáin seo fíor. Nuair a bhí an file óg, chonaic sé a dheirfiúr ag dul ar imirce go Londain. Lean beirt deirfiúracha eile í. Thagadh airgead gach seachtain uatha
sa chaoi is go mbeadh seans oideachais ag an té ab óige sa chlann, an file.

Imirce

Cailín i mbláth na hóige
Ag pacáil mála
Londain don chéad uair
Ar an mBád Bán.

Máthair le croí cloíte
Ag sileadh deóra
Deartháir óg ag súgradh
Gan tuigsint ar an mbrón.

Gaol ag fanacht thall
Lóistín in áirithe
Post in óstán faighte –
Uaigneas thar fóir.

Litir gach seachtain
Punt airgid ann
Oideachas do dheartháir óg
Éire ‘sna caogadaí.

Séamus Ó Liatháin

Rugadh Séamus Ó Liatháin i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo. Thosaigh sé a shaol oibre i gConamara. Níos déanaí, ceapadh é ina phríomhoide scoile in Inis, áit a bhfuil cónaí air ó shin. Scríobh sé roinnt leabhar ar chinnireacht scoile. Bronnadh gradam onórach air ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann in 2007 mar gheall ar a sheirbhís i gcúrsaí.

Foinse: Focail agus dán le Séamus Ó Liatháin