Gradaim Fhoilsitheoireachta na Gaeilge 2023 Bronnta 

Ar an gCéadaoin, 27 Meán Fómhair 2023, i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) i mBaile Átha Cliath, ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2023:  Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg); Gradam Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus Gradam de Bhaldraithe (gradam do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na gradaim bhliantúla seo.  Is í Cathaoirleach an Fhorais, Regina Chollatáin i dteannta Uachtarán an Oireachtais 2023, An Dr. Gearóid Denvir, a rinne an bronnadh. Bronnadh Gradam Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachtaCló-Iar Chonnacht, ar son an leabhair, Béal na Péiste le Fionntán de Brún. Is ar an teach foilsitheoireachta Futa Fata a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar Amuigh Faoin Spéir a scríobh Sadhbh Devlin agus a mhaisigh Brian Fitzgerald. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Leabhar Breac, ar son an leabhair, Cuairt san Nicolás a d’aistrigh Darach Ó Scolaí.

Déanaim comhghairdeas ó chroí le Leabhar Breac, Cló-Iar Chonnacht agus Futa Fata a bhfuil gradam foilsitheoireachta bronnta orthu inniu agus leis na tithe foilsitheoireachta ar fad a bhí ar ghearrliostaí na bliana seoa dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. Molaim an obair fhiúntach cheannródaíoch atá ar siúl i measc na dtithe foilsitheoireachta, scríbhneoirí, maisitheoirí agus aistritheoirí go léir a dhéanann cinnte go bhfuil sárfhoilseacháin i nGaeilge ar fáil do léitheoirí na Gaeilge”.

Ag an ócáid chéanna, sheol COMHAR, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilgean chéad chéim eile den tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúilPortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Bhronn Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Chollatáin, portráidí ar scríbhneoirí a bhí páirteach sa tionscadal in 2023 agus d’fhógair an Dr. Liam Mac Amhlaigh, eagarthóir Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, na scríbhneoirí a bheidh san áireamh in 2024: Ciara Éineacháin, Eithne Ghallchobhair, Majella Dhomhnaill, Matt Hussey, Michelle O Riordan, Ógie Ó Céilleachair, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Seán Ua Súilleabháin.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Chollatáin,“Tréaslaím le buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta, leis na foilsitheoirí féin, na húdair, na maisitheoirí agus na haistritheoirí uilig ar ghearrliostaí 2023. Léiríonn ardchaighdeán na bhfoilseachán an rogha fhairsing atá ar fáil i mbliana do léitheoirí Gaeilge idir óg agus fásta. Ábhar mórtais atá i liosta na Scríbhneoirí Gaeilge 2024 ó thaobh ilchineálacht na réimsí agus a bhfuil bainte amach ag na scríbhneoirí go dtí seo.”

TORTHAÍ

Is iad seo na leabhair a bhuaigh Gradaim Foilsitheoireachta 2023

GRADAM SHÚILLEABHÁIN Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta 

BÉAL NA PÉISTE

ScríbhneoirFionntán de Brún - €2,500 

FoilsitheoirCló Iar-Chonnacht - €5,000 

GRADAM RÉICS CARLÓ Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg 

Amuigh faoin Spéir

ÚdarSadhbh Devlin - €1,250 

MaisitheoirBrian Fitzgerald - €1,250 

FoilsitheoirFuta Fata - €5,000 

GRADAM DE BHALDRAITHE Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile 

CUAIRT SAN NICOLÁS

AistritheoirDarach Ó Scolaí - €500 

FoilsitheoirLeabhar Breac - €1,500 

Is féidir na leabhair a cheannach sna siopaí leabhair ar líne