Lá Stairiúil agus Céad Chruinniú an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge tionólta inniu

Bhuail Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D., le comhaltaí an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge inniu, an 25 Iúil 2022, nuair a tháinig siad le chéile den chéad uair i bhfoirgneamh Fhoras na Gaeilge i lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Rinneadh an Coiste a bhunú an mhí seo caite, i gcomhréir le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a síníodh ina dhlí i mí na Nollag anuraidh. Tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán freagrach as rúnaíocht a chur ar fáil don Choiste.

Tá clár oibre uaillmhianach amach roimh an gCoiste, le Plean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge le hullmhú acu laistigh de dhá bhliain ó bhunú an Choiste. Sa Phlean Náisiúnta seo, beidh gá aird a thabhairt ar chuspóirí foriomlána an Achta, m.sh. gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030 agus go mbeidh spriocdhátaí le socrú ag an Aire faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí mheán na Ghaeilge agus faoina mbeidh oifigí poiblí lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

Cuireadh tús leis na himeachtaí leathlae seo ar maidin ag a 10r.n. agus ar an gclár bhí cur i láthair ón gCathaoirleach eatramhach, an Dr. Aodhán Mac Cormaic, ar an Acht agus téarmaí tagartha agus cáipéisí riaracháin eile de chuid an Choiste le haontú acu.

Ba é an t-ábhar plé is suntasaí ar an lá áfach ná cur chuige ó thaobh an Phlean Náisiúnta agus an taighde a d’fhéadfaí a choimisiúnú ina leith a aontú. Chuige sin, tá cinnte ag an gCoiste anois go ndéanfar Iarratas ar Thairiscint a lorg don taighde úd seo ar an modh soláthair oscailte trí etenders.gov.ie roimh dheireadh mí Lúnasa. Déanfar an próiseas soláthair seo a fhógairt arís trí phreasráiteas agus é curtha sa tsiúl.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tAire Stáit Chambers:

“Leis na céad céimeanna tábhachtacha tógtha ag an gCoiste anois ó thaobh an Phlean Náisiúnta a chur i dtoll a chéile agus cinneadh tógtha acu taighde a choimisiúnú ina leith, tá borradh maith curtha ag an gCoiste lena chuid oibre cheana féin. Ní mór an méid é dhá bhliain nuair a bhreathnaíonn tú ar an méid atá le cuimsiú sa Phlean Náisiúnta. Mar sin tá sé thar a bheith tábhachtach nach gcailltear aon am ag gníomhú air. Tá tuiscint agus tiomantas an Choiste i leith an méid atá le baint amach acu léirithe go soiléir acu dom inniu.”     

Tá beartaithe go dtiocfaidh an Coiste le chéile gach mí.