Leabhair Nua

An Corpán sa Trunc
An Corpán sa Trunc
Cathal Ó Sándair

‘A Bhriain, a chara, deirim leat go bhfuil troid romhainn. Ní bhfaighimid trócaire ar bith; ní dhéanfaimid trócaire ach chomh beag. Tá an namhaid sa daingean cheana féin. Caithfear é a ruaigeadh gan mhoill, nó beimid ródhéanach.’ Nuair a thuirlingíonn trunc mistéireach ag doras Chaitlín Mhic Gearailt, is beag coinne atá aici leis an uafás atá istigh ann: corpán a fir céile. Bhí an Garda óg Seán Mac Gearailt ar mhisean sár-rúnda do Malcolm Ó Conchubhair, Cheannaire an Bhrainse Lorgaireachta, é ag fiosrú buíon coirpeach atá i bhfad ró-eolach ar ghníomhaíochtaí rúnda na nGardaí agus an Rialtais. Níl aon amhras
Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh
Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh
Cathal Ó Sándair

‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé! Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí is fearr sa tír, ar an bpáirc imeartha. Ach cérbh é an Glaimhíneach seo, i ndáiríre? Cad a bhí ar siúl aige go ndearnadh é a lámhach go poiblí? Agus cé na dreamanna amhrasacha a raibh sé ag obair dóibh? Ar ámharaí an tsaoil bhí Réics Carló, an lorgaire phríobháideach is fearr sa tír, agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, i láthair ag an gcluiche. An mbeidh siadsan in
Áiteanna Iontacha Aisteacha
Áiteanna Iontacha Aisteacha
Miralda Colombo

Prev 1of3 Next   Máire Ní Chualáin a rinne an leagan Gaeilge Leabhar do pháistí 8 – 12 bliana d’aois. Tar linn ar aistear ar fud an domhain chun cuairt a thabhairt ar 15 iontas de dhéantús an duine. Ní inniu ná inné a tógadh cuid de na háiteanna iontacha aisteacha a fheicfidh tú ar an turas seo, ach na céadta nó na mílte bliain ó shin. Cuid eile acu is le déanaí a tógadh iad agus tá ceann amháin acu fós á tógáil, fiú. Is cuma ársa nó úrnua iad, tá áilleacht, éachtaí agus eachtraí ag baint le gach
Croí an Teaghlaigh an Grá
Croí an Teaghlaigh an Grá
Sophie Beer

Cibé acu is mamaí amháin nó beirt atá agat, daidí amháin nó beirt, tuismitheoir amháin, nó mamaí agus daidí, is é an rud a fhágann gur teaghlach sibh ná…GRÁ       Prev 1of2 Next
Céilim agus Rírá – Pacáiste 4 Leabhar
Céilim agus Rírá – Pacáiste 4 Leabhar
Megan Ní Ifearnáin a scríobh | Vince Reid a mhaisigh

Tá ceithre leabhar sa tsraith nua seo le Megan Ní Ifearnáin. Bíonn eachtra nua ag Céilim agus ag Mamaí gach séasúr sa bhliain. Bíonn madra Chéilim, Rírá, ag imirt folach bíog sna léaráidí freisin. Coinnigh súil amach dó!   DATHAIGH LEAT! Tá 4 bhileog dhathúcháin bunaithe ar léaráidí na sraithe seo ar fáil. Féadfaidh tuismitheoirí nó múinteoirí iad a íoslódáil sa bhaile nó sa seomra ranga agus páistí a chur á ndathú. Tá na bileoga dhathúcháin ar fáil ANSEO  
Céilim ar an bhFeirm
Céilim ar an bhFeirm
Megan Ní Ifearnáin | Vince Reid a mhaisigh

