Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh iarratais don scéim seo a leanas: Scéim na bhFéilte 01 Meitheamh – 31 Nollaig 2022 (Glaoch 2)
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
25 Feabhra 2022

Beidh Scéim na bhFéilte Glaoch 2 oscailte do ghrúpaí áitiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar fhéilte ealaíon nó ar eilimintí d’fhéilte atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona Gaeilge mar chuid lárnach díobh idir 01 Meitheamh agus 31 Nollaig 2022.

Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge, na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile, agus ardán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.