Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2024
Iarratais Oscailte
Tá Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana do Ghradaim Leabhar An Post 2024 oscailte d’iarratais anois.
Scrollaigh síos chun do leabhar a chur isteach.
Cinntigh le do thoil go gcomhlíonann na teidil a chuirtear isteach na riachtanais incháilitheachta go léir.
- Caithfidh an leabhar a bheith foilsithe laistigh de bhliain na nGradam, ie idir 1ú Samhain 2023 go dtí an 1ú Samhain 2024.
- Caithfidh an t-údar a bheith Éireannach, tré bhreith, saoránacht, nó cónaí orthu go fad-téarmach.
- Caithfidh an leabhar a bheith ina bhunchóip, ie ní féidir leis a bheith ina athchló nó aistriúchán de leabhar foilsithe cheana.
Cliceáil anseo le tuilleadh faoi na critéir a léamh: Faisnéis incháilitheachta agus eolas faoina gcatagóirí
Breithneoidh painéal ó thionscal na leabhar agus painéal criticeoirí agus léirmheastóirí ar na teidil a cuireadh isteach agus fógrófar comhdhéanamh na ngearrliosta ar an 23ú Dheireadh Fómhair.
Tabharfar fógra faoi rún d’fhoilsitheoirí ar éirigh leo roimh ré. De bharr líon na n-iarratas is oth linn a rá nach féidir linn gealltanas a thabhairt go mbeidh muid in ann fógra a thabhairt d’fhoilsitheoirí nár éirigh leo. Ní theastaíonn cóipeanna de theidil leabhair a cuireadh isteach ach amháin má tá do theidil ar an ngearrliosta agus NÍ ag céim na n-iarratas. Tá an rannóg seo oscailte do saothar eiseachtúil, cruthaitheach ficsin. (Caithfidh an leabhar a bheith ina bhunchóip, i.e. ní féidir leis a bheith ina athchló nó aistriúchán de leabhar atá foilsithe cheana.)
Iarrtar ar fhoilsitheoirí a chinntiú go mbeidh na teidil ar an ngearrliosta i gcló le linn thréimhse na nGradam agus caithfear cinntiú go mbeidh na teidil ar fáil ar an margadh Éireannach, i.e. go mbeidh siad ar fáil ó dháilitheoirí náisiúnta ag lascaine oiriúnach.
Dátaí Tábhachtacha
Iarratais dúnta – 9ú Lúnasa
Fógrófar an gearrliosta – 23ú Deireadh Fómhair
Gradaim Leabhar An Post 2024 – Dinnéar ceiliúrtha agus searmanas bronnta 27ú Samhain
Beidh an dinnéar ceiliúrtha agus an searmanas bronnta ar siúl san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath ar an 27ú Samhain. Cuirfear nuashonruithe suas go rialta ar suíomh gréasáin An Post Irish Book Awards https://www.irishbookawards.ie/
Critéir Incháilitheachta
Treoirlínte Ginearálta Incháilitheachta
Caithfidh gur foilsíodh an leabhar laistigh de bhliain reatha na ngradam, i.e. idir 1ú Samhain 2023 agus 1ú Samhain 2024. Caithfidh an leabhar a bheith mar bhunsaothar i.e. ní athchló ná aistriúchán nó cóiriú leabhair a foilsíodh roimhe seo. Litríocht chruthaitheach ficsin do dhaoine fásta atá i gceist.
Tábhachtach:
Is do litríocht chruthaitheach ficsin do dhaoine fásta (ficsean nuascríofa) a bhfuil Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na bliana seo oscailte di.
Riachtanais Bhreise
Iarrtar ar fhoilsitheoirí a chinntiú go mbeidh na teidil atá ar an ngearrliosta i gcló tráth na ngradam.
Ní mór d’fhoilsitheoirí a chinntiú go mbíonn na teidil atá ar an ngearrliosta ar fáil go ginearálta i margadh na hÉireann, i.e ar fáil ó na mórdhíoltóirí náisiúnta ar lascainí cuí.
Ní mór d’fhoilsitheoirí gealltanas a thabhairt freisin tacú le feachtas IBAS agus an leis an searmannas bronnta, ag cinntiú go mbeidh aon údar ar an ngearrliosta ar fáil le freastal air.
Ba cheart d’fhoilsitheoirí 13 chóip de gach teideal ar an ngearrliosta a sholáthar. (Ní theastaíonn cóipeanna ach má tá do theidil ar an ngearrliosta agus NÍ ag céim na n-iarratas).
Is faoi rogha chomhlacht feidhmiúcháin na nGradam a dhéanfar breithiúnas ar gach saincheist incháilitheachta agus níl aon dul thar an gcinneadh a dhéanann siad.
Téarmaí agus Coinníollacha:
Tá Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2024 oscailte do leabhair ficsin nuascríofa do dhaoine fásta i nGaeilge a foilsíodh idir an 1ú Samhain 2023 & an 1ú Samhain 2024.
Caithfidh na hiontrálaithe rathúla a bheith ar fáil chun freastal ar an searmanas bronnta i mBaile Átha Cliath an 27ú Samhain 2024.
Ní cheadófar iarratas ó aon údar atá ina bhall den phainéal breithnithe neamhspleách, a bhfuil baint aige le riarachán na Irish Book Awards nó atá gaolta le haon duine a bhfuil baint aige leis na Gradaim nó leis an bpainéal moltóireachta.
Tá cead ag údair a rinne iarratais reatha nó roimhe seo le IBA cur isteach ar na gradaim.
Conas Iarratas a Dhéanamh:
Ní féidir iontrálacha a chur isteach ach tríd an bhfoirm thíos.
Is é an 9ú Lúnasa 2024 an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha.
Ní mór an fhoirm iontrála a chomhlánú ina hiomláine.
Glactar le haon iontráil a cuirtear isteach mar dheimhniú go bhfuil an t-iontrálaí ag glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha iontrála go léir.
Caithfidh an páirtí a chuireann isteach an iontráil gealltanas a thabhairt tacú leis an bhfeachtas IBA agus má tá sé ar an ngearrliosta, caithfidh sé freastal ar an searmannas bronnta ar a gcostas féin.
Sula ndéanann tú iontráil thíos déan cinnte go bhfuil Téarmaí agus Coinníollacha iontrála seiceáilte agat anseo.
Formáid na nIarratas:
Ba cheart ainm an údair agus an ainm an fhoilsitheora a shonrú ar an bhfoirm iarratais.
Breithiúnas:
Breithneofar ar gach aighneacht go hanaithnid.
Níl aon dul thar an gcinneadh a dhéanann an Painéal Moltóireachta.
Má tá aon cheist ann maidir leis na téarmaí agus coinníollacha nó go deimhin maidir le haon ghné eile de na Gradaim, is féidir iad seo a sheoladh ar ríomhphost chuig gradamanpost@lorgmedia.ie
De réir na reachtaíochta GDPR, coimeádtar an fhaisnéis go léir a bhailítear sa phróiseas iarratais go docht, faoi rún agus ní úsáidfidh na heagraithe í ach chun teagmháil a dhéanamh leo siúd a bhfuil baint acu leis an bpróiseas i dtaca le Gradam Love Leabhar Gaeilge le Foras na Gaeilge.