Seo chugainn an t-earrach. Tá Céilim agus Mamaí ar an bhfeirm. Tá ainmhithe beaga agus ainmhithe móra ann. Ach cad eile a fheicfidh siad?   DATHAIGH LEAT! Tá 4 bhileog dhathúcháin bunaithe ar léaráidí na sraithe Céilim agus Rírá ar fáil. Féadfaidh tuismitheoirí nó múinteoirí iad a íoslódáil sa bhaile nó sa seomra ranga agus páistí a chur á ndathú. Tá na bileoga dhathúcháin ar fáil ANSEO  
Céilim ar Laethana Saoire
Céilim ar Laethana Saoire
Megan Ní Ifearnáin a scríobh | Vince Reid a mhaisigh

Seo chugainn an samhradh agus tá Céilim agus Mamaí ar laethanta saoire. Ach cá rachaidh siad? Chuig an trá? Chuig an bpáirc spraoi?
Céilim sa Choill
Céilim sa Choill
Megan Ní Ifearnáin a scríobh | Vince Reid a mhaisigh

Seo chugainn an fómhar. Tá Céilim agus Mamaí ag siúl sa choill. Ach an dtiocfaidh Céilim slán ón bpuiteach?
Céilim agus an Sneachta
Céilim agus an Sneachta
Megan Ní Ifearnáin a scríobh | Vince Reid a mhaisigh

‘Ó, a leainín! Thit sneachta le linn na hoíche!’ Seo chugainn an geimhreadh agus tá sneachta sa ghairdín. Cén spórt a bheidh ag Céilim agus ag Mamaí inniu?
Gaschaint
Gaschaint
Úna Lawlor

Leabhar frásaí agus aip ghréasáin www.gaschaint.ie An raibh tú riamh ag iarraidh smaoineamh ar an leagan ceart agus tú ag labhairt Gaeilge le do pháiste? Tá réiteach na faidhbe anseo! Leabhar 2000 frása agus taifeadadh fuaime de na frásaí sin uile ar fáil ar www.gaschaint.ie freisin. Áis iontach atá ann dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a thabhairt dá gclann. Tugtar leaganacha ó na trí mhórchanúint sa leabhar agus dathchódú déanta orthu. Caint bheo na Gaeltachta atá ar an taifeadadh. Toradh is ea an pacáiste seo ar thionscadal ceannródaíoch a raibh idir chainteoirí dúchais agus daoine ar bheagán Gaeilge páirteach
Do Chodladh Beag
Do Chodladh Beag
Dr Ann-Marie Crowe

Laoise Breathnach agus Marian Breathnach a d’aistrigh go Gaeilge. Dia duit! Annie is ainm dom agus is dochtúir mé san ospidéal. Táim anseo chun insint duit faoin méid a tharlóidh más gá duit riamh teacht chuig an ospidéal le haghaidh obráide nó scanadh faoi ainéistéiseach ginearálta. Inseoidh mé chuile rud duit faoin jab iontach atá agam, faoi na daoine a mbuailfidh tú leo agus faoin gcaoi a mbraithfidh tú nuair a bheidh tú anseo! Leabhar é seo do leanaí agus dá dtuismitheoirí chun an próiseas a bhaineann le teacht isteach san ospidéal le haghaidh obráide nó scanadh faoi ainéistéiseach ginearálta
Sconsa
Sconsa
Seán Ó Muireagáin

Tá uaigneas agus brón ar an mhadadh bheag. Is léir nach bhfuil cabhair ar bith de dhíth ar dhuine ná ar ainmhí ar bith ar an fheirm. Níl cead aige dul ag pludaráil leis na muca, ná cuidiú leis an chapall mhór. Níl cead aige an lá a fhógairt leis an choileach, fiú. An bhfuil obair de chineál eile ar an fheirm don mhadadh bheag?
An tEitleán Dofheicthe
An tEitleán Dofheicthe
Cathal Ó Sándair

‘Táimid chun Éire a smachtú le cabhair an Eitleáin Dhofheicthe ó Thigh Mhóire go Domhnach Daoi. Déanfaimid Banc na hÉireann, Dáil Éireann, Ardoifig an Phoist agus áiteanna eile a shéideadh san aer le pléascáin. Millfimid bealaí taistil na príomhchathrach. Stopfaimid an gléas rialtais go léir. Beidh an tír uile bunoscionn.’ Tamall beag i ndiaidh meán oíche ar an 1 Feabhra 1943, déantar ionsaí fíochmhar, barbartha ar iompróir míleata agus é ar a bhealach go saotharlann rúnda i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Maraítear na saighdiúirí uile atá á thionlacan agus goidtear an lastas ríluachmhar atá istigh ann, an tEitleán Dofheicthe. Déanann na Gardaí mionscrúdú
Na Mairbh a d’fhill
Na Mairbh a d’fhill
Cathal Ó Sándair

‘Heileo! Cé sin ag caint? Réics Carló? Is mise Séamus Ó Ceallacháin. Tá rud uafásach tar éis titim amach – tá an Dochtúir imithe!’ Nuair a fhuadaítear an Dr Leon, eolaí rí‑éirimiúil atá ag obair ar aireagán sár-rúnda ar son Rialtas na hÉireann, iarrtar ar a sheanchara Réics Carló an cás a fhiosrú. Tá Réics muiníneach go n-éireoidh leis Leon a thabhairt slán – níor theip air riamh cás a réiteach. De réir mar a théann sé i mbun oibre, áfach, tuigtear dó go bhfuil rud éigin as an ngnáth ar fad faoin gcás áirithe seo. Beidh clisteacht, cúnamh agus a dhá dhorn de
Faoi Cheilt
Faoi Cheilt
Thierry Robberecht

Nuair a fheiceann Elsa, cailín óg Francach, campa gruama na dteifeach lena dhá súil féin, níl tógáil a cinn aici le náire. Ag snámhaíl sa láib atá muintir an champa agus iad ag cur fúthu i bpubaill a ligeann an t-uisce isteach. Ansin, cuireann Elsa aithne ar Shiriach óg darb ainm Bachir. Teastaíonn go géar uaithi cúnamh a thabhairt dá cara nua agus dá theaghlach … ach cad is féidir léi a dhéanamh agus gan inti ach cailín ceithre bliana déag d’aois? Aistriúchán é seo ar an leabhar móréilimh, La Cache, leis an mBeilgeach, Thierry Robberecht. Cuirfidh déagóirí óga suim
I Lár na Coille
I Lár na Coille
Éamonn Ó Ruanaí
Martin Fagan a mhaisigh

Níor thaitin an choill dhorcha le Siobhán ó bhí sí ina cailín an-óg. Bhí rud éigin aisteach ag baint leis an áit. Ach ní mór do Shiobhán aghaidh a thabhairt ar an gcoill chun cuidiú le cat atá gortaithe. Cá bhfios céard atá roimpi ag bun an chosáin chasta i lár na coille … Beagán draíochta b’fhéidir?
Clíona agus an Cluiche Peile
Clíona agus an Cluiche Peile
Úna Leavy
Kieron Black a mhaisigh

Is í an pheil is gaire do chroí Chlíona. Ba chuma léi ócáid ar bith a chailleadh ach a bheith in ann imirt sa chluiche craoibhe. Ach an bhfaighidh sí áit ar an bhfoireann?
Bleachtairí Beaga Bhaile Átha Cliath
Bleachtairí Beaga Bhaile Átha Cliath
Gabriel Rosenstock
Aongus Ó Coileáin a mhaisigh

Torann aisteach. Tiúilipí goidte. Madra ar iarraidh. Boladh bréan. Níl aon chás róbheag ná rómhór don Cheathrar. An leabhar nótaí agus an ceamara faoi réir, ar aghaidh leis na bleachtairí beaga ar lorg leideanna. Ní mór don Cheathrar a bheith seiftiúil agus gach uile chás á fhiosrú. Le chéile tiocfaidh siad ar réiteach…  
Ó Bhó, na Beacha!
Ó Bhó, na Beacha!
Pauline Devine
Róisín Curé a mhaisigh

Ó bhó! Cad a dhéanfaidh na beacha nuair a scriostar an choirceog orthu? Agus cé hé an ‘bithiúnach lofa’ a rinne an dochar? Beidh ar Mhamó agus a comrádaithe beaga an scéal a réiteach gan mhoill nó baileoidh na beacha leo! Oh no! What will the bees do when their hive is destroyed? And what ‘rotten villain’ is responsible? Mamó and her little companions will have to act quickly or the bees will leave for good!
Gairdín Mháire na mBláth
Gairdín Mháire na mBláth
Tatyana Feeney

Bronntanas breá samhraidh is ea Gairdín Mháire na mBláth, an saothar is déanaí ó Tatyana Feeney. Leabhar aoibhinn álainn é seo a chuirfidh gliondar ar an té a léifidh é. Scéal cairdis agus comhluadair is ea Gairdín Mháire na mBláth. Feiceann Máire na mBláth lá amháin nach bhfuil aon bhláthanna ag fás sa scoil áitiúil. Socraíonn sí dul chun na scoile agus cabhrú leis na daltaí gairdín scoile a chur. Oibríonn sí féin agus na páistí as lámha a chéile agus cuireann siad gairdín breá ag fás taobh leis an scoil. Ach cad faoi ghairdín Mháire féin? Níl cuma rómhaith
An Scéim: An Gúm 1926-2016
An Scéim: An Gúm 1926-2016
Cnuasach Aistí Gníomh dóchais agus misnigh a bhí i mbunú an Ghúim in 1926. Bhí droch‑chaoi ar an tír agus créachtaí an Chogaidh Chathartha fós ag déanamh braoin, ach ba mheabhrú é ar a thábhachtaí a bhí an Ghaeilge sa stát nua bunú na scéime chun ábhar léitheoireachta Gaeilge a chur ar fáil don phobal ag an am. Mar chomóradh ar nócha bliain a bhunaithe reáchtáladh comhdháil lae ar an nGúm i mí Dheireadh Fómhair 2016 i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá téacs iomlánaithe na gcainteanna a tugadh an lá sin ar fáil anois sa chnuasach aistí seo.
Is Mise Úna
Is Mise Úna
Séamas Mac Eochaidh
Aidan Courtney a mhaisigh

Is cailín cliste cairdiúil ciúin í Úna, atá ag fágáil slán leis an bhunscoil. Is fada le hÚna go mbeidh sí féin agus a CGD (cara go deo), Áine, imithe chun na meánscoile agus ar shiúl ón mhúinteoir a bhí acu ar feadh na mblianta, Brian Mac an T-Rex. Idir mháthair a chuireann náire uirthi, shioráif scoile, agus timpeallacht dhifriúil, tagann athrú mór ar shaol Úna nuair a bhogann sí chun na meánscoile. Idir shúgradh agus dáiríre atá an scéal spleodrach seo faoi na fadhbanna a d’fhéadfadh teacht sa bhealach ar dhuine óg ag tráth íogair ina saol.
An Gadaí Dubh
An Gadaí Dubh
Siobhán Ní Mhuimhneacháin
Kieron Black a mhaisigh

SÉIDEÁN SÍ – Úrscéal nua don chlár léitheoireachta do pháistí sna hardranganna. Níl dúil ar bith ag Dáibhí Ó Dalaigh sna scéalta traidisiúnta ná sna piseoga. Dar leis, níl sna scéalta faoi Naomh Gobnait agus an Gadaí Dubh ach seafóid. Ach braitheann Dáibhí draíocht dhomhínithe éigin agus é ar strae tráthnóna dorcha i dTeampall Naomh Gobnait. An eol don Ghadaí an choir atá déanta ag Dáibhí? An bhfuil fírinne ag baint leis na piseoga? Trácht sna meáin faoin leabhar: Nós.ie The Corkman
Cochaillín Dearg – dráma véarsaíochta
Cochaillín Dearg – dráma véarsaíochta
Áine Ní Ghlinn
Susan Meaney a mhaisigh

Leagan nua véarsaíochta de scéal Chochaillín Dearg atá sa leabhar seo. I riocht dráma atá sé curtha i láthair agus beidh sé an-oiriúnach le léiriú mar dhráma ranga. Tá liosta suimiúil carachtar ann móide treoracha soiléire ón údar maidir lena chur ar stáitse ar bhealach simplí samhlaíoch. Duine de mhórúdar saothar do dhaoine óga í Áine Ní Ghlinn. Ceapadh ina Laureate na nÓg í in 2020. The story of Little Red Riding Hood retold in verse and presented in the form of a drama that could be staged in a primary school setting.
LÚBA
LÚBA
Alan Titley
John White a mhaisigh

Bhuaigh an saothar seo gradam Buaicshaothar Próis na Bliana ag Oireachtas 2018. ‘Cad ba mhaith leat anois?’ Ní raibh tuairim agam cad a bhí uaim. Conas a bheadh? ‘Imeacht, is dócha,’ arsa mise, mar b’in iad na focail a tháinig amach. ‘Imeacht in áit éigin nach n-aithneofaí mé.’ Tá Lucy ag streachailt leis an saol: a tuismitheoirí, an scoil, a cairde, a smaointe féin fiú. An dtiocfadh léi saol álainn a bheith aici mar atá ag Clúimhín, an cat? Agus dá mbronnfaí saol an chait uirthi, an mbeadh sí sásta leis? Úrscéal tuisceanach, cliste, greannmhar don aos óg ó dhuine
An Eala Órga agus scéalta eile ón India
An Eala Órga agus scéalta eile ón India
Gabriel Rosenstock
Brian Fitzgerald a mhaisigh

Bhí an ghrian go hard sa spéir. Thosaigh na hainmhithe móra ag gearán. ‘Tá an ghrian i bhfad róthe!’ arsa an buabhall uisce. ‘Tá,’ arsa an eilifint. ‘B’fhearr liom é mura n-éireodh sí in aon chor!’ Chuala an ghrian ag caint iad. Shocraigh sí nach n-éireodh sí lá arna mhárach ná an lá ina dhiaidh sin. Stailc! I scéal seo na gréine, agus i scéalta An Eala Órga trí chéile, tugann Gabriel Rosenstock, mar aon lena chomhealaíontóir, Brian Fitzgerald, ar thuras geal i bhfad is i gcéin muid. Seo againn Gúrú na Gaeilge agus é i mbarr a réime. Léigh
Ag Dul i dTír
Ag Dul i dTír
Miriam Molony
Steve Doogan a mhaisigh

An uair dheireanach a casadh Tomás Mac Lannchaidh agus a theaghlach orainn in Turas go Meiriceá bhí siad tar éis an t-aistear fada as Éirinn siar go Meiriceá a chur díobh. Bhí idir bhrón is ghliondar ag baint leis an aistear céanna.  Anois tá siad réidh le dul i dtír agus saol nua a réiteach dóibh féin san Oileán Úr; tús a chur le haistear cinniúnach eile.
Ar Thóir Focal le Róbó
Ar Thóir Focal le Róbó
Heather Heyworth

Meaitseáil an focal le pictiúr! Leabhar álainn é seo atá breaclán de dheiseanna foghlama don duine óg ó éirí na gréine go dtí am soip! Beidh an leabhar taitneamhach seo ina áis sa naíonra agus sa bhaile araon.
Sa Bhaile Mór (Seo Linn ag Cuardach Focal)
Sa Bhaile Mór (Seo Linn ag Cuardach Focal)
Benedict Blathwayt

Leabhar álainn é seo ina gcuirtear na focail i láthair an pháiste ar bhealach spraíúil. Tá neart le feiceáil sa bhaile mór! Beimid ag faire amach do na feithiclí móra, ag breathnú sna siopaí agus ag spraoi sa pháirc.
Faoin Tuath
Faoin Tuath
Benedict Blathwayt

Leabhar álainn é seo ina gcuirtear na focail i láthair an pháiste ar bhealach spraíúil. Tá neart le feiceáil sa bhaile mór! Beimid ag faire amach do na feithiclí móra, ag breathnú sna siopaí agus ag spraoi sa pháirc.
1 - 30 of 34 items