Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta 2020-2022

Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh eagraíochtaí ar mian leo scéim scoláireachtaí a riaradh iarratas a dhéanamh ar Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta 2020-22.
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
30 Meán Fómhair 2019

Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh eagraíochtaí ar mian leo scéim scoláireachtaí a riaradh iarratas a dhéanamh ar Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta 2020-22. Cuirfimid maoiniú ar fáil do scoláireachtaí faoi na trí chatagóir seo a leanas: Scoláirí faoi 18 ó thuaidh, Daoine fásta agus Teaghlaigh

Tá sé mar aidhm ag an scéim seo deis a chur ar fáil do dhaoine óga faoi ocht mbliana déag d’aois a bhfuil cónaí orthu ó thuaidh, chomh maith le daoine fásta agus teaghlaigh fud fad an oileáin, freastal ar chúrsa Gaeltachta.

Iarrfaimid ar dheontaithe, i gcomhar le grúpaí pobail, scoileanna etc., díriú ar cheantair a bhfuil líon ard daoine faoi mhíbhuntáiste ina gcónaí iontu. Iarrfaimid ar dheontaithe chomh maith díriú ar scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaoine ó na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge.

Caithfidh iarratasóirí na nithe seo a leanas a bheith acu

  1. Bunreacht nó meabhráin agus airteagail
  2. Seicliosta um chumhdach leanaí atá in oiriúint don dlínse ábhartha
  3. Cuntas bainc
  4. Uimhir chánach ROS bhailí nó deimhniú imréitigh cánach
  5. Cuntais iniúchta

Sprioc d’iarratais

5 p.m. Dé Luain an 30 Meán Fómhair 2019