Foghlaim conas Podchraoladh a dhéanamh le Raidió na Life i mí an Mheithimh!

Ar smaoinigh tú riamh gur mhaith leat podchraoladh a dhéanamh ach nach raibh a fhios agat cár cheart tosú? An dóigh leat go bhfuil scéal agat le hinsint? An dtaitníonn sé leat a bheith ag comhrá le daoine eile faoi ábhair spéisiula trí Ghaeilge? Beidh Raidió na Life ag reáchtáil sraith de cheardlanna i léiriúchán podchraoltaí le linn mhí an Mheithimh 2023, ag tabhairt deis d’eagrais Ghaeilge, grúpaí pobail Gaeilge, ciorcail chomhrá Gaeilge, agus daoine ón bpobal i gcoitinne foghlaim conas podchraoladh dá gcuid féin a chur le chéile. 

Díreoidh na ceardlanna ar conas podchraoladh a thosú, ón mbunsmaoineamh go dtí an próiseas taifeadta agus eagarthóireachta, agus conas é a chur ar fáil ar líne ar na hardáin ábhartha. Beidh deis ag rannpháirtithe cleachtadh a fháil ar theicnící micreafóin agus scileanna agallóireachta agus iad ag baint úsáid as trealamh taifeadta proifisiúnta ardchaighdeáin. Beidh na ceardlanna saor in aisce agus moltar do ghrúpaí agus do dhaoine a n-áiteanna a chur in áirithe go tapa. 

Reáchtálfar na ceardlanna le linn mí an Mheithimh i Raidió na Life, in Áras na Gaeilge ar Shráid Amiens i mBaile Átha Cliath 1. Le tuilleadh eolais a fháil agus le spás ar cheardlann a chur in áirithe, seol r-phost chuig judy.meg@raidionalife.ie.  

Tá Raidió na Life buíoch don tacaíocht ó Choimisiún na Meán trí scéim Fuaim agus Fís agus don tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge chun na ceardlanna seo a chur ar fáil saor in aisce. 

Ainmníodh Raidió na Life mar Stáisiún Raidió na Bliana 2022 ag  Féile na Meán Ceilteach. Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail Gaeilge do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail le tríocha bliain anuas, ó 1993, agus do phobal na Gaeilge ar fud na tíre is na cruinne ar www.raidionalife.ie. Faigheann an stáisiún tacaíocht mhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge agus ó Choimisiún na Meán. Tá foireann bheag de cheathrar lánaimseartha agus duine amháin páirtaimseartha fostaithe sa stáisiún. 

Is ar bhonn deonach a oibríonn na craoltóirí, le suas le 100 craoltóir deonach ag glacadh páirte gach uile sheachtain. Tá Bord Stiúrtha deonach ag an stáisiún freisin.

Tá na mílte craoltóir tar éis taithí chraolacháin a fháil i Raidió na Life le tríocha bliain anuas, ina measc, roinnt de na craoltóirí is aitheanta sa tír, idir réaltaí teilifíse is raidió – Sharon Ní Bheoláin (RTÉ News), Sinéad Crowley (RTÉ News), Cormac Ó hEadhra (Drivetime, RTÉ Raidió 1), Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Colm Ó Mongáin (RTÉ), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Barbara Nic Dhonnachadha (Galway Bay FM), an Dr Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus neart craoltóirí clúiteacha eile nach iad.    

Tá cáil ar an stáisiún mar sheirbhís raidió a chuireann rogha eile ar fáil don éisteoir, a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge, go háirithe lucht éisteachta níos óige, agus aithnítear é freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil. 

Raidió na Life […] play every genre of music under the sun. In this respect, they stand out from the crowd and provide the best mix of music you'll hear on the radio.” – Hot Press  

Tá tuilleadh eolais mar gheall ar Raidió na Life ar fáil ar www.raidionalife.ie.