Scéim na bhFéilte 2026 Glaoch 2 (01 Meitheamh – 31 Nollaig)
Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh iarratais don scéim seo a leanas:
Scéim na bhFéilte 2026 Glaoch 2 (01 Meitheamh – 31 Nollaig)
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
24 Aibreán 2026
Tá Scéim na bhFéilte (Glaoch 2) 2026 oscailte do ghrúpaí áitiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar fhéilte ealaíon nó ar eilimintí d’fhéilte atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona teangabhunaithe mar chuid lárnach díobh idir 01 Meitheamh – 31 Nollaig 2026.
Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge, na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile, agus ardán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.