Gradam Fhoras na Gaeilge d’Fhochéimí na Bliana bronnta ar Phádraig Mac Brádaigh

Bronnadh Gradam Fhoras na Gaeilge d’Fhochéimí na Bliana den chéad uair ar Phádraig Mac Brádaigh ag ócáid a reáchtáil gradireland i mBaile Átha Cliath ar an 10 Aibreán. Bhain naonúr fochéimithe a léirigh fís agus tiomantas don Ghaeilge an gearrliosta amach agus bhí na hiomaitheoirí, atá ag freastal ar réimse leathan cúrsaí agus coláistí, i láthair ag an ócáid san Aviva.

Is comórtas bliantúil é Gradaim gradireland a bhfuil de chuspóir aige fochéimithe eisceachtúla in Éirinn a aimsiú. Tacaíonn earcaitheoir iomráiteach céimithe le gach gradam, lena n-áirítear Deloitte, Aldi agus PWC, agus cuirtear duais ar fáil don bhuaiteoir chomh maith le deiseanna meantóireachta agus oibre. Bronnadh Gradam Fhoras na Gaeilge den chéad uair i mbliana.

Tá Pádraig Mac Brádaigh sa cheathrú bliain ag déanamh staidéar ar an Luath-Ghaeilge agus ar an Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide. Is as Nua-Eabhrac dó ó dhúchas agus cé gur as Éirinn dá mhuintir, tháinig sé go hÉirinn den chéad uair in 2018. Caitheann sé a shaol ar fad trí mheán na Gaeilge agus tá sé thar a bheith tiomanta dá cur chun cinn i ngach gné de shochaí na hÉireann. Roghnaíodh Pádraig le bheith páirteach i Scéim Cónaithe Gaeilge an choláiste agus bhí sé ar choiste Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide ar feadh dhá bhliain.

Dúirt Pádraig, “Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge i gceart nuair a bhí mé ceithre bliana déag d'aois ar an idirlíon go príomha. Thit mé i ngrá léi agus bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh céim sa Ghaeilge a dhéanamh ar an ollscoil. Mar sin féin, ní féidir siúl isteach i gcúrsa Gaeilge tríú leibhéal gan a chruthú go bhfuil sí agat cheana féin. Tháinig mé ar ais go hÉirinn in 2019 chun scrúdú A-Leibhéal na Gaeilge a dhéanamh i mBéal Feirste agus scrúdú de chuid Theastas Eorpach na Gaeilge a dhéanamh ionas go mbeadh cáilíochtaí agam sa Ghaeilge agus mé ag cur isteach ar ollscoileanna”.

Agus é ag feidhmiú mar Oifigeach na Gaeilge in Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide i mbliana, d'eagraigh sé feachtas dar teideal ‘An Tionscnamh Gaeilge’, a d’éirigh leis bua a fháil le 90% den vóta i reifreann stairiúil do mhic léinn Choláiste na Tríonóide. De bharr an bhua seo, beidh Oifigeach na Gaeilge ina ról lánaimseartha san Aontas feasta agus baileofar €80,000 le haghaidh tionscadail Ghaeilge i gcomhlachtaí mac léinn an Choláiste ag tosú sa bhliain 2025. Sa toghchán a lean an reifreann, toghadh mar chéad Oifigeach Gaeilge lánaimseartha an Aontais riamh é. Tá sé ag súil go mór le láithreacht na Gaeilge a threisiú sa Choláiste an bhliain seo chugainn.

“Tá suim mhór agam sa phleanáil teanga agus sa bheartas teanga agus ba mhaith liom a bheith ag obair sna réimsí sin amach anseo. Tá polasaithe Gaeilge agus a gcur i bhfeidhm in institiúidí ar fud na tíre laistigh agus lasmuigh den rialtas lárnach in athbheochan na teanga agus táim ag iarraidh na polasaithe seo a láidriú oiread agus is féidir le go mbeidh cothrom na Féinne ag an nGaeilge agus go mbeidh meas uirthi mar chéad teanga na hÉireann”, a dúirt sé.

Ag tréaslú a ghradaim le Pádraig, dúirt Bainisteoir Cumarsáide, Margaíochta agus Feasachta Fhoras na Gaeilge, Anna Davitt, “tá díograis agus tiomantas eisceachtúil don Ghaeilge léirithe ag Pádraig agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimhe in Oifigí Fhoras na Gaeilge sna míonna romhainn le léargas a thabhairt dó ar ár gcuid oibre.”

Críoch

Bhain ochtar fochéimithe eile gearrliosta Ghradam Fhoras na Gaeilge 2024 amach. Is iad sin:

  1. Siobhan Ní Chróinín, Baitsiléir Oideachais (Gaeilge & Gearmáinis), Coláiste na hOllscoile Corcaigh
  2. Catherine Finn, Oideachas agus Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
  3. Kate O'Sullivan, an Léann Gnó, Eacnamíochta agus Sóisialta, príomhábhar – Gnó, mionábhar – Eacnamaíocht, Coláiste na Tríonóide
  4. Aisling Nic Dhonnacha, Baitsiléir Eolaíochta, Eolaíochtaí Sóisialta Feidhmeacha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
  5. Éadaoin Ó Snodaigh, Ríomheolaíocht, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
  6. Titilayo Kareem, ADN agus Anailís Fhoiréinseach, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
  7. Sarah Ryan-Purcell, Baitsiléir Oideachais (Oideachas agus Siceolaíocht), Coláiste Mhuire Gan Smál
  8. Cian Mac Coisteala, Baitsiléir Ealaíon, Coláiste Mhuire Gan Smál