Foghlaim níos mó faoi Ghaelphobal Chathair na Gaillimhe

Tá feachtas náisiúnta ar bun ag Foras na Gaeilge chun pobail taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta a spreagadh le bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal níos mó Gaelphobal a ghiniúint le gur féidir leo plean teanga a fhorbairt chun cur le húsáid na Gaeilge ina réigiún.

Tá an réigiún Gaeltachta is mó agus is láidre sa tír ar leic an dorais againn, agus tá tionchar leanúnach aige seo ar Chathair na Gaillimhe, ar a féiniúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch mar chathair dhátheangach. I nGaillimh tá pobal láidir de chainteoirí líofa Gaeilge ag cur fúthu agus tá an iomad institiúidí agus eagraíochtaí i mbun oibre le fada an lá ag cur na Gaeilge chun cinn sa chathair, Gaillimh le Gaeilge ina measc. Lá mór don Ghaeilge agus do Ghaillimh araon a bhí ann nuair a ghlac comhairleoirí Chathair na Gaillimhe an chéim mhór chun stádas dátheangach oifigiúil a bhronnadh ar an gcathair in 2016. 

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers, “Mar Aire a bhfuil freagracht air as cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, táim sásta an dul chun cinn suntasach a fheiceáil atá déanta sa phróiseas pleanála teanga ar fud na tíre go léir. Sna pobail a dtugaim cuairt orthu i mbailte agus i sráidbhailte fud fad na hÉireann, bím chomh tógtha sin le díograis, coimitmint agus tiomantas mhuintir na háite atá chomh paiseanta sin faoin nGaeilge a neartú agus a chur chun cinn. Tréaslaím le Foras na Gaeilge an feachtas agus suíomh gréasáin nua seo a bheidh ina acmhainn den scoth do na heagraíochtaí pleanála teanga atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Tá lúcháir orm freisin gurb é fócas an tionscnaimh seo é a dhéanamh níos éasca don phobal eolas a fháil faoin nGaeilge ina gceantair féin. Tá sé seo ríthábhachtach le go mbeidh níos mó daoine ag iarraidh an teanga a ghlacadh chucu féin agus chun a chinntiú go bhfásfaidh sí léi amach anseo.”

Ag labhairt di ar an bhfeachtas Gaelphobal, dúirt Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, “Cuirim fáilte roimh an bhfeachtas seo chun Gaelphobal Chathair na Gaillimhe a chur os comhair an tsaoil. Tugann sé aitheantas cuí agus poiblíocht leathan do phobal bríomhar na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe. Leis an bhfeachtas seo, tá deis eile fós againn ardán a thabhairt don obair dhátheangach ar fad agus do phobal fuinniúil Gaeilge Chathair na Gaillimhe. Tugann sé deis uathúil dúinn freisin féachaint ar a bhfuil ar siúl in ionaid dhátheangacha eile ar fud na tíre, agus comhoibriú leo agus smaointe a mhalartú chun an Ghaeilge a chur chun cinn níos mó ar leibhéal náisiúnta.”

Tá breis is €4.1 milliún á infheistiú ag Foras na Gaeilge sa phleanáil teanga in ocht gceantar atá aitheanta go hoifigiúil as forbairtí áitiúla ó thaobh na Gaeilge. Cheadaigh Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta, Plean Gaeilge Chathair na Gaillimhe, rud a thugann aitheantas do Ghaillimh mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. D’fhógair sé freisin go gcuirfear €100,000 de chiste bliantúil ar fáil chun tacú le feidhmiú an phlean teanga seo thar thréimhse seacht mbliana.

Is ar Ghaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, a leagadh an cúram plean teanga a réiteach don chathair. Cuirfidh coiste comhairleach tacaíocht ar fáil, ar a mbeidh ionadaithe ó na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí a bheidh páirteach i gcur i bhfeidhm na sé bheart déag atá sonraithe sa phlean. Tarraingítear aird sa phlean teanga ar an tábhacht a bhaineann le seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon.

Tá áthas ar Ghaillimh le Gaeilge go bhfuil an chéim is tábhachtaí sa phlean go dtí seo tugtha chun críche anois leis an bhfógra a rinne Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta, ag ócáid bhronnta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh le déanaí go bhfuil Máire Uí Dhufaigh (Ní Chonghaile) ceaptha ina hOifigeach Pleanála Teanga lánaimseartha le Gaillimh le Gaeilge.

I measc na mbeart sa phlean teanga, tá eolaire ar líne a chruthú de bhaill foirne a bhfuil Gaeilge acu i ngnólachtaí agus eagraíochtaí áitiúla. Anuas air sin, beidh sonraí san eolaire, a mbeidh fáil air i bhfómhar na bliana seo, i dtaobh imeachtaí agus ócáidí Gaeilge sa chathair.

 

Tuilleadh Eolais: Máire Uí Dhufaigh, Oifigeach Pleanála Teanga, Gaillimh le Gaeilge, Teach Uí Chiaruáin, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh. 091 568876 opt@gleg.ie agus ag Gaelphobal.ie