Gearrliosta Ghradam de Bhaldraithe 2020

Tá leabhair Ghaeilge ar shár-chaighdeán ainmnithe le haghaidh na nGradam Foilsitheoireachta i mbliana. Is féidir teacht ar na leabhair agus na húdair a bhí ainmnithe le haghaidh Gradam de Bhaldraithe thíos anseo. Comhghairdeas mór leo ar fad, go háirithe le Colmcille Ó Monacháin, a d’aistrigh Ar Luch agus ar Dhuine le John Steinbeck, agus foilsithe ag Leabhar Breac.

ZOG le Julia Donaldson agus Axel Scheffler agus aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin, foilsithe ag Futa Fata – Is é Zog an dragún is díograisí ar scoil ach bíonn timpistí aige go minic. Ar ámharaí an tsaoil, tagann cailín beag mistéireach i gcabhair air i gcónaí ach an mbeidh sí in ann cabhrú leis an tasc is doichte seo a dhéanamh: an banphrionsa a ghabháil?

DIALANN DÚRADÁIN: AN FHÍRINNE SHEARBH le Jeff Kinney agus aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, foilsithe ag Futa Fata – Cheap Greg Heffley go mbeadh sé go hiontach a bheith níos sine, ach níl. Tá brú nua ag baint le cóisirí tí a dtéann buachaillí agus cailíní chucu in éineacht. Tá freagrachtaí nua ar Ghreg. Tá sé féin ag fás agus ag athrú agus níl a sheanchara, Rowley, thart chun labhairt leis faoi seo ar fad. An mbeidh Greg in ann ag an saol nua seo as féin? Nó an mbeidh air déileáil leis an “fhírinne shearbh”?

SLAT RÍOGA OTTOKAR le Hergé agus aistrithe ag Gabriel Rosenstock, foilsithe ag Dalen Éireann – Tugann Tintin aghaidh ar ríocht bheag, an tSildáivé, áit a bhfuil comhcheilg ar bun i gcoinne an rí óig, Múisc Áir XII. Is mian leis na comhchealgairí Ríshlat an Rí Ottokar a ghoid, siombail na ríochta. Má éiríonn leo, beidh ar an rí éirí as. Tá an tír ag cur thar maoil le feallairí! An éireoidh le Tintin an rí agus an tSildáivé a shábháil?

ASTERIX igCOILL CINSEALACHTA le René Goscinny agus Albert Uderzo agus aistrithe ag Gabriel Rosenstock, foilsithe ag Dalen Éireann – Tá Asterix agus a chomh-Ghallaigh ag seasamh in aghaidh impiriúlachas na Róimhe, mar is dual dóibh. Tá plean ag Caesar chun an lámh in uachtar a fháil orthu faoi dheireadh — an ceantar a phlódú le plandálaithe! Seasann Asterix agus a chairde in aghaidh na bplandálaithe ar dtús ach tuigeann siad de réir a chéile go mb’fhéidir go bhfuil an domhan ag athrú. An gcaithfidh na Gallaigh athrú nó má athraíonn siad an gcuirfidh siad a dteanga agus a gcultúr ársa i mbaol?

NICOLÁS BEAG: EACHTRAÍ le René Goscinny agus Jean-Jacques Sempé agus aistrithe ag Séamus Ó Coileáin, foilsithe ag Dalen Éireann – Seo Nioclás Beag, buachaill scoile atá lán d’fhuinneamh agus de dhiabhlaíocht agus a bhíonn i gcónaí i dtrioblóid. Is cuma más ar scoil nó sa bhaile atá sé, bíonn sé ina liútar éatar nuair a bhíonn Nioclás agus a chairde le chéile. Tá deis anois againn scéalta na heachtraíochta sin a léamh nó a athléamh inár dteanga féin.

AR LUCH AGUS AR DHUINE le John Steinbeck agus aistrithe ag Colmcille Ó Monacháin, foilsithe ag Leabhar Breac– Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh sa bhliain 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite.

Ar fáil anois le ceannacht:

https://www.siopaleabhar.com/

https://www.litriocht.com/

https://www.siopagaeilge.ie/

https://leabharbreac.com/