Fógraíonn Foras na Gaeilge tionscnaimh, foilseacháin agus maoiniú nua ag Oireachtas na Samhna
Fógraíonn Foras na Gaeilge tionscnaimh, foilseacháin agus maoiniú nua ag Oireachtas na Samhna
30 Deireadh Fómhair 2026
- Gaelphobal: Sraith físeán faoi na Bailte Seirbhíse Gaeltachta seolta ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD
- An Gúm: Trí leabhar nua de chuid an Ghúim seolta ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD
- €5.4 milliún faofa ag bord Fhoras na Gaeilge do na Ceanneagraíochtaí Gaeilge do 2027
- Focal ar Fhocal: 20,000 brí eile le cur leis an bhFoclóir Nua Gaeilge. Na leasuithe is déanaí le plé ag seisiún Rannóg Foclóireachta Fhoras na Gaeilge ag 4pm inniu.
Idir sheoltaí, sheisiúin agus chruinnithe, tá tairbhe á baint ag Foras na Gaeilge as seachtain bhríomhar agus fhiúntach ag Oireachtas na Samhna 2026.
Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, sraith gearrfhíseáin úrdhéanta a léiríonn obair thábhachtach na pleanála teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta: an Clochán, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, Dún Garbhán agus Trá Lí. Taispeánadh na físeáin den chéad uair le linn na hócáide agus tá an tsraith iomlán ar fáil anois mar chuid de shraith físeáin ardaithe feasachta ó Ghaelphobal.
Sheol an tAire Calleary trí leabhar nua atá foilsithe ag an nGúm:
- Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile, cnuasach filíochta le Gabriel Rosenstock a mhaisigh Joe McLaren;
- Thuas Staighre, Thíos Staighre, pictiúrleabhar nua le Claire Marie Dunne agus é maisithe ag Anita Foley;
- Julian an Mhaighdean Mhara, aistriúchán le Shanna Ní Rabhartaigh & Gillian Nic Ionmhain ar shaothar cáiliúil Jessica Love
Tugadh ómós don fhile iomráiteach agus údar Siobhán Ceanndána, Gabriel Rosenstock, a d'imigh uainn níos luaithe i mbliana. Cuireadh fáilte ar leith roimh bhean chéile Gabriel, Eithne, chomh maith lena n-iníon, Saffron, a léigh dán ón gcnuasach nua.
Ag comhchruinnithe a bhí ag bord Fhoras na Gaeilge le bord TG4 agus bord Údarás na Gaeltachta, cuireadh tosaíochtaí na n-eagraíochtaí do 2027 i láthair agus pléadh deiseanna comhoibrithe ag éirí astu.
Ag cruinniú boird Fhoras na Gaeilge inniu ceadaíodh caiteachas os cionn €5.4 milliún do na sé Cheanneagraíocht Ghaeilge do 2026, lena n-áirítear Conradh na Gaeilge (€997,576), Cumann na bhFiann (€775,136), Gael Linn (€776,460), Gaeloideachas (€849,346), Glór na nGael (€1,292,157) agus Oireachtas na Gaeilge (€744,733).
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Is í an chomhpháirtíocht leis na Ceanneagraíochtaí an chomhpháirtíocht is tábhachtaí atá ag Foras na Gaeilge, agus muid ag iarraidh an Ghaeilge a fhorbairt ag leibhéal an phobail. Léiríonn an infheistíocht mhór bhliantúil seo an mhuinín atá ag Foras na Gaeilge sna sé Cheanneagraíocht agus beimid ag súil le torthaí suntasacha uathu sa bhliain atá amach romhainn.”
I measc ghníomhaíochtaí eile Fhoras na Gaeilge an tseachtain seo tabharfar nuashonrú ar an obair atá ar bun le bliain anuas agus atá beartaithe sa bhliain romhainn ar na foclóirí éagsúla atá idir lámha ag Rannóg Foclóireachta Fhoras na Gaeilge. Cuireadh 15,000 brí nua leis an bhFoclóir Nua Gaeilge ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair agus tá i gceist 5,000 brí eile a chur leis roimh dheireadh na bliana seo.
Críoch
TUILLEADH EOLAIS
GAELPHOBAL
Is féidir teacht ar an tsraith físeán a seoladh anseo.
AN GÚM
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na leabhair nua a foilsíodh anseo.
FOCAL AR FHOCAL: TIONSCADAIL FOCLÓIREACHTA FHORAS NA GAEILGE, INNIU, AN 30 DEIREADH FÓMHAIR, 4PM, SVUÍT 5, LEIBHÉAL 1, GLENEAGLE
Tabharfar nuashonrú le linn an tseisiúin seo ar an obair atá ar bun le bliain anuas agus atá beartaithe sa bhliain romhainn ar na foclóirí éagsúla atá idir lámha ag Rannóg Foclóireachta Fhoras na Gaeilge.Tá i gceist suas le 20,000 brí eile a chur leis an bhFoclóir Nua Gaeilge an mhí seo. Déanfar plé ar chuid den ábhar sin agus ar leasuithe eile atá déanta ar na suíomhanna le bliain anuas.
CEISTEANNA
Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge
Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie Teil: 087 293 7686
TUILLEADH GRIANGHRAF AR FÁIL AR IARRATAS.