Good Piping – Scannán

A mhuintir Bhaile Átha Cliath!

Tá cuireadh ó chroí oraibh teacht Dé hAoine an 4 Eanáir le breathnú ar Good Piping, gnéscannán faisnéise ar cheoltóirí Éireannacha ag seinm ar an uirlis is diamhra de chuid na hÉireann, an phíb uilleann. “Féadfar an phíb mhála neamhchoitianta ársa seo a fheiceáil ar uairibh i dteach tábhairne nó ag féile, ach mar uirlis cheoil aonair stairiúil, ag treorú damhsaí agus ag coscairt anamnacha, is pearsa nach bhfeictear ach go hannamh i gcónaí í an uirlis seo, fiú in Éirinn a dúchais” Na Píobairí, 2002). Níor taispeánadh Good Piping ach dhá uair cheana in Éirinn, uair amháin ag Insititiúid Scannánaíochta na hÉireann agus uair amháin i Sráid na Cathrach le linn Sheachtain Liam Mhic Lannchaidh. “Pearsa nach bhfeictear ach go hannamh” ab ea é an scannán  freisin agus tá lúcháir orainn a fhógairt gur eisíodh é le deireanas ar DVD agus Blu-ray. Téigh go www.GoodPipingFilm.com le tuilleadh eolais a fháil. Táimid ag tabhairt an scannáin ar ais go hÉirinn le haghaidh sraith taispeántas in 2019 leis an eisiúint a cheiliúradh. Seo an t-aon taispeántas amháin a bheidh i mBaile Átha Cliath agus is cinnte go mbeidh spraoi ann!

Taispeánfar an scannán in The Sugar Club ar Shráid Líosain le hurraíocht chineálta ó Fhoras na Gaeilge. Beidh na doirse ar oscailt ag 7.30 p.m. agus beidh triúr ceoltóir óg (le socrú) ag seinm ceol traidisiúnta ag dul isteach dúinn. Tar agus bíodh deoch agat roimh ré agus bain taitneamh as an gceol. Beidh DVDanna/Blu-ray agus póstaeir ar díol i rith na hoíche. Timpeall 8.15 tosóimid ag cur daoine ina suí agus cuirfear an scannán ar siúl ar bhuille 8.30. Beidh an stiúrthóir agus an cliar i láthair le haghaidh seisiún ceisteanna tar éis an scannáin. Agus, ar ndóigh, beidh seisiún ina dhiaidh le ceoltóirí ag an gclub nó i dteach tábhairne ar na gaobhair.

RSVP anseo: http://www.instagram.com/goodpiping