Scéim Chóiríochta Aon Uaire d’Ionaid Phobail Gaeilge 2021
Scéim Cóiríochta Aon Uaire d’Ionaid Phobail Ghaeilge 2021
Is é an aidhm atá leis an scéim seo maoiniú aon uaire a chur ar fáil d’ionaid phobail Ghaeilge ar fud na tíre, a chuideoidh Ionaid a fhorbairt ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail.
Beidh an scéim iomaíoch seo oscailte d’iarratasóirí áit ar bith in Éirinn taobh amuigh den Ghaeltacht oifigiúil.
Caithfidh foirgneamh a bheith ag eagraíocht a dhéanfaidh iarratas ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid go gníomhach agus inarb í an Ghaeilge teanga na hoibre agus na cumarsáide maidir le reáchtáil an ionaid. Ní mór clár gníomhaíochtaí Gaeilge a éascú san ionad a dhéanfaidh an Ghaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail.
Tá suas le €300,000 de bhuiséad iomlán ag an scéim tacaíochta seo. Is é íosmhéid an deontais is féidir a fháil €12,000/£10,000 agus is é an t-uasmhéid €35,000/£30,000.
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas 12 meán lae, 12 Samhain 2021 agus ní ghlacfar le haon iarratas a gheobhaimid tar éis an spriocdháta seo.
Má tá spéis agat iarratas a dhéanamh léigh na treoirlínte ar dtús sula gcomhlánóidh tú an fhoirm iarratais atá ar fáil thíos