Tairiscintí á lorg do sheirbhísí margaíochta

Le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, tá conradh, ar fiú suas le €210,000 é, á thairiscint ag Cumann na bhFoilsitheoirí le bainistiú a dhéanamh ar a bhfeachtas margaíochta agus poiblíochta ar leabhair Ghaeilge idir seo agus mí na Nollag 2022.
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
18 Lúnasa 2020

Le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, tá conradh, ar fiú suas le €210,000 é, á thairiscint ag Cumann na bhFoilsitheoirí le bainistiú a dhéanamh ar a bhfeachtas margaíochta agus poiblíochta ar leabhair Ghaeilge idir seo agus mí na Nollag 2022.

Níor mhór d’iarrthóirí na cáilíochtaí seo a leanas a bheith acu:

• Taithí chruthaithe i réimse na margaíochta;
• Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhartha agus scríofa;
• Eolas cuimsitheach ar earnáil foilsitheoireachta na Gaeilge;
• Saineolas ar na meáin shóisialta agus ar na meáin thraidisiúnta araon agus ar úsáid ardáin éagsúla ar mhaithe le margaíocht a dhéanamh.

Seol iarratais ar rphost chuig: cumannnabhfoilsitheoiri@gmail.com roimh 26 Lúnasa