Inis Mara le Tristan Rosenstock i measc 15 leabhar atá fógartha le haghaidh Lá Domhanda na Leabhar 2024

Roimh an gceiliúradh ar an 7 Márta 2024, tá bród ar Fhoras na Gaeilge gurb é Inis Mara le Tristan Rosenstock, arna mhaisiú ag Mark Wickham agus arna fhoilsiú ag LeabhairCOMHAR atá roghnaithe mar leabhar Gaeilge Lá Domhanda na Leabhar 2024. Tá an leabhar i gcuideachta cúig leabhar déag £1/€1.50 agus Lá Domhanda na Leabhar fós ag spreagadh páistí spraoi a bheith acu leis an léitheoireacht agus rogha a thabhairt do gach páiste maidir leis an méid a léann siad.  

Beidh páistí agus daoine óga ábalta Inis Mara a fháil saor in aisce ach é a mhalartú le dearbhán leabhair £1/€1.50 Lá Domhanda na Leabhar. Scaipfear dearbháin trí scoileanna, suíomhanna luathbhlianta, agus i raon d’irisí do pháistí, agus is féidir iad a fhuascailt i siopaí leabhar áitiúla agus ag miondíoltóirí atá ag glacadh páirte ón 15 Feabhra go dtí an 31 Márta. Cuirfear Inis Mara ar fáil go hinrochtana i bhformáidí braille agus digiteach an dara bliain as a chéile i gcomhpháirt le Comhairle Náisiúnta na nDall in Éirinn, agus in éineacht le The Curious Case of the Irish Yeti: Molly Malone and Bram Stoker le Alan Nolan agus arna mhaisiú ag Shane Cluskey, arna fhoilsiú ag The O’Brien Press. 

Dúirt Cassie Chadderton, Príomhfheidhmeannach Lá Domhanda na Leabhar, “Is é misean ár gcarthanais páistí a spreagadh léamh ar son pléisiúir. Táimid ag iarraidh tacú leis an oiread sin páistí agus is féidir spraoi a bheith acu leis an léitheoireacht agus i mbliana táimid ag iarraidh roghanna léitheoireachta na bpáistí a cheiliúradh níos mó ná riamh, go háirithe maidir le céard agus conas a léann siad.  

Is leabhar inspioráideach é Inis Mara a thaitneoidh le daoine óga agus tá an oiread sin lúcháire orainn gur roghnaíodh é mar ár leabhar Gaeilge i mbliana. Tá sé ar liosta iontach de leabhair thaitneamhacha agus tharraingteacha a mhúsclóidh spéis páistí agus a spreagfaidh léitheoireacht ar son pleisiúir!” 

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Tá lúcháir orainn ár dtacaíocht leanúnach a fhógairt do Lá Domhanda na Leabhar Éire agus leabhar Gaeilge san áireamh san fheachtas den tríú bliain as a chéile. Tar éis an ratha a bhí ar dhá leabhar Gaeilge do luathléitheoirí, tá lúcháir orainn go dtabharfaidh an leabhar i mbliana deis do léitheoirí líofa taitneamh a bhaint as scéal eachtraíochta Gaeilge faoin athrú aeráide, an luach a bhaineann le bheith ag obair le daoine eile, agus an tábhacht a bhaineann leis an bhfírinne mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar 2024. Tá lúcháir orainn go mbeidh an Ghaeilge ag croílár an fheachtais in Éirinn arís eile. Tá tréan ábhar agus acmhainní ar fáil do Lá Domhanda na Leabhar 2024: le closleabhair Ghaeilge, pacáistí eolais dátheangacha agus dearbháin leabhair do scoileanna san áireamh.” 

 

Arsa údar Inis Mara, Tristan Rosenstock, “Is tionscnamh iontach é Lá Domhanda na Leabhar Éire agus is mór an tógáil croí é a bheith ag smaoineamh go léifidh na mílte léitheoir óg ar fud na tíre Inis Mara. Tugann an léitheoireacht ar son spraoi deis dúinn go léir dul go háiteanna eile, agus ar Lá Domhanda na Leabhar tá súil agam go n-éalóidh léitheoirí óga go hInis Mara agus go leanfaidh siad eachtraí Éabha agus í ag dul i ngleic le ceannaire santach atá ag scriosadh an phláinéid ar mhaithe leis féin.” 

Féach an rogha iomlán leabhar £1/€1.50 do 2024 ag worldbookday.com/books.   

 

Críoch 

Is féidir le siopaí agus díoltóirí leabhar atá ag glacadh páirte cóipeanna de Inis Mara do Lá Domhanda na Leabhar a ordú ó Áis ag ais@forasnagaeilge.ie nó (01) 661 6522 

Tuilleadh eolais 

Maidir le Inis Mara 

Bhí saol breá ag muintir Inis Mara agus bhí gach duine sona sásta. Ach nuair a cheaptar an Santóir mar cheannaire, téann gach rud in olcas agus milleann sé an t-oileán álainn le haer salach. Tá cailín cróga ar an oileán a spreagann gach duine chun seasamh a thógáil agus beartaíonn Éabha a dícheall a dhéanamh chun an Santóir a stopadh. 

Scéal comhaimseartha eachtraíochta atá anseo a bhaineann le cúrsaí athrú aeráide, leis an tábhacht a bhaineann le bheith ag comhoibriú le daoine eile, agus le tábhacht na fírinne. Bainfidh léitheoirí óga agus aosta taitneamh agus tairbhe as eachtraí Éabha agus í ag iarraidh a pobal a thabhairt slán ón gceannaire cam atá ag milleadh an oileáin. Agus meabhraíonn an scéal dúinn arís is arís eile gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. 

Mar gheall ar Lá Domhanda na Leabhar  

Athraíonn Lá Domhanda na Leabhar saol daoine trí ghrá do leabhair agus don léitheoireacht. Is é ár misean an léitheoireacht ar son pléisiúir a chur chun cinn, ag tairiscint do gach páiste agus duine óg deiseanna leabhar dá gcuid féin a bheith acu. Is í an léitheoireacht ar son pléisiúir an táscaire aonair is mó le haghaidh rath an pháiste amach anseo – níos mó ná cúinsí a dteaghlaigh, cúlra oideachais a dtuismitheoirí nó a n-ioncam. Táimid ag iarraidh go mbeidh nós léitheoireachta ar son pléisiúir ar feadh a saoil ag níos mó páistí, go háirithe iad siúd ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, agus go mbeidh na deiseanna feabhsaithe saoil acu a thugann seo dóibh. Agus é ainmnithe ag UNESCO mar cheiliúradh domhanda leabhar agus léitheoireachta, déantar Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh i níos mó ná 100 tír timpeall an domhain.  

www.worldbookday.com   

Le tuilleadh eolais a fháil faoi Lá Domhanda na Leabhar Éire 2024 téigh chuig www.worldbookday.com/about-us/ireland