An Scéim Meantóireachta 2027
- Lá
- Uair
- Nóim
Is é aidhm na scéime seo deis a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta comhairle faoina gcuid scríbhinní agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne a fháil ó mheantóirí ar scríbhneoirí aitheanta iad.
Cuirimid fáilte roimh iarratais le haghaidh na ról seo a leanas:
Scríbhneoirí – scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta
Meantóirí – scríbhneoirí aitheanta a bhfuil suim acu a bheith ina meantóirí
Comhordaitheoir – scríbhneoir aitheanta a dhéanfaidh an scéim a chomhordú
Beidh €1,200 ar a mhéad ar fáil do scríbhneoirí.
Beidh €3,000 ar a mhéad ar fáil do mheantóirí.
Beidh €1,500 ar a mhéad ar fáil don chomhordaitheoir.
Is é 12 meán lae, Dé Luain an 18 Eanáir 2027 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Is féidir an fhoirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil thíos: