Scéim na gCampaí Samhraidh 2022

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg (3 bliana – 18 mbliana d’aois):
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
25 Feabhra 2022

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg (3 bliana – 18 mbliana d’aois):

  • a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a threisiú trí mheascán d’imeachtaí;
  • nach campaí cónaithe iad;
  • a mhairfidh 5 lá;
  • a bheidh á reáchtáil idir an 20 Meitheamh agus an 28 Lúnasa 2022;
  • a mhairfidh ar a laghad 4.5 uair an chloig gach lá.

Is scéim neamhbhrabúsach í seo chun táillí an champa a choinneáil íseal do na daoine óga.

Is le hairgead poiblí a bhronntar deontais, agus tá dualgais reachtúla ar Fhoras na Gaeilge chun luach ar airgead gach tionscadail mhaoinithe a dheimhniú.

Molann Foras na Gaeilge d’iarratasóirí cómhaoiniú a lorg le haghaidh tionscadal, nuair is cuí, agus comhoibriú le heagraíochtaí eile leis an luach is fearr a fháil ó dheontas Fhoras na Gaeilge.

Cuirimid fáilte faoi leith roimh iarratais ó eagraíochtaí atá suite i gceantair aitheanta i straitéisí agus/nó i reachtaíocht rialtais.

Is gá an fhoirm iarratais agus na cáipéisí tacaíochta a chur ar ríomhphost chuig oideachas@forasnagaeilge.ie roimh an spriocdháta.

Má tá aon cheist agat faoi ghné ar bith de na critéir cháilitheacha, dean teagmháil le Foras na Gaeilge roimh an spriocdháta, 5.00pm, Dé hAoine, an 25 Feabhra 2022.