Galf as Gaeilge 2018

Galf as Gaeilge 2018
Dé Sathairn, 9 Meitheamh 2018
Esker Hills GC,
An Tulach Mhór
12.00 p.m. go dtí 3.00 p.m.


Rialacha don SCRAMBLE
(Ní mór Gaeilge mhaith agus bac oifigiúil GUI a bheith ag gach imreoir)

  1. Comórtas Scramble le foireann de 3
  2. 1/6ú (an séú cuid) de iomlán na mbacanna
  3. Caithfear céad buille gach duine den triúr a úsáid ar a laghad 3 huaire agus é sin a bheith soiléir ar an gcárta.
  4. Caithfear an liathróid a roghnaítear a imirt ‘mar a luíonn sé’ agus tá cead ag an bheirt eile an liathróid a leagan síos (placing), i ngach áit.
  5. Duaiseanna don 1ú, 2ú & 3ú, 4ú agus 5ú háit, maraon le duaiseanna don chéad naoi agus don dara naoi bpoll agus don té is cóngaraí don pholl .

Beidh grúpa i mbun ceoil sa gClubtheach ó 6.00 p.m. ar aghaidh. Beidh bia agus deoch le ceannach i rith an lae ar fad agus beidh na duaiseanna á bhronnadh c. 8.00 p.m.

Tá Galf as Gaeilge 2018 á eagrú ag Oireachtas na Gaeilge agus Gael Linn agus urraithe ag Foras na Gaeilge

FOIRM IARRATAIS 2018