Edel Ní Chorráin tosaithe mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/ Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge
Tá Edel Ní Chorráin tosaithe i mbun a cuid cúraimí mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge in oifig Bhéal Feirste.
Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, a ceapachán le Edel thiar i mí an Mheithimh 2017, ag rá go mbeidh “cúraimí an oideachais uirthi don tír ar fad le linn am atá cinniúnach i réimse an oideachais i dtaca leis an Ghaeilge de”. Tugann sí réimse leathan scileanna agus taithí léi isteach sa phost ríthábhachtach seo le Foras na Gaeilge, a bhfuil sé ar cheann de phríomhfheidhmeanna aige tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.
Tá taithí na mblianta ag Edel i réimse an oideachais, in oiliúint múinteoirí agus ag dearadh áiseanna teagaisc Gaeilge don seomra ranga go háirithe. I measc na dtionscadal a d’fhorbair Edel mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, leis an gComhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA), tá foclóir ar líne ar a dtugtar Ríomhfhoclóir Matamaitice, a thugann sainmhíniú ar théarmaíocht na matamaitice. Beidh sí ag díriú go sonrach ar na réimsí seo sa ról nua ó thaobh forbairtí a dhéanamh in oiliúint tosaigh múinteoirí chomh maith le sraith seimineár uile-oileáin a thabharfaidh treoir straitéiseach d’eagraíochtaí a dhearann áiseanna foghlama Gaeilge. Mar Leas-Phríomhfheidhmeannach agus mar bhall den fhoireann ardbhainistíochta, beidh ról lárnach aici ag pleanáil, ag eagrú agus ag bainistiú ghnó Fhoras na Gaeilge.
Ag labhairt faoina tosaíochtaí sa ról nua, dúirt Edel, “anois agus aird ar leith ó thuaidh ar an Ghaeilge, beidh tábhacht le ról reachtúil comhairleach Fhoras na Gaeilge do na Rialtais, agus béim ar leith ar ról ceannasaíochta Fhoras na Gaeilge. Lena chois sin beidh sé mar thosaíocht agam feasacht a ardú ar bhuntáistí an dátheangachais, an tairbhe a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar ábhair eile cosúil le Matamaitic trí mheán na Gaeilge go háirithe. Fuair mé mo chuid oideachais trí mheán an Bhéarla agus tuigim an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu chomh maith. Mar sin, tá sé mar aidhm agam feasacht a ardú maidir le tairbhe na Gaeilge do dhaoine óga tríd an tionscadal Gaelbhratach agus cur le líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge mar ábhar GCSE agus don A-leibhéal.”
Críoch
Nóta don Eagarthóir
Nóta beathaisnéise: Edel Ní Chorráin
Is ar an nGarastún i gCo. Fhear Manach a tógadh Edel Ní Chorráin. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í (BA sa Ghaeilge agus Matamaitic). D’fhreastail sí ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhain sí Teastas Iarchéime san Oideachas agus M.Sc sna hIlmheáin Oideachais amach. Chaith Edel tréimhsí éagsúla ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste, i gColáiste Chineál Eoghain i gCo. Dhún na nGall agus mar Eagarthóir Cúnta le Foras na Gaeilge. Chaith sí 10 mbliana ag obair mar chinnire, mar mhúinteoir agus ansin mar Phríomhoide i gColáiste Mhachaire Rabhartaigh. Ceapadh í mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, leis an gComhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) in 2012 agus le linn na tréimhse sin bhí sí freagrach as acmhainní a sholáthar don earnáil iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh, acmhainní ar líne ina measc.
Tuilleadh eolais:
Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge
Teil: 0035387 673 6175
Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie