Deontais ceadaithe do chomhthionscadail Ghaeilge na hAlban & Ghaeilge na hÉireann agus do chompántais drámaíochta

Ag an dara cruinniú de chuid 2019 ar an Aoine an 8 Márta i mBéal Feirste, cheadaigh bord Fhoras na Gaeilge deontais do chomhthionscadail Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge na hÉireann agus do chompántais drámaíochta ar fud an oileáin.

Ceadaíodh luach €32,522 de dheontais faoi Scéim Deontas Cholmcille, scéim a chothaíonn caidreamh agus a neartaíonn an gaol idir pobail teanga Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge na hÉireann. I measc na dtionscadal a bheidh á reáchtáil le linn 2019 beidh Nasc le Sgoil an Taobh Siar, Eilean Leòdhais, atá á reáchtáil ag An Clár as Gaeilge (€12,000), Clár Ghaeilge na hAlban do Scoil Samhraidh Willie Clancy 2019 (€4,500) agus Òran Bagraidh le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain (£3,500).

Ceadaíodh €209,729 do 16 chompántas drámaíochta faoi Scéim na gCompántas Drámaíochta 2019 lena n-áirítear Aisling Ghéar, Béal Feirste (£24,000), Fibín, Gaillimh (€27,360), High Rock Productions, Baile Átha Cliath (€19,000), Ababú, Béal Feirste (£10,000) agus Graffiti, Corcaigh (€15,000).

Anuas ar na deontais thuas dáilfear Scéim na Scoláireachtaí 2019 faoi thrí chatagóir:

Catagóir

Eagraíocht

Scoláirí faoi 16, dírithe ar Thuaisceart Éireann amháin.

Conradh na Gaeilge

Gael Linn

Daoine fásta, dírithe ar dhaoine fásta ó thuaidh agus ó dheas 

Gael Linn

Teaghlaigh, dírithe ar theaghlaigh ó thuaidh agus ó dheas 

Cumann an Phiarsaigh

 

Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, Gael Linn agus Cumann an Phiarsaigh le fiosruithe maidir scoláireachtaí.

Críoch

 

Nóta don eagarthóir:

Scéimeanna maoinithe Fhoras na Gaeilge:

Tá gach eolas maidir leis na scéimeanna maoinithe thíos atá ar oscailt faoi láthair ar fáil ar www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna

  • Scéim Deontas Cholmcille 2019
  • Scéim na gCoimisiún 2019 (Clár na Leabhar Gaeilge)
  • An Scéim Meantóireachta 2019 (Clár na Leabhar Gaeilge)
  • Scéim na gCampaí Samhraidh 2019
  • Scéim na nImeachtaí Óige 2019/20
  • An Scéim Tacaíochta Gnó 2019

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie