Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024

Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh iarratais ó eagraíochtaí pobail don Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge.
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
2 Lúnasa 2021

Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh iarratais ó eagraíochtaí pobail don Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge.
Is é an aidhm atá leis an scéim seo an Ghaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn ceantair le béim faoi leith ar fhorbairt agus ar fheidhmiú pleananna teanga cuimsitheacha do na ceantair sin rannpháirteach san iarratas.

De réir pholasaithe an rialtais don Ghaeilge, tá béim na scéime seo ar phleanáil níos fadtéarmaí agus níos straitéisí, de réir phrionsabail na pleanála teanga. Táimid ag iarraidh, mar sin, mórchuspóir a bheith ag an iarratasóir aitheantas mar líonra Gaeilge a bhaint amach don cheantar atá rannpháirteach san iarratas.

Beidh ar an iarratasóir ceantar geografach a shainaithint agus a shainmhíniú san iarratas, agus faisnéis mhionsonraithe a thabhairt bunaithe ar staitiscí oifgiúla ón daonáireamh is déanaí maidir leis an leibhéal úsáide Gaeilge i bpobal an cheantair sin. Ní mór don iarratasóir a bheith lonnaithe sa cheantar sin.

Cur chuige céimnitheach atá beartaithe sa scéim seo, le fócas dírithe, ag brath ar stáid forbartha cheantar an iarratasóra. Aithnítear trí chéim forbartha faoin scéim seo, ardchéim, meánchéim agus bunchéim. Beidh cead ag eagraíochtaí cur isteach ar chéim amháin den scéim seo. Tá critéir na scéime agus eolas ábhartha eile le fáil sna Treoirlínte agus moltar iad a léamh go cúramach.

Is é an spriocdháta don scéim ná Dé Luain, 2 Lúnasa 2021 @ 12:00

Má tá fiosrúcháin agat, seol chuig sflg@forasnagaeilge.ie é

Tá gach sonraí tugtha sna cáipéisí iarratais thíos. Cliceáil ar na nascanna leis na cáipéisí iarratais a íoslódáil: