Dr. Thomas H. Bak, caint phoiblí a thabhairt ar ‘The Significant Health Benefits of Learning an Additional Language’

Tá lúcháir ar Gael Linn, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, fáilte a chur roimh an Dr. Thomas H. Bak, caint phoiblí a thabhairt ar ‘The Significant Health Benefits of Learning an Additional Language’. Tá clú idirnáisiúnta ar an Dr. Bak maidir leis an taighde atá ar bun aige in Ollscoil Dhún Éideann sa néareolaíocht chognaíoch. 

Deis iontach a bheidh san ócáid seo idirphlé a dhéanamh leis An Dr. Bak faoina a chuid taighde a chuireann go mór lenár dtuiscint ar na buntáistí a bhaineann le teangacha eile a fhoghlaim, beag beann ar aois.

Dáta: Dé Máirt 16 Aibreán 2019

Am: 7.30 p.m.

Ionad: Foras na Gaeilge, 63-66 Amiens Street, Baile Átha Cliath 1

Saorchead isteach (líon teoranta) - RSVP reamonn@gael-linn.ie le d’áit a chur in áirithe